Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Saoránacht > Ag éirí i do shaoránach Éireannach

Print Page Send to a Friend

Ag éirí i do shaoránach Éireannach

Eolas

Tá saoránaigh de chuid na hÉireann mar bhaill fhoirmiúla de phobal na hÉireann, is é sin, pobal na hÉireann a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus pobal na hÉireann thar lear. Ciallaíonn a bheith i do shaoránach Éireannach go bhfuil aitheantas dlíthiúil ort mar náisiúnach de chuid na hÉireann agus mar shaoránach de chuid Aontais na hEorpa.

Cearta ag shaoránaigh Éireannacha

Tá roinnt cearta agus pribhléidí ag saoránaigh Éireannacha (mar atá ag na saoránaigh ar fad a bhfuil cónaí orthu in Éirinn) atá barántaithe faoi Bhunreacht Éireann. Tá cuid de na cearta seo ina mbunchearta a éiríonn mar thoradh ar a bheith i do chónaí in Éirinn. Mar shampla, más saoránach tú a bhfuil cónaí ort in Éirinn, tá tú i dteideal comhionnanas roimh an dlí, saoirse chun taistil, saoirse cainte, saoirse creidimh, srl.

Más saoránach Éireannach tú, tá tú i dteideal pas Éireannach a bheith agat agus is féidir leat Éire a fhágáil agus taisteal thar lear, do vóta a chaitheamh i dtoghchán in Éirinn agus a bheith tofa mar bhall den rialtas in Éirinn agus in Aontas na hEorpa. Mar shaoránach Éireannach, tá tú freisin i dteideal a bheith ag maireachtáil, ag taisteal agus ag obair taobh istigh de Aontas na hEorpa/Cheantar Eacnamaíochta na hEorpa.

Mar shaoránach Éireannach agus cónaí ort in Éirinn, tá roinnt dualgaisí agus freagrachtaí ort freisin. Mar shampla, tá dúil go gcoinneoidh tú is go gcumhdóidh tú bun-dhlí na hÉireann agus freastal ar ghiuiré má ghlaotar ort.

Más saoránach Éireannach tú agus cónaí ort thar lear, tá tú freisin i dteideal pas Éireannach a bheith agat agus tacaíocht thaidhleoireachta ó ambasáidí agus ó oifigí consalachta de chuid na hÉireann thar lear. Ach amháin i gcás fhoireann thaidhleoireachta agus a gcéilí nó a bpáirtnéirí sibhialta atá ag obair thar lear, mar shaoránach Éireannach agus cónaí ort thar lear, níl tú i dteideal vótáil i dtoghchán in Éirinn tríd an bpost nó san ambasáid Éireannach is gaire duit.

Conas is féidir liom saoránacht Éireannach a thabhairt amach?

Tugtar saoránacht Éireannach sna bealaí difriúla. Tá saoránacht an chuid is mó de na saoránaigh Éireannacha le fáil trí bhreith nó bhunadh. Is feidir le náisiúnaigh eachtracha iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht. Má tá pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta le saoránach Éireannach is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht. Tá na riachtanais cónaithe níos fabhraí do chéilí nó pháirtnéirí sibhialta saoránach Éireannach. Níl aon dearbh-cheart chun saoránachta trí phósadh le saoránach Éireannach.

Saoránacht dhúbailte

Más saoránach Éireannach tú, tá tú freisin i dteideal saoránacht dhúbailte a bheith agat, is é sin saoránacht tíre eile. Ba cheart duit tabhairt faoi deara go bhfuil roinnt tíortha nach n-aithníonn saoránacht dhúbailte. Más mian leat iarratas a dhéanamh maidir le saoránacht dhúbailte, ba cheart dul i dteagmháil leis na húdarais sa tír eile chun a dheimhniú go ndéantar do chearta a chosaint.

Saoránacht Éireannach a thréigean

Más saoránach Éireannach tú agus cónaí ort thar lear, is féidir freisin do shaoránacht Éireannach a thréigean agus iarratas a dhéanamh chun saoránacht tíre eile a thabhairt amach. Dá treigfeadh tú do shaoránacht trí dhearbhú eachtrannachta (pdf) ní bheadh aon toradh ar do theidlíocht saoránacht Éireannach. Is féidir do shaoránacht Éireannach a atosú trí dhearbhú saoránachta (pdf).

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais ar fáil i bileog Faisnéis Ginearál faoi Saoránacht Éireannach (pdf) foilsithe ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.