Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Imeacht thar lear > Cead gluaiseachta laistigh den AE > Saorghluaiseacht san AE

Print Page Send to a Friend

Saorghluaiseacht san AE

Eolas

Is ceann de bhunchearta shaoránaigh an AE é an ceart chun saorghluaiseachta. Foráiltear an ceart seo sna Conarthaí a rialaíonn an AE agus i dTreoracha agus i Rialacháin AE. Déanann an cháipéis seo cur síos ar rialacha ginearálta na saorghluaiseachta. Go ginearálta, baineann forálacha na gConarthaí i leith saorghluaiseachta leis na 10 mballstát a tháinig isteach san AE i 2004 agus leis an dá bhallstát nua (An Bhulgáir agus an Rómáin) a tháinig isteach in Eanáir 2007, cé nach bhfuil cuid de na rialacha á gcur i bhfeidhm láithreach de réir na socruithe idirthréimhseacha a ndéantar cur síos orthu thíos.

Tá roinnt forálacha i gConarthaí an AE a dhéileálann le saorghluaiseacht daoine agus go sonrach le saorghluaiseacht oibrithe. Forálann na Conarthaí "go mbeidh an ceart ag gach uile saoránach de chuid an Aontais saoirse gluaiseachta agus cónaithe a bheith acu taobh istigh de chríocha na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh CE, agus na mbeart a glacadh chun é a chur i bhfeidhm".

Cuireann na Conarthaí toirmeasc (cosc) ginearálta ar idirdhealú ar bhonn náisiúntachta agus luann siad go sonrach go gcuimsíonn saorghluaiseacht oibrithe "deireadh le haon idirdhealú ar bhonn náisiúntachta idir oibrithe na mBallstát, i leith fostaíochta, luach saothair agus coinníollacha oibre agus fostaíochta eile." Sonraíonn na forálacha Conartha i leith shaorghluaiseacht oibrithe go bhfuil sé de cheart ag oibrithe glacadh le tairiscintí oibre agus gluaiseacht go saor taobh istigh de chríocha na mballstát chun glacadh lena leithéid de thairiscintí, faoi réir teorainneacha a bhfuil call leo ar fhorais beartais phoiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí.

Is iad seo na Príomh-Rialacháin agus na Príomh-Threoracha AE a chuireann ceart saorghluaiseachta oibrithe i bhfeidhm:

  • Rialachán Uimh. 1612/68 ar shaorghluaiseacht oibrithe sa Chomhphobal arna leasú le Treoir 2004/38/CE
  • Treoir 2004/38/CE ar cheart shaoránaigh AE agus ceart bhaill a dteaghlaigh chun saoirse gluaiseachta agus cónaithe laistigh de chríocha na mballstát

(Tá Treoir 2004/38/CE curtha i bhfeidhm in Éirinn ag na Comhphobail Eorpacha (Saorghluaiseacht Daoine) (Uimh. 2) Rialacháin 2006 – IR 656/2006) (pdf).

Cuireadh roinnt cásanna ar aghaidh chuig Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa a shoiléirigh cearta na n-oibrithe a bhogann go dtí ballstáit eile.

Cearta shaoránaigh na mballstát nua

Nuair a thagann ballstát nua isteach san AE, sonraítear na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leo i gconarthaí aontachais. Is cuid de na conarthaí iomlána a rialaíonn an AE na conarthaí seo ansin. Cuireadh forálacha idirthréimhseacha speisialta maidir le saorghluaiseacht oibrithe san áireamh sna Conarthaí Aontachais a bhaineann leis na deich mballstát a tháinig isteach i mBealtaine 2004 agus sna Conarthaí Aontachais leis an mBulgáir agus an Rómáin.

Tugann na forálacha idirthréimhseacha seo ceart faoi leith do na 15 stát a raibh ballraíocht AE acu roimh Bhealtaine 2004 (na ballstáit bhunaidh) chun teorainn a chur le saorghluaiseacht ar feadh tréimhse. Bhí saorghluaiseacht iomlán ag saoránaigh na Cipire agus Mhálta ó thús a mballraíochta (ach féadfaidh Malta srianta a chur ar bhallstáit eile).

Na 10 mballstát a tháinig isteach i mBealtaine 2004

Bain na socruithe idirthréimhseacha seo a leanas leis na 8 mballstát nua eile a tháinig isteach san AE in 2004:

Bain na socruithe idirthréimhseacha le fostaíocht. Ní bhain siad le féinfhostaíocht. Is éard is brí leis seo, go ginearálta, ná go raibh an ceart ag saoránaigh na mballstát nua socruithe féinfhostaíochta a dhéanamh sna ballstáit a bhí ann cheana ón 1 Bealtaine 2004. (Bain roinnt eisceachtaí áirithe leis seo; ní raibh feidhm ag aon cheann acu in Éirinn). Tá tuilleadh faisnéise faoi obair i dtír AE eile le fáil anseo.

