Is dea-thaithí é a bheith ag obair i dtír eile agus is bealach an-mhaith é chun do thaithí saoil agus do dhul chun cinn sa saol oibre a fheabhsú. Beidh taisteal go háiteanna nua i gceist le hobair taobh amuigh den AE agus is féidir go dtabharfadh sé an deis duit slí beatha nua a thriáil nó scil nó cáilíocht atá agat a fhorbairt. Tá sé tábhachtach a chuimhniú ón tús, áfach, gur féidir leis go leor ama a ghlacadh post a fháil i dtír eile agus go dtógfaidh sé diongbháilteacht agus smaoineamh cúramach agus réamhphleanáil.
Má tá an cinneadh déanta agat go bhfuil tú ag iarraidh oibriú taobh amuigh den AE nó go bhfuil tú dod' chur ann tríd an fhostaíocht atá agat faoi láthair, ní mór duit mar shampla roinnt saincheisteanna tábhachtacha a thógáil san áireamh nach mbeadh ort smaoineamh orthu agus tú ag obair san AE. Mar shampla, is féidir go dteastódh víosa oibre nó ceadúnas oibre uait sular féidir leat tosnú ag obair sa tír atá roghnaithe agat.
Is buntáiste atá ann smaoineamh ar dhifríochtaí eile, ar nós teanga, cultúr agus aeráid. Is féidir go mbeadh difríochtaí suntasacha i gcleachtais oibre, uaireanta oibre agus i mbealaí chun cur isteach ar phost.
Má tá tír áirithe cinnte agat, ba chóir duit taighde ar na deiseanna agus seansanna oibre a dhéanamh agus á fáil amach an bhfuil gá duit víosa nó cead oibre a bheith agat. Is féidir leat an t-eolas seo go léir a sheiceáil roimh ré tré dul i dteagmháil le hambasáid/consalacht na tíre a bhfuil tú ag taisteal chuici. Tá liosta iomlán de na ambasáide eachtracha in Éirinn (pdf) le fáil ón suíomh gréasáin Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Is féidir an t-idirlíon agus na páipéir a sheiceáil chun eolas faoi phoist a fháil. Má tá cáilíocht ardoideachais nó breisoideachais agat d'fhéadfá faigh amach an bhfuil do cháilíochtaí aitheanta thar lear.
Téigh i dteagmháil le hambasáid nó le consalacht na hÉireann sa tír ina mbeidh tú ag obair d'fhonn an oiread faisnéise agus is féidir a fháil roimh thaisteal ann duit. (Tá tábhacht faoi leith leis seo maidir leis na riachtanais i dtaobh víosaí iontrála agus cead oibre). Is foinsí eile úsáideacha iad eagraíochtaí inimirceacha, easaoránacha nó Éireannacha sa tír ina mbeidh tú i do chónaí agus ag obair.
Seo thíos forbhreathnú ar na riachtanais chun taisteal chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Astráil agus an Nua Shéalainn:
Teastaíonn víosa uait chun dul chuig an Astráil ag obair. Tá faisnéis do dhaoine atá ag teacht chun oibriú san Astráil le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Inimirce agus Saoránachta san Astráil. Cuimsítear sna cineálacha víosa cinn le haghaidh gairmithe agus oibrithe oilte agus cinn le haghaidh daoine atá faoi choimirce fhostóirí. Ó 1 Iúil 2011 beidh athruithe ar thástáil pointí agus aoisteorainn d'iarratasóirí imirceacha oilte. Is féidir leat faisnéis a fháil faoi aitheantas do cháilíochtaí eachtracha agus measúnú scileanna. Tá víosa saoire oibre ann do dhaoine fásta óga, atá 30 bliana d’aois nó níos óige, a chuireann ar a gcumas cónaí agus oibriú san Astráil ar feadh bliana.
