Is réimse chasta í saoránacht d'Éirinn ó bhreith nó ó ghinealach. Is éard is aidhm leis an gcáipéis seo ná an dlí a bhaineann le saoránacht d'Éirinn a mhíniú chomh soiléir agus is féidir. Tá eolas curtha leis seo a bhaineann go sonrach le páistí a saolaítear do naisiúnaigh eachtracha, le breitheanna eachtrannacha agus le nósanna imeachta ó thaobh an chlárúcháin de. Bíonn fáil i gcónaí ar eolas a bhaineann le saoránacht d'Éirinn tríd an mbreith, ó ghinealach, tríd an gcónaitheacht, agus tar éis pósadh ón ambasáid nó ón gconsalacht Éireannach is gaire duit.
Má saolaíodh in Éirinn tú agus gur Éireannaigh iad do thuismitheoirí, dá réir sin is saoránach d’Éirinn tusa freisin.
Áfach, i gcúinsí áirithe, ní mór do dhaoine a saolaíodh in Éirinn saoránacht d'Éirinn a éileamh. Tá eolas faoi shaoránacht d’Éirinn a éileamh trí dhearbhú a dhéanamh ar fhoirm speisialta - féach 'Tuilleadh eolais' thíos.
Tháinig an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 2004 i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2005. Níl páistí a shaolaítear ar nó tar éis 1 Eanáir 2005 do thuismitheoirí náisiúnacha eachtracha áirithe i dteideal saoránacht d’Éirinn sa ghnáthchúrsa. Má tá tuismitheoir Briotanach, nó tuismitheoir atá cónaí neamhtheoranta in Éirinn nó i dTuaisceart air, ag páiste a shaolaítear ar nó tar éis 1 Eanáir 2005, beidh an páiste i dteideal saoránacht d’Éirinn. Ní mór do thuismitheoirí náisiúnacha eachtracha áirithe de pháistí a shaolaítear in Éirinn ar nó tar éis 1 Eanáir 2005 a chruthú go bhfuil fíor-cheangal acu le hÉirinn. Cruthófar é seo trí chónaí inríofa a bheith orthu in Éirinn ar feadh 3 bliana as na 4 bliana roimh bhreith an pháiste. Nuair a chruthaítear fíor-cheangal le hÉirinn, beidh a bpáiste i dteideal saoránachta d’Éirinn agus iarratas ar theastas shaoránachta a dhéanamh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Dá mba shaoránach Éireannach ceachtar de do thuismitheoirí ag tráth do bhreithe, is é an gnáthchúrsa é gur saoránach Éireannach tusa, beag beann ar áit do bhreithe (mura raibh sé ar cheann de na coinníollacha speisialta a bhaineann le breith lasmuigh d'Éirinn - leigh táb 'Tuilleadh mar gheall ar an ábhar seo' thuas).
Dá mba rud é gur saolaíodh lasmuigh d'Éirinn tú do shaoránach Éireannach agus gur rugadh ise nó eisean in Éirinn, is saoránach Éireannach tusa dá réir sin.
Dá mba rud é gur bhain do thuismitheoir saoránacht d'Éirinn amach ar dhóigh éigin eile, m.sh. tríd an bpósadh, tríd an uchtú nó tríd an éadóirseacht, is féidir tuilleadh eolais a fháil ón ambasáid nó ón gconsalacht Éireannach is gaire duit.
Má bhí an tuismitheoir a bhfaigheann tú saoránacht d'Éirinn tríothu básaithe nuair a rugadh tú, ach gurbh saoránach Éireannach a bheadh ann dá mbeadh sé/sí beo ag an am, is saoránach Éireannach tusa, dá réir sin, freisin. Faigheann tú saoránacht trí thuismitheoir Éireannach, is cuma an raibh nó nach raibh do thuismitheoiri pósta le chéile ag tráth do bhreithe.
Dá mba rud é gur saolaíodh lasmuigh d’Éirinn tú do shaoránach Éireannach, agus gur rugadh eisean nó ise lasmuigh d'Éirinn, agus gur rugadh aon seantuismitheoir leat in Éirinn; tá tú i dteideal, dá réir sin, saoránach Éireannach a dhéanamh díot féin. Sular féidir leat saoránacht d'Éirinn a éileamh, áfach, ní mór duit do bhreith a chlárú i gClár na mBreitheanna Eachtrannacha a chothabhálann An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Má chónaíonn tú thar lear, ní mór duit cur isteach le do bhreith a chlárú tríd an ambasáid nó tríd an oifig chonsalachta is gaire duit. Más rud é go bhfuil tú i dteideal clárú, beidh éifeacht ag do saoránacht d’Éirinn ó dháta an chlárúcháin - ní ón dáta ar ar rugadh tú.
Má saoránach d'Éirinn is ea ceann de do sheantuismitheoirí ach níor saolaíodh in