Bhí rialacha daingne riamh ag baint le peataí a thabhairt isteach in Éirinn, lena chinntiú nach dtaharfaí galair ar nós confaidh isteach sa tír. Ón 1 Eanáir 2012, rinneadh roinnt athruithe ar chóras an AE maidir le Pasanna do Pheataí a thugann cead do chait, do mhadraí agus d’fhiréid taisteal idir ballstáit an AE. Deimhníonn Pas Peata an AE go bhfuil micrishlis aitheantais ag an bpeata agus gur tugadh vacsaíniú in aghaidh confaidh don pheata. Beidh gá le tástail fola a dhéanamh ar pheataí ó thíortha ardbhaoil neamh-AE – féach ‘Tíortha neamh-incháilithe ardbhaoil’ thíos.
Más mian leat madra, cat nó firéad a thabhairt isteach in Éirinn as aon bhallstát/limistéar de chuid an AE, lena n-áirítear an RA, ní mór duit Pas Peata an AE a bheith agat don pheata, (tá an doiciméad seo mar a chéile ar fud an AE). Ar a shon sin, de bharr nach ann do chonfadh go dúchasach sa RA ná in Éirinn, ní bheidh seiceálacha comhlíonta ar bun ar pheataí a thaistealaíonn idir an RA agus Éirinn.
Deimhníonn an Pas:
Tá níos mó faisnéise faoi riachtanais iontrála le haghaidh madraí, cat nó firéad ón AE agus ó chríocha áirithe eile den AE ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Is féidir le haerlínte atá cláraithe leis an Roinn an cinneadh a dhéanamh chun peataí a iompar a chomhlíonann na rialacháin thuas. Is féidir le peataí comhlíontacha taisteal ar aon bhád farantóireachta. Ní mór don pheata taisteal lena (h)úinéir nó le duine atá ag gníomhú thar ceann an úinéara (ní féidir le peataí taisteal go hÉirinn leo féin faoi Chóras Phas Peata an AE).
Ag taisteal san aer: Mura gcomhlíonann an peata na bunriachtanais, d’fhéadfadh an Roinn an cinneadh a dhéanamh an peata a chur ar ais chuig an tír as ar tháinig sé/sí nó an peata a chur in ionad coraintín ar feadh tréimhse 4 mhí ar a mhéid ar chostas an úinéara.
Ag taisteal ar bhád farantóireachta Tugtar faoi
sheiceálacha sa Fhrainc sula dtéitear ar bord an bháid farantóireachta.
Mura bhfuil aitheantas ag peata, beidh ar úinéirí a bpeata a shainaithint/a
shainaithint athuair agus a vacsaíniú laistigh de 21 lá. Mura gcomhlíontar
riachtanas an vacsaínithe, beidh ar úinéirí an peata a vacsaíniú sa chás
cuí, agus fanacht le héag na tréimhse 21 lá. Mura ndearnadh madra a
vacsaíniú in aghaidh péist ribíneach agus tá ag na húinéir dóthain ama
le cuairt a thabhairt ar an tréidlia sula dtéitear ar bord an bháid,
ceadaítear don pheata taisteal ar an mbád.
Más mian leat madra nó cat a thabhairt isteach in Éirinn as tír lasmuigh den AE, is ann do 2 chatagóir de na tíortha seo: tíortha incháilithe ísealbhaoil agus tíortha neamh-incháilithe ardbhaoil. Is féidir leat seiceáil má tá do thír bhunúis ar an liosta tíortha incháilithe ísealbhaoil (pdf). Mura bhfuil an tír ar an liosta seo, tá do thír bhunúis ar an liosta neamh-incháilithe ardbhaoil.
Ní mór an méid a lenas san ord a leanas a dhéanamh le do pheata ó thír incháilithe ísealbhaoil neamh-AE:
Más ag teacht ó thíor neamh-incháilithe ardbhaoil atá tú, ní mór an méid a leanas a dhéanamh le do pheata:
Ní mór an t-ainmhí a iompar san aer chuig Éirinn ar aerlíne ceadaithe nó is féidir le húinéirí iarratas a chur ar an Roinn ar chead roimh ré. Ar aerlíne isteach in Aerfort Bhaile Átha Cliath is ea an iontráil chuig Éirinn. Aistrítear an peata chuig an áis choraintín lena (h)imscrúdú an lá céanna le seiceáil an gcomhlíonann an peata na bunriachtanais. Beidh ar úinéir an pheata íoc as socruithe, lena n-áirítear costasis.
Mura gcomhlíonann an peata na bunriachtanais, féadfaidh an Roinn an cinneadh a dhéanamh:
Tá níos mó faisnéise faoi bhunriachtanais le haghaidh madraí, cat nó firéad lasmuigh den AE nó de thíortha áirithe eile AE ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Má tá peata cait, madra nó firéid á iompórtáil agat isteach in Éirinn ó bhallstát den AE nó ó thíortha áirithe eile den AE, ba cheart duit a shocrú le do thréidlia micrishlis a ionchlannadh sa pheata agus é/í a vacsaíniú (san ord sin), agus Pas Peata an AE a fháil ón údarás inniúil sa bhallstát bunúis den AE.
Má tá peata cait, madra nó firéid á iompórtáil agat isteach in Éirinn ó thír incháilithe ísealbhaoil, ba cheart duit a shocrú le do thréidlia micrishlis a ionchlannadh sa pheata agus ansin an peata a vacsaíniú (san ord sin).
Má tá peata cait, madra nó firéid á iompórtáil agat isteach in Éirinn ó thríú tír incháilithe, ba cheart duit a shocrú le do thréidlia micrishlis a ionchlannadh sa pheata, an peata a vacsaíniú agus ansin tástáil fola a dhéanamh ar an bpeata (san ord sin).
Déan teagmháil le tréidlia áitiúil nó leis an údarás inniúil le faisnéis a fháil faoin Deimhniú Tréidliachta do Mhadraí, do Chait agus d’Fhiréid Bhaile a iontrálann an Comhphobal Eorpach.
Aonad na dTionscadal Speisialta
Lár Urlár 4
An Teach Talmhaíochta
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+ 353 1 607 2827
Lóghlao:1890 504 604
Láithreán Gréasáin: http://www.agriculture.gov.ie/pets
R-phost: pets@agriculture.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.