Sula dtagann tú go hÉirinn

Réamhrá

Sula dtagann tú go hÉirinn, caithfidh gur fios duit an bhfuil tú i dteideal cónaí anseo. Braitheann an ceart atá agat cónaí in Éirinn go príomha ar do náisiúntacht agus ar an méid atá ar intinn agat a dhéanamh nuair a thiocfaidh tú anseo.

Víosaí agus cead chun Éire aiontráil

Tá roinnt rialacha ginearálta ann a bhíonn i gceist gan aird ar an bhfáth go bhfuil tú ag teacht go hÉirinn.

Náisiúnaigh an RA: Tá daoine ar saoránaigh na Ríochta Aontaithe (an RA) iad i dteideal cónaí in Éirinn gan aon choinníollacha ná srianta.

An LEE agus an Eilvéis: Go ginearálta, bíonn an ceart ag náisiúnaigh thíortha an LEE nó na hEilvéise, Éire a iontráil. Ní theastaíonn víosa uait ach teastóidh pas bailí nó cárta aitheantais uait chun teacht i dtír. Is gnách go mbíonn tú i dteideal cónaí in Éirinn má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe. Tá tú i dteideal teacht anseo chun staidéar a dhéanamh nó chun dul ar scor anseo má shásaíonn tú coinníollacha áirithe.

Is féidir le do theaghlach teacht go hÉirinn freisin, ach b’fhéidir go mbeidh víosa chun Éire a iontráil ag teastáil mura saoránach an LEE nó na hEilvéise iad féin.

Tíortha eile: B’fhéidir go mbeidh ar shaoránaigh thíortha eile iarratas a dhéanamh ar víosa. Má theastaíonn nó mura dteastaíonn víosa uait, teastaíonn cead uait le hÉirinn a iontráil agus le cead a fháil chun fanacht anseo.

Ag teacht go hÉirinn chunoibriú

B’fhéidir go dteastóidh cead fostaíochta uait le hoibriú in Éirinn, nó cead uait le gnólacht a oscailt, mura bhfuil tú i gceann de na catagóirí thíos:

Is féidir le saoránaigh an RA cónaí agus oibriú in Éirinn gan srian. Má tá daoine muinteartha agat ó áiteanna lasmuigh den RA, an LEE, an RA nó an Eilvéis, caithfidh siad cur isteach ar thú a thionlacan in Éirinn.

Tá ceart ag saoránaigh an LEE agus na hEilvéise oibriú nó gnólacht a bhunú in Éirinn. Tá tú i dteideal go gcaithfear leat ar an mbealach céanna a chaitear le hoibrithe Éireannacha. Tá tú i dteideal go ndéanfaidh daoine muinteartha thú a thionlacan go hÉirinn.

Is féidir le daoine óga ó thíortha áirithe lasmuigh den RA, an LEE nó an Eilvéis iarratas a dhéanamh teacht go hÉirinn ar saoire oibre.

Ag teacht go hÉirinn chun staidéara dhéanamh

B’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa mic léinn sula dtaistealóidh tú go hÉirinn le staidéar a dhéanamh. Mura dteastaíonn víosa uait, teastaíonn cead uait go fóill le hÉirinn a iontráil. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú a thaispeáint go gcomhlíonann tú na coinníollacha chun staidéar a dhéanamh in Éirinn. Bíonn rialacha éagsúla i gceist le haghaidh cúrsaí gearrthéarmacha.

Eolas ginearálta faoi chónaí in Éirinn

Ag filleadh ar Éirinn: Cuirtear eolas ar fáil inár mír ar fhilleadh ar Éirinn faoi cad ba cheart a bheith ar eolas agat má tá sé ar intinn agat filleadh ar Éirinn i ndiaidh bheith ag cónaí thar lear.

Ag dul ar scor in Éirinn: Aimsigh eolas faoi fhilleadh ar Éirinn chun dul ar scor, nó ar bhogadh go hÉirinn chun dul ar scor.

