Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Imeacht thar lear > Éire a fhágáil > Cáipéisí úsáideacha le tabhairt leat agus tú ag taisteal thar lear

Print Page Send to a Friend

Cáipéisí úsáideacha le tabhairt leat agus tú ag taisteal thar lear

Eolas

Má tá Éire á fágáil agat, d’fhéadfá a bheith ag taisteal ar chúiseanna oibre, staidéir, saoire nó scoir thar lear. Cibé rud atá beartaithe agat a dhéanamh, beidh cáipéisíocht áirithe le tabhairt leat (mar shampla, cruthúnas saoránachta, céannachta, agus do sheoladh in Éirinn). Bíonn sé níos éasca teacht ar na doiciméid seo i gcónaí nuair atá tú fós in Éirinn seachas iarracht a dhéanamh iad a fháil nuair a bhogtar thar lear.

Moltar go láidir do phas a thabhairt leat i gcónaí, fiú más ag taisteal chuig an RA atá tú agus nach bhfuil do phas mar riachtanas taistil. I bhfírinne, toisc nach bhfuil Éire mar bhall de Chomhaontú Schengen, aimseoidh tú go bhfuil sé riachtanach do phas a iompar nuair atá taisteal á dhéanamh go mórchuid thíortha eile. Má tá eolas ag teastáil uait faoi iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach, tá an t-eolas seo ar fáil in áit eile ar an láithreán gréasáin.

Ba cheart do phas a thabhairt leat i gcónaí, fiú agus tú ag taisteal chuig tíortha gar do bhaile.

De bharríocht do phas, ar cháipéisí úsáideacha eile tá:

  • Do theastas breithe
  • Do cheadúnas tiomána agus/nó cheadúnas tiomána idirnáisiúnta
  • Do chárta scoláire
  • Aon víosa nó ceadúnas oibre a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait.
  • An Cárta Eorpach Árachas Sláinte nó aon cháipéisí eile a bhaineann le árachas slainte.
  • Do Curriculum Vitae
  • Aon teastaisí oideachais nó ó chúrsaí traenála atá bainte amach agat.
  • Tuairiscí cáilíochta i gcomhair obair
  • Ainmneacha agus uimhreacha teangmhála do chlann agus/nó do cháirde in Éirinn.

Sonraí teagmhála i gcás éigeandála

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in Éirinn go dtógfá nóta de shonraí teagmhála na hambasáide nó consalachta Éireannaigh is cóngaraí nuair atá tú thar lear, má tharlaíonn sé go mbeadh ort teagmháil a dhéanamh leo go práinneach. Tugtar comhairle duit freisin do shonraí teagmhála féin a fhágáil le duine sa bhail a bheidh ábalta iad a thabhairt do Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcás éigeandála. Is féidir leat freisin do shonraí teagmhála féin a chlárú sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Má tá tú ag taisteal go ceantair iargúlta atá i bhfad ó ambasáid Éireannach, fág dhá ghrianghraf pas agus dhá shíniú, ar fhoirm iarratais ar phas is fearr, le cairde in Éirinn nó ata in aice le hambasáid Éireannach. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, ba chóir go gcuirfeadh sé seo luas faoin bpróiseas athsholáthraithe.

Bíonn sé úsaideach fótachóipeanna a dhéanamh de na cáipéisí is tábhachtaí. Coinnigh na cóipeanna scartha ionas go mbeidh cinéal éigin cáipéis aitheantas agat sa gcás is go ndéantar tú a robáil.

Ma tá tú ag taisteal i dtír ina bhfuil go leor restrictions, d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach roinnt griangrafanna pas a thabairt leat, chun úsáid i gcomhair aon víosa nó ceadúnas de bhreis a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 February 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.