Is comhaontú é Coinbhinsiún Schengen i measc stáit Eorpacha áirithe, a cheadaíonn rialuithe teorann córasacha idir thíortha rannpháirteacha a chur ar ceal. Áirítear ann forálacha ar chomhbheartas maidir le hiontráil shealadach daoine (lena n-áirítear Víosa Schengen), comhchuibhiú na rialuithe teorann seachtracha, agus póilíní trasteorann agus comhoibriú breithiúnach. Tagann ainm an Choinbhinsiúin ón tsráidbhaile Schengen i Lucsamburg inar síníodh an Comhaontú sa bhliain 1985.
Tá an comhaontú curtha i bhfeidhm ag 26 stát ag an bpointe seo. Tá pointí agus seiceálacha teorann bainte amach idir na stáit limistéir Schengen agus tugann víosa choiteann Schengen (féach thíos) cead rochtana nó cuairte chuig an limistéar.
Tá an comhaontú curtha i bhfeidhm cheana féin ag na 15 stát seo a leanas: an Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, An Íoslainn, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísitír, an Iorua, an Phortaingéil, an Spáinn agus an tSualainn. Dhéin Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin an comhaontú a chur i bhfeidhm ar an 21 Nollaig 2007 do theorainneacha talún agus farraige, agus do theorainneacha aeir i Márta 2008. Dhein an Eilvéis an comhaontú a chur i bhfeidhm ar an 12 Nollaig 2008 do theorainneacha talún agus do theorainneacha aeir i Márta 2009. Dhein Lichtinstein an comhaontú a chur i bhfeidhm ar an 19 Nollaig 2011. Tá sé mar aidhm ag an mBulgáir agus ag an Rómáin í a chur i bhfeidhm. Níl pleananna fógartha ag an gCipir maidir le forfheidhmiú.
Tá iarratas déanta ag Éirinn agus an Ríocht Aontaithe le bheith páirteach sna bearta comhoibrithe póilíneachta agus breithiúnacha amháin. Ní mian leo bheith bainteach leis an gcomhrialú teorann agus leis na forálacha víosa.
Déileálann socruithe Schengen le taisteal idir na stáit rannpháirteacha.
Níl tionchar acu ar chearta daoine ó thaobh cónaithe agus oibre i dtíortha
eile. Tá sé seo clúdaithe ag treoracha agus rialacháin an AE ar saoirse aistrithe
daoine.
Tá na socruithe a leanas curtha i bhfeidhm ag tíortha Schengen:
Ceadaíonn Coinbhinsiún Schengen do dhaoine atá i gceann de na tíortha rannpháirteacha go dlíthiúil taisteal chuig ceann ar bith de na tíortha rannpháirteacha eile; ní dhéanfar aon seiceálacha teorann orthu nuair atá teorainneacha inmheánacha á dtrasnú acu.
Déantar teorainneacha inmheánacha a shainiú mar theorainneacha náisiúnta idir thíortha atá rannpháirteach i gCoinbhinsiún Schengen, chomh maith le haerfoirt agus calafoirt i gcás tráchta go dtí tír Schengen agus ar ais as. Is féidir le taistealaithe na teorainneacha inmheánacha a thrasnú in áit ar bith agus ag am ar bith - ní bheidh gá seiceálacha pearsanta a dhéanamh orthu. Mar sin féin, tá duine ar bith a iontrálann nó a fhágann crios Schengen faoi réir na seiceálacha mar is gnáth.
Ní chiallaíonn sé seo gur féidir leat taisteal gan doiciméid aitheantais. Bíonn foirm aitheantais áirithe de dhíth ag tromlach na dtíortha atá i gceist maidir lena gcuid saoránaigh féin agus daoine eile. D'fhéadfadh pas nó foirm aitheantais eile a bheith de dhíth ort chun do theidlíocht do shaoirse taistil a bhunú.
Má tá tú i dtír rannpháirteach amháin go dlíthiúil agus go dtaistealaíonn tú chuig tír eile, is féidir leat gluaiseacht thart ar feadh 3 mhí gan seiceálacha ar bith. Ina dhiaidh sin, tá do cheart fanacht i dtír eile faoi réir na rialacha cónaitheachta i dtír eile.
Níl saorchead ag lucht iarrtha tearmainn i dtír rannpháirteach amháin taisteal go tír eile. Tá siad faoi réir na rialacha atá leagtha síos i gCoinbhinsiún Bhaile Átha Cliath maidir leis an tír lena bhfuil a n-iarratas ar thearmann déanta.
Cód Teorainneacha Schengen: Bhunaigh Rialachán (CE) Uimhir 562/2006 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle Eorpach Cód Pobail ar an 15 Márta 2006, maidir leis na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine trasna teorainneacha.
Is víosa í Víosa Schengen atá eisithe ag ceann de na tíortha rannpháirteacha chuig náisiúnaigh as tríú tíortha. Má tá víosa agat chun taisteal go tír Schengen amháin, ní gá duit víosa bhreise a bheith agat chun taisteal chuig cinn eile. Má tá ceadúnas cónaithe bailí agat i dtír Schengen amháin, is féidir leat taisteal chuig na tíortha eile gan víosa (tá ceadúnas cónaithe ó thír Schengen cosúil le víosa Schengen go bunúsach).
Is bunachar sonraí é Córas Faisnéise Schengen (CFS) atá bunaithe chun aistriú sonraí a éascú maidir le céannachtaí daoine agus cur síos ar rudaí atá goidte nó caillte. Tá an córas ar fáil do na húdaráis sna tíortha rannpháirteacha. Tá sé inrochtana acu amháin sa mhéid is go bhfuil siad rannpháirteach i socruithe Schengen.
Tá córas nua CFS-II forbartha agus cuireadh i bhfeidhm an 10 Aibreán 2013. Roghnaigh Éire a bheith páirteach i gcóras CFS II.
Is Gníomhaireacht AE chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát í Frontex. Tá sí lonnaithe i Vársá agus bunaithe le gníomhaíochtaí na mballstát a chomhordú i réimse na slándála teorann. Luíonn an fhreagracht ar na ballstáit maidir le rialú agus faireachas na dteorainneacha seachtracha. Bhunaigh Rialachán (CE) 2007/2004 Frontex. Níl baint ag Éirinn ná an Ríocht Aontaithe leis na cúrsaí seo.
Is comhaontú idirnáisiúnta a bhí sa Choinbhinsiún Schengen bunaidh (a aontaíodh in 1985) idir thíortha a d'aontaigh a bheith faoi cheangal aige. Aontaíodh coinbhinsiún breise in 1990. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm in 1995. Rinneadh na coinbhinsiúin a áireamh mar chuid de dhlí an AE in 1998 nuair a tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm.
Níl socruithe Schengen ar thaisteal agus víosaí curtha i bhfeidhm in Éirinn. Tá oscailt ann d'Éirinn a bheith páirteach sna socruithe seo, má dhéanann gach ball Schengen agus ionadaí Rialtais na hÉireann vótáil d'aonghuth i bhfabhar laistigh de Chomhairle an AE. Ciallaíonn sé seo go bhfuil muintir na hÉireann faoi réir sheiceálacha pas ag teorainneacha na mballstát AE eile.
Tá Ciste na dTeorainneacha Seachtracha dírithe ar chúnamh a thabhairt maidir le leibhéal rialaithe a chruthú ag teorainneacha seachtracha atá éifeachtach, ar ardchaighdeán agus aonfhoirmeach. Níl baint ag Éirinn leis na cúrsaí seo.
Déantar tagairt uaireanta do Chonradh Prüm mar Schengen Plus. Shínigh 7 dtír é ar an 27 Bealtaine 2005 - an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Ostair, an Bheilg, an Ísiltír, Lucsamburg. D'aontaigh siad comhoibriú a mhéadú chun troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coiriúlachta trasteorann agus na himirce neamhdhleathaigh. Ceadaíonn an comhaontú do mhalartú sonraí maidir le méarloirg agus faisnéis ghéiniteach. Tá oscailt sa chomhaontú do bhallstáit Schengen eile. Is comhaontú idirnáisiúnta é seo idir na tíortha atá bainteach. Níl aon cheangal aige le dlí an AE i láthair na huaire.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.