Más mian leat dul chun cónaí agus oibriú go buan i gCeanada, tá víosaí éagsúla d’inimircigh ann, cosúil le hoibrithe oilte agus oibrithe faoi urraíocht teaghlaigh. Tá córas pointí ann d’oibrithe oilte bunaithe ar a leibhéil cháilíochtaí agus ar a gcuid taithí. Is féidir leat faisnéis a fháil faoi oibriú i gCeanada agus faoi aitheantas do cháilíochtaí eachtracha i gCeanada. Ó 1 Aibreán 2011 tá an Clár um Oibrithe Eachtracha Sealadacha athraithe. Tá víosa saoire oibre ann freisin a chuireann ar chumas dhaoine óga cónaí agus oibriú i gCeanada ar feadh bliana.
Teastaíonn víosa uait chun dul chuig an Nua Shéalainn ag obair. Is é an víosa an imircigh oilte an gnáthbhealach a fhaightear cead oibriú sa Nua Shéalainn. Tugtar na víosaí seo de réir córais phointí atá bunaithe ar cháilíochtaí agus ar scileanna. Má tá tú ag cuimhneamh ar oibriú sa Nua Shéalainn, is féidir leatfaisnéis faoi aitheantas do cháilíochtaí a fháil. Tá faisnéis faoi chónaí agus oibriú sa Nua Shéalainn ar láithreán gréasáin Inimirce Rialtas na Nua Shéalainne. Cuireann an scéim víosa saoire oibre ar chumas dhaoine fásta óga, atá 30 bliana nó níos óige, cónaí agus oibriú sa Nua Shéalainn ar feadh bliana.
Más mian leat bogadh go Stáit Aontaithe Mheiriceá beidh víosa inimircigh ag teastáil uait. Tá faisnéis faoi víosaí chun dul ar imirce chuig na Stáit Aontaithe ar fáil ar láithreán gréasáin ambasáid na Stáit Aontaithe i mBaile Átha Cliath. Is féidir leat féachaint ar láithreán gréasáin faisnéise víosa sainiúil an Bhiúró um Ghnóthaí Consalacha de chuid Roinn Stáit na Stáit Aontaithe freisin. Tá cineálacha éagsúla víosaí inimircigh ar fáil, tá an formhór díobh bunaithe ar urraíocht ó bhall teaghlaigh nó ó fhostóir ionchais. Bealach eile chun víosa a fháil ná cur isteach ar an gcrannchur Víosa Ilchineálachta. Gheobhaidh tú faisnéis maidir le haitheantas do cháilíochtaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar láithreán gréasáin Roinn Oideachais na Stát Aontaithe.
Tugann an Clár Píolótach um Thaisteal agus Obair Intéirnigh deis do scoláirí iarbhunscoile agus céimithe nua Éireannacha oibriú agus taisteal mar intéirnigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar feadh suas le 12 mhí. Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí eagraíocht urraithe sannta.
Is comhaontuithe idir tíortha atá i scéimeanna saoire oibre a chuireann ar chumas dhaoine óga dul chun cónaí agus oibriú i dtír eile ar feadh bliana. Tá comhaontuithe saoire oibre ar bun idir Éire agus rialtais na dtíortha seo a leanas - an Airgintín, an Astráil, Ceanada, Hong Cong, an tSeapáin, an Nua Shéalainn agus an Choiré. Tá comhaontú idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin do chlár 12 mhí oibre agus taistil do dhaoine fásta óga.
Tá faisnéis agus sonraí iarratais san Guide
to Working Holiday Schemes (pdf) arna fhoilsiú ag an Crosscare Migrant Project.
Féach thuas chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le saoirí oibre san
Astráil, i gCeanada, sa Nua Shéalainn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá liosta de na rudaí nach mór a chur san áireamh roimh imeacht mar a leanas:
Tá tuilleadh
eolais agus bileog maidir le Éire
a fhagáil (pdf) chun oibriú thar lear ar fáil ar suíomh gréasáin
Crosscare Migrant Project.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.