Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus tá am caite agat ag obair i dtír atá ag forbairt, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann ranníocaíochtaí creidiúnaithe árachais shóisialaigh a fháil maidir leis an tréimhse a chaith tú ag obair thar lear chomh maith le haon tréimhse ullmhúcháin roimh ré. Faoin Scéim na nOibrithe Forbartha Deonacha (OFD) tugtar creidmheasanna OFD ar na ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh chreidiúnaithe seo agus tá siad i bhfeidhm in Éirinn ón 6 Aibreán 1983.
Tugann ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh deis duit leas a bhaint as réimhse sochar atá dhá riaradh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh tú ar an eolas maidir leis na creidmheasanna seo mar gheall go dtugann siad cúnamh duit sochair faoi leith leasa shóisialaigh agus pinsin a fháil nuair a thagann tú abhaile ón tír atá ag forbairt.
Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat go bhfuil roinnt de na coinníollacha cáilíochta don Sochar Máithreachais, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta agus Sochar Cóir Leighis maolaithe d'Oibrithe Forbartha Deonacha (OFD) a thagann abhaile. Tá sé an-tábhachtach mar sin go ndeireann tú gur Oibrí Forbartha Deonach (OFD) thú atá ag filleadh abhaile nuair a thagann tú ar ais go hÉirinn agus nuair atá éileamh dhá dhéanamh agat ar shochar nó teidlíocht leasa shóisialaigh.
Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí síos ar Oibrithe Forbartha Deonacha mar dhaoine atá ag obair go sealadach taobh amuigh d'Éirinn ar Théarmaí Deonacha i dtír atá ag forbairt agus sa chás go bhfuil a gcuid fostaíochta eagraithe ag nó tríd:
Ciallaíonn Téarmaí Deonacha go bhfuil an íocaíocht (tuarastal/pá) a fhaigheann tú don obair a dhéanann tú ag dul le rátaí áitiúla pá sa tír atá ag forbairt).
Déanann Cúnamh Éireann monatóireacht ar na riachtanais seo.
Ar mhaithe leis an scéim seo is ionann tír atá ag forbairt agus aon tír ainmnithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhair leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Chomh maith le sin, tá tíortha ainmnithe ina dTíortha atá ag Forbairt ag na Náisiúin Aontaithe, ag an mBanc Domhanda nó ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair.
Ar mhaithe le bheith i dteideal na gCreidiúintí Oibrithe Forbartha Deonacha ní mór duit a bheith i d'Oibrí Forbartha Deonach mar atá leagtha síos thuas. Ní mór duit freisin na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
Má tá níos lú ná 104 ranníocaíocht ag Aicme A agat, is féidir le Comhlámh ansin ranníocaíochtaí ag Aicme A a íoc ar do shon le go mbeidh an 104 ranníocaíocht atá riachtanach agat. Nuair atá na ranníocaíochtaí atá ag teastáil íoctha bronnfar creidiúintí OFD ort don chuid eile den am a chaitheann tú thar lear suas go dtí uasmhéid de 5 bliana. (Baineann rialacha faoi leith le státseirbhísigh faoi leith, féach thíos).
Sa chás go bhfuil dhá bhliain chánach as a chéile nár íocadh aon ranníocaíochtaí iontu nó nár déanadh aon ranníocaíochtaí a chreidiúint díreach roimh duit dul thar lear mar Oibrí Forbartha Deonach, íocadh Comhlámh ranníocaíochtaí Aicme A ar son an chéad 26 seachtain de do chuid oibre agus bronnfar creidiúintí OFD ort don chuid eile den am a chaitheann tú thar lear suas go dtí uasmhéid de 5 bliana.
Ní bhreathnaítear ar bhaill na nOrd Rialta a bhfuil dualgais tréadacha orthu mar Oibrithe Forbartha Deonacha ar mhaithe leis an scéim seo.
Ní féidir Creidiúintí OFD a bhronnadh ach ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéid. Cuirtear tréimhsí éagsúla oibre mar Oibrí Forbartha Deonach (OFD) le chéile ar mhaithe leis an gcúig bliana sin a ríomh. Mar shampla, má bhí tú i d'OFD ar feadh 3 bliana cheana, agus más mian leat dul thar lear arís mar OFD ar feadh 3 bliana eile, ní beidh tú in ann Creidiúintí OFD a fháil ach ar feadh 2 bhliain den dara tréimhse.
