Má theastaíonn comhairle nó cúnamh uait agus tú thar lear, is féidir glaoch ar Ambasáid nó Consalacht na hÉireann sa tír sin. Tá 40 ambasáid agus 70 consalachtaí-ginearálta nó consalachtaí suit i dtíortha eagsúla ar fud an domhain.
Más i dtír thú nach bhfuil aon ambasád ná consalacht ann, is féidir leat comhairle agus cúnamh a lorg ó ambasáid nó consalacht de chuid tíortha eile an Chomhphobail.
Is féidir le hambasáid nó consalachtaí cúnamh a thabhairt:
Tá na seirbhísí gur féidir le hambasáid nó consalacht teoranta. Mar shampla, má tá duine tinn nó má bhí drochthimpiste ag duine is féidir leo:
Ní féidir leo, áfach, comhairle leighis a chur ar fáil, billí leighis a íoc nó iarratais ar chúiteamh a dhéanamh ar do shon. Ní féidir leo ach an oiread íoc as gaolta teacht ar cuairt chugat. Tá tuilleadh eolais faoi na seirbhísí maidir le cosaint consulacha ar fáil ón Rannóg Consulachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’).
I gcúinsí fíor-eisceachtúla, ina bhfuil sláinte nó sábháilteacht shaoránach Éireannach thar lear i mbaol agus nach bhfuil aon slí le déileáil leis an scéal go háitiúil ar bhealach sásúil, d’fhéadfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in Éirinn a bheith sásta an duine a aisdúichiú go hÉireann.
Beidh sé faoi lánrogha na Roinne é seo a dhéanamh. Chomh maith leis sin, tá aisdúichiú sa chás seo faoi réir coinníollacha dochta a leagfar amach agus a mhíneofar go soiléir i ngach cás ar leith. Cuimsíonn na coinníollacha gealltanas scríofa go n-aisíocfar na costais go léir a thabhaítear chomh maith le táille reachtúil ar an seirbhís seo.
Rannóg Consalachta
69-71 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 478 0822
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=301
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.