Tá an ceart chun saorghluaiseachta faoi réir roinnt srianta ginearálta, agus baineann siad seo le saoránaigh na mballstát nua ar an gcaoi chéanna agus a bhaineann siad leis na ballstáit a bhí ann cheana.

Tá saoránaigh na mballstát nua i dteideal cónaí in aon cheann de na ballstáit a bhí ann cheana chun staidéar a dhéanamh nó mar dhaoine ar scor. Bhí an ceart seo faoi réir roinnt srianta i gcónaí, agus baineann siad seo le saoránaigh na mballstát nua chomh maith céanna.

Tá tuilleadh faisnéise faoi chearta cónaithe na náisiúnach AE/LEE i mballstáit AE eile le fáil anseo.

Ón 1 Bealtaine 2004 go dtí an 1 Bealtaine 2006

Fágadh faoi na ballstáit bhunaidh é socrú an gcuirfí srianta ar cheart saorghluaiseachta ó na ballstáit nua nó nach gcuirfí. Thug Éire, an Ríocht Aontaithe agus an tSualainn cead iomlán saorghluaiseachta agus chuir na tíortha eile roinnt srianta i bhfeidhm.

Ón 1 Bealtaine 2006 go dtí an 1 Bealtaine 2009

Bhí sé de cheart ag na ballstáit bhunaidh roinnt srianta a chur ar shaorghluaiseacht oibrithe go fóill. Bhain roinnt tíortha na srianta go léir ó shin – an Fhionlainn, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Spáinn agus bhí srianta ag na tíortha eile.

Ón 1 Bealtaine 2009

Go ginearálta, ba chóir go mbeadh saorghluaiseacht iomlán i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2009. Tá foráil ann, áfach, a shonraíonn gur féidir le ballstáit bhunaidh iarraidh ar an gCoimisiún leanúint leis na srianta ar feadh dhá bhliain sa bhreis, i gcás go bhfuil díshocraíocht mhór sa mhargadh saothair acu.

Tá saorghluaiseacht iomlán ann ó 2011 i leith do na 10 mballstát a tháinig isteach i mBealtaine 2004.

An Bhulgáir agus an Rómáin

Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san AE ar an 1 Eanáir 2007. Is iad seo a leanas na socruithe idirthréimhseacha maidir le saorghluaiseacht oibrithe a bhaineann leo:

Ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 1 Eanáir 2009

Féadfaidh na ballstáit a bhí ann cheana (na 10 mballstát a tháinig isteach in 2004 san áireamh) socrú go gcuirfear srianta ar shaorghluaiseacht. Níl aon chall dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas más mian leo é sin a dhéanamh. Chinn Éire a leithéid de shrianta a chur i bhfeidhm. Is éard is brí leis sin ná go bhfuil saoránaigh na Bulgáire agus na Rómáine faoi réir na riachtanas maidir le cead oibre a raibh feidhm acu sula ndeachaigh siad isteach san AE. Níl cead oibre riachtanach dóibh siúd atá ag obair in Éirinn le cead oibre ar feadh tréimhse leanúnaí de 12 mhí nó níos mó roimh an 31 Nollaig 2006, áfach. Níl aon ghá le reachtaíocht nua de bhrí go dtugann an tAcht um Cheadanna Fostaíochta 2006 rogha don Rialtas chun saorghluaiseacht iomlán a cheadú nó ceadanna fostaíochta a éileamh. Beidh tosaíocht ag oibrithe ón dá tír thar dhaoine nach as ballstáit an LEE iad.

Ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 1 Eanáir 2012

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na rialacha saorghluaiseachta i dtreo dheireadh na bliana 2008. Ní mór do na ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir lena rúin i dtaobh saorghluaiseachta don 3 bliana go dtí deireadh 2011 - féadfaidh siad leanúint leis na srianta a chur i bhfeidhm nó fáil réidh leo. Chinn Éire a leanúint leis na srianta seo.

Ón 1 Eanáir 2012 go dtí an 1 Eanáir 2014

Ba chóir go mbeadh saorghluaiseacht iomlán i bhfeidhm ó 2012. Tá foráil ann, áfach, a shonraíonn gur féidir le ballstáit bhunaidh iarraidh ar an gCoimisiún leanúint leis na srianta ar feadh dhá bhliain sa bhreis, i gcás go bhfuil díshocraíocht mhór sa mhargadh saothair acu. Chinn Éire a leanúint leis na srianta reatha ar shaoránaigh na Bulgáire agus na Rómáin go dtí 31 Nollaig 2013.

Beidh saorghluaiseacht iomlán ann ó 2014 i leith.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 December 2011

Teanga

English | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.