Sa chás go maireann an tréimhse oibre thar lear ar feadh níos mó ná 5 bliana, bronnfar ort, más féidir, creidiúintí OFD don tréimhse is fearr a dhéanfaidh leas duit.
Is creidmheasanna "iomlán inríofa" iad creidmheasanna OFD go hiondúil, is é sin le rá go mbreathnaítear orthu mar ranníocaíochtaí íoctha. Mar sin, nuair a thagann tú ar ais chuig an tír seo is féidir le creidmheasanna OFD a bheith ina gcúnamh duit sochair agus pinsin faoi leith leasa shóisialaigh a fháil.
Déantar coinníollacha faoi leith cáilíochta a mhaolú ar mhaithe le Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, Sochar Máithreachais agus Sochar Cóir Leighis sa bhliain ina bhfileann an tOFD ar an tír seo agus sna blianta cuí sochair ina diaidh sin.
Tá sé an-tábhachtach go ndeireann tú gur OFD thú atá ag filleadh abhaile nuair atá éileamh dhá dhéanamh agat ar ceann de na híocaíochtaí seo le déanamh cinnte go gcuirtear na coinníollacha maolaithe i bhfeidhm i do chás. Tá sonraí na gcoinníollacha cáilíochta a bhaineann le hOFD a fhileann ar an tír seo ar fáil ón rannóg chuí den Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má bhí tú ag obair mar státseirbhíseach buan agus ag íoc ÁSPC ag Aicme B, C nó D díreach sular imigh tú le dul ag obair thar lear, beidh tú i dteideal Creidmheasanna OFD don tréimhse oibre thar lear. Ag brath ar an tréimhse oibre a chaitheann tú thar lear d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann éileamh a dhéanamh bunaithe ar na creidmheasanna sin ar Shochar Cuardaitheora Poist, Sochar Míchumais, Sochar Cóir Leighis nó Sochar Máithreachais nuair a fhileann tú.
Ach, d'fhéadfadh sé nach mbeadh na Creidmheasanna OFD curtha san áireamh go hiomlán ar mhaithe le sochar má athógann tú fostaíocht ag Aicme B, C nó D ÁSPC.
Íocfaidh Comhlámh aon ranníocaíochtaí ag Aicme A atá tú gann má tá níos lú ná an 104 ranníocaíocht riachtanach agat sula dtosnaíonn tú ar do chuid oibre thar lear.
Ba cheart d'OFD a thógann Sosanna Gairme óna bhfostaíocht ar mhaithe le dul thar lear ag obair dul i dteagmháil leis an Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh muna mbíonn siad athfhostaithe díreach tar éis don tréimhse oibre thar lear críochnú.
Mar riail ghinearálta is féidir le hOibrithe Deonacha Forbartha Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh má tá deireadh tagtha le tréimhse na Sosa Gairme agus muna bhfuil aon obair ar fáil dóibh ón bhfostóir a bhíodh acu. Ach, muna bhfuil tréimhse na Sosa Gairme caite ní bheidh tú i dteideal éilimh a dhéanamh.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar ranníocaíochtaí creidiúnaithe má líonann tú foirm VOL DEV 1 (pdf). Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chuig d'Eagraíocht Seolta a chuirfidh ar aghaidh ansin é chuig Comhlámh. Déan cinnte d'uimhir cheart a thabhairt Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) (ar a dtugtaí an Uimhir SPC cheana) nuair atá foirm VOL DEV 1 dhá chomhlánú agat.
Déanann Comhlámh ansin dintiúirí na hEagraíochta Seolta a dhaingniú agus deimhníonn sé go bhfuil tú ag obair thar lear ar Théarmaí Deonacha.
Tar éis an deimhnithe, déanann Comhlámh teagmháil leis an Rannóg Bhailiúcháin Speisialta ÁSPC den Roinn Coimirce Sóisialaí agus déanann an oifig seo nóta den tréimhse ama atá le caitheamh thar lear agat.
Is féidir leat tuilleamh a léamh maidir leis an scéim um Oibrí Forbartha Deonach anseo.
Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar Chorcaí
Waterford
Port Láirge
Éire
Teil:(01) 471 5898 or (051) 356 010
10 Sráid Camden Uachtarach
ZZZ
Ireland
Teil:+353 (0)1 478 3490
Facs:+353 (0)1 478 3738
Láithreán Gréasáin: http://www.comhlamh.org/
R-phost: info@comhlamh.org
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.