Cé hiad na daoine ar féidir leo a bheith ina saoránaigh Éireannacha?
Cé hiad na daoine ar féidir leo a bheith ina saoránaigh Éireannacha?
Rugadh mo bheirt thuismitheoirí sa Bhreatain Mhór agus is ann a
rugadh mé féin chomh maith. An bhfuil mé i dteideal do shaoránacht
Éireannach bunaithe ar mo sheantuismitheoirí Éireannacha?
Sea, tá tú i dteideal do shaoránacht
Éireannach trí oidhreacht má rugadh duine ar bith de do
sheantuismitheoirí in Éirinn, ach caithfidh tú do bhreith a chlárú i
gClár na mBreitheanna Coigríche i dtús báire.
Is saoránach SAM mé, ach rugadh mo mháthair i nGaillimh. Is eol dom
gur féidir liom iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach, ach an gcaithfidh
mé saoránacht SAM a thréigean le bheith i mo shaoránach
Éireannach?
Ní chaithfidh. Ós rud é gur rugadh do mháthair in Éirinn, tá tú i do
shaoránach Éireannach trí oidhreacht cheana féin, cibé an bhfuil pas
Éireannach agat nó nach bhfuil. Ni chuireann Rialtas na hÉireann iallach ort
do shaoránacht SAM a thréigean, nuair atá do cheart á chleachtadh agat,
chun iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.
Is saoránaigh Briotanach mé agus rugadh mo bheirt thuismitheoirí in Éirinn.
Má dhéanaim iarratas ar phas Éireannach, an gcaithfidh mé mo shaoránacht
Briotanach a thabhairt suas?
Ní chaithfidh. Más saoránach Éireannach tú, tá tú i dteideal
saoránacht dhúbailte a bheith agat, is é sin saoránacht tíre eile. Tá
saoránaigh Briotanacha i dteideal saoránacht dhúbailte a bheith acu freisin.
Ciallaíonn sé nach gcaithfidh tú do shaoránacht Briotanach a thabhairt suas
chun iarratas ar phas Éireannach a dhéanamh.
Is saoránaigh Shíneacha mé féin agus mo chailín. Táimid ag obair
in Éirinn ó luath in 2012 ar cheadanna oibre, agus bhí leanbh againn
déanach in 2015. An bhfuil an leanbh i dteideal do shaoránacht
Éireannach?
Tá. Toisc go raibh tú cónaitheach go dleathach in Éirinn ar feadh trí nó
ceithre bliana roimh bhreith an linbh, breithneofar go bhfuil nasc fírinneach
agat le hÉirinn, agus beidh an leanbh i dteideal do shaoránacht
Éireannach.
Is Indiach mé, agus táim ag cónaí agus ag obair i Loch Garman ar
shraith de cheadúnais oibre le 4 bliana anuas. Cén uair a bheidh mé i
dteideal iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht?
Nuair atá cónaí ort sa Stát ar feadh 5 bliana den 9 mbliana
deiridh, ina áirítear an bhliain dheiridh iomlán roimh dháta an iarratais,
beidh tú incháilithe d'iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht.
An féidir liom a bheith i mo Shaoránach Éireannach trí
eadóirseacht tar éis 2 bhliain a chaitheamh anseo mar mhac léinn i scoil
teanga? Is Síneach mé.
Ní féidir. Caithfidh tú ar a laghad 5 bliana de “cónaí ináirithe” a
bheith agat sa Stát sula ndéanfar tú a bhreithniú d'eadóirseacht, nó ar a
laghad 3 bliana má tá tú pósta le saoránach Éireannach. Ina theannta sin,
ní thiteann am a chaitear anseo ar víosa mic léinn faoi “cónaí
ináirithe”, agus mar sin tá an “cónaí ináirithe” agat cothrom le
neamhní.
Is saoránach na hAstráile mé agus táim cónaitheach go dleathach in
Éirinn ó 2010. Phós mé saoránach Éireannach i 2012. An féidir liom
iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Éireannach anois?
Is féidir. Toisc go bhfuil tú pósta le saoránach Éireannach os cionn 3
bliana, agus tá “cónaí ináirithe” dóthanach agat ar oileán na
hÉireann, is féidir leat iarratas a dhéanamh a
bheith i do shaoránach Éireannach trí phósadh.
Is saoránach Éireannach mé, atá ag cónaí sa Bhreatain Bheag le mo
pháirtí ón Afraic Theas. Táimid ag pósadh agus tá sé beartaithe againn
leanúint ag cónaí sa Bhreatain Bheag. An mbeidh an fear céile agam ina
shaoránach Éireannach go huathoibríoch?
Ní bheidh. Bheadh ort a bheith pósta ar feadh 3 bliana ar a laghad, agus
bheadh oraibh a bheith ag cónaí mar lánúin phósta ar oileán na hÉireann
ar feadh 3 bliana ar a laghad chomh maith.
Is saoránach Briotanach mé le pas Briotanach. Is ón Neipeal mé ó
dhúchas agus táim ag cónaí i dTuaisceart Éireann le 4 bliana anuas. An
féidir liom a bheith i mo shaoránach Éireannach?
Ní bheadh a leithéid indéanta, ach amháin dá mbeifeá ag déanamh
iarratais mar chéile de shaoránach Éireannach lena bhfuil tú pósta le trí
bliana anuas. Le bheith i do shaoránach Éireannach trí eadóirseacht,
caithfidh tú a bheith ag cónaí sa Stát na hÉireann ar feadh 5 bliana ar a
laghad den 9 mbliana deiridh.
Is Francach mé, atá pósta le fear Éireannach agus ag cónaí in
Éirinn le 8 mbliana anuas. Má dhéantar saoránach Éireannach díom, an
féidir liom mo shaoránacht Francach a choinneáil chomh maith?
Ní chuireann Rialtas na hÉireann iallach ort do shaoránacht
Francach a thréigean nuair a dhéantar saoránach Éireannach díot.
An féidir le bean Rúiseach, le leanbh atá ina shaoránach
Éireanach, (anois ag cónaí sa Rúis) saoránacht na hÉireann a
fháil?
Ní féidir. Níl aon teidlíocht aici a
bheith ina saoránach Éireannach ar bhonn saoránachta an linbh.
