Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Imeacht thar lear > Éire a fhágáil > Ag bogadh thar lear ó Éirinn

Print Page Send to a Friend

Ag bogadh thar lear ó Éirinn

Eolas

Is féidir le bogadh thar lear a bheith spreagúil ach strusmhar. Tá go leor rudaí le heagrú sula bhfágann tú Éire agus go leor eile le comhshamhlú nuair a shroicheann tu do cheann scríbe. Is féidir leat ullmhú roimh ré tríd an oiread eolais agus is féidir a fháil faoin tír atá mar cheann scríbe agat. Is féidir leat an t-eolas seo a chuardach ar líne agus eolas a fháil ó do ghníomhaire taistil nó ambasáid na tíre ábhartha. Is féidir leat an leabharlann a úsáid agus, más féidir, socrú a dhéanamh chun casadh le daoine a bhí ina gcónaí ann cheana féin. Ná déan an tionchar a d'fhéadfadh suaitheadh cultúir a bheith ort a ghannmheas. B’fhéidir go n-aimseoidh tú go bhfuil mórán dearcaidh agus cleachtais go nglactar leo gan smaoineamh agus go meastar a bheith "coitianta" atá aisteach do chultúr na hÉireann. Is féidir leis am a thógáil chun socrú isteach sa bhealach maireachtála nua.

Sula n-imíonn tú

Cibé go bhfuil tú ag pleanáil taisteal thar lear nó bogadh go tír eile le hobair a dhéanamh, déanann ár ndoiciméad ar leideanna ginearálta do thaisteal thar lear cur síos ar an méid atá le déanamh agat sula n-imíonn tú. Mar shampla, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach mura bhfuil ceann agat cheana féin. Tá sé tábhachtach na saincheisteanna sláinte a thógáil san áireamh. Má tá tú ag dul chuig an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó chun na hEilvéise ag taisteal nó ag cuardach oibre, ba chóir duit Cárta Eorpach Árachas Sláinte a fháil. Má tá tú ag taisteal lasmuigh den LEE, moltar go láidir duit árachas saoire nó sláinte ar leith a fháil roimh thaisteal agus ba chóir duit seiceáil an bhfuil vacsaíní ag teastáil. Roimh a fhágann tú, ba chóir na doiciméid atá againn a sheiceáil ar cáipéisíocht úsáideach le tabhairt leat agus tacaí taidhleoireachta d’Éireannaigh thar lear.

Ag obair thar lear

Má tá Éire á fágáil agat chun obair a chuardach i dtír eile, d’fhéadfá a bheith ag pleanáil oibriú laistigh den Aontas Eorpach (AE) nó d’fhéadfá a bheith ag dul chun oibriú i dtír lasmuigh AE. Is féidir leat seiceáil ar nuachtáin iasachta, atá ar díol anseo chomh maith le nuachtáin Éireannacha, agus ina mbíonn fógraí ó chomhlachtaí iasachta ó thráth go chéile. Má tá tú ag pleanáil oibriú san AE, ba chóir duit seiceáil le d’oifig FÁS áitiúil freisin. Tá clár fógraí EURES ag gach oifig a fhógraíonn folúntais ó raon tíortha Eorpacha.

Obair Dheonach

Má tá suim agat oibriú mar oibrí deonach i dtír eile, tá eolas ann faoi dheiseanna in obair dheonach thar learar láithreán gréasáin Comhlámh.

Slándáil Shóisialach

Má fhágann tú Éire chun cónaí nó oibriú i dtír eile nó má fhilleann tú ar do thír tar éis oibriú in Éirinn, d’fhéadfá a bheith i dteideal sochair slándála sóisialaí a fháil sa tír in bhfuil tú ag bogadh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo inár ndoiciméad socruithe slándála na hÉireann le tíortha eile. Má fhágann tú d’fhostaíocht chun oibriú mar oibrí forbartha deonaí, d’fhéadfá a bheith i dteideal do ranníocaíochtaí creidiúnaithe slándála sóisialaí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.