An Rialtas: Daonlathas parlaiminteach í Éire. Tá ceart vóta a chaitheamh ag gach cónaitheoir i dtoghcháin áitiúla agus tá an ceart ag saoránaigh an AE freisin vóta a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha. Tá ceart vótála ag saoránaigh an RA i dtoghcháin náisiúnta freisin. Is féidir eolas breise a léamh faoin rialtas náisiúnta agus rialtas áitiúil.

Cáin agus ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh: Má tá tú ag oibriú nó féinfhostaithe, caithfidh tú ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc ar an mbealach céanna a íocann Éireannaigh iad. Má tá cónaí ort in Éirinn, b’fhéidir go mbeidh ort cáin ioncaim agus cánacha caipitil a íoc. Tá rialacha sonracha ann faoi chónaitheacht ar chuspóirí cánach.

Oideachas: Tá bunoideachas agus oideachas meánscoile saor in aisce ar fáil do gach leanbh faoi bhun aois 18 mbliana a bhfuil cónaí dleathach orthu in Éirinn. Tá roinnt bunscoileanna agus meánscoileanna as a n-íoctar táillí ar fáil freisin. Tá freastal ar an scoil éigeantach go dtí aois 16 bliana.

Comhionannas: Tá reachtaíocht chomhionannais ag Éirinn a chuireann toirmeasc ar idirdhealú i bhfostaíocht agus rochtain ar sheirbhísí ar roinnt foras, náisiúntacht agus cineál san áireamh.

Tithíocht: Cónaíonn roinnt daoine i dtithíocht phríobháideach úinéir-áitithe agus cónaíonn roinnt daoine i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Tá tithíocht shóisialta ar fáil ach is gnách go mbíonn ort bheith i do chónaí in Éirinn ar feadh tréimhse ama sula mbeidh tú i dteideal é a fháil.

Seirbhísí sláinte: Má tá gnáthchónaí ort in Éirinn, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal réimse seirbhísí sláinte a fháil atá saor in aisce nó a gcuireann an Rialtas fóirdheontas ar fáil dóibh. Tá réimse seirbhísí príobháideacha cúraim sláinte ar fáil freisin. Féadtar a áireamh le do chead chun fanacht in Éirinn riachtanas go bhfuil árachas sláinte príobháideach agat.

Teidlíochtaí slándála sóisialaí: Má tá tú ag bogadh go hÉirinn, caithfidh gur fios duit do theidlíochtaí slándála sóisialaí. Baineann na rialacha ginearálta faoi shlándáil shóisialach d’oibrithe imirceacha le náisiúnaigh an LEE agus na hEilvéise.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialta: Tá ar gach duine, saoránaigh Éireannacha san áireamh, riachtanas an ghnáthchónaithe a shásamh má bhíonn siad ag cur isteach ar íocaíocht cúnaimh shóisialta. Baineann rialacha éagsúla le saoránaigh an LEE.

Peataí: Tá rialacháin ann faoi pheataí a iompórtáil ó áiteanna thar lear, mar sin, ní foláir duit eolas a aimsiú faoi na nósanna imeachta chun do pheata a thabhairt go hÉirinn.

Custaim: Tá rialacháin chustam ann faoi earraí coiscthe nó srianta a iompórtáil agus tá an chumhacht ag oifigigh Chustam agus Mhál tabhairt faoi chuardaigh ar bhagáiste daoine a thaistealaíonn go hÉirinn.

Tiomáint, gluaisteáin agus iompar: Aithnítear ceadúnais tiomána iomlána ó gach ballstáit eile an AE (agus ó roinnt tíortha eile) lena n-úsáid in Éirinn. Ba cheart duit a dheimhniú an gá duit do cheadúnas a iompú ina cheadúnas tiomána Éireannach. Más mian leat do ghluaisteán a thabhairt go hÉirinn, ní mór duit eolas a fháil faoi ghluaisteán a iompórtáil agus na himpleachtaí maidir le Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF).

Eolas breise

Is féidir leat eolas breise a fháil ó ambasáid nó consalacht na hÉireann is giorra duit nó ó ambasáid nó consalacht do thíre in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Samhain 2023