Tá limistéar taistil ann idir Éire agus an Ríocht Aontaithe (Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann san áireamh). Níl comhaontú foirmeálta idir Éire agus an Ríocht Aontaithe faoin comhlimistéar taistil, agus ní bhaineann aon reachtaíocht leis. Tá an chéad aithint dlithiúil faoin comhlimistéar taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe tugtha i gConradh Amstardam.
Ciallaíonn An Comhlimistéar Taistil nach bhfuil rialú pas i bhfeidhm do shaoránaigh Éireannacha agus na Ríochta Aontaithe atá ag taisteal idir an dá thír. Tá roinnt rialúchán i bhfeidhm ó 1997 faoi dhaoine ag teacht go hÉirinn ón Ríocht Aontaithe, ach ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú do phas Éireannach nó Ríochta Aontaithe a thabhairt leat agus tú ag taisteal idir na tíortha. Ní foláir duit, áfach, foirm fóta-aitheantais inghlactha a thabhairt leat - féach an liosta thíos. Ar theacht go hÉirinn féadfar in amanna céannacht ghrianghraif oifigiúil bhailí mar fianaise ar do náisiúntacht a iarraidh ort. Toisc gur iarrtar ort a chruthú gur saoránach Éireannach nó saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe tú atá i dteideal leas a bhaint as na socruithe Comhlimistéir Taistil, moltar duit do phas a thabhairt leat.
Bíonn roinnt comhoibrithe i gceist leis an limistéar taistil choitinn freisin maidir le ceisteanna inimirce. D'fhéadfadh sé tarlú go ndiúltófar d'náisiúnta an triú tír teacht isteach go hÉirinn má tá sé ar intinn aige/aice taisteal ar aghaidh go dtí an Ríocht Aontaithe, agus nach mbeadh sé/sí ceadaithe faoi Ordú na nEachtrannach (Leasú) 1975.
Tá sé de chumhacht ag Oifigigh Inimirce na hÉireann seiceálacha a chur ar dhaoine a thagann isteach sa Stát ón Ríocht Aontaithe agus cead isteach a dhiúltu dóibh ar na forais chéanna agus a fheidhmíonn do dhaoine ag teacht ó lasmuigh den Comhlimistéar Taistil. Cuirtear na seiceálacha sin i gcrích go roghnaíoch.
Más saoránach tú de chuid tír a dteastaíonn víosa óna náisiúnaigh chun teacht isteach sa Stát agus go bhfuil víosa nó ceadúnas cónaithe de chuid an Ríocht Aontaithe, ar bailí é, i do sheilbh agat; fós féin ní foláir víosa bailí a bheith agat sula dtagann tú isteach sa Stát. Is féidir tuilleadh eolais a fháil i dtaobh iarratas ar víosa ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála nó ó ambasáidí agus ó chonsalachtaí na hÉireann thar lear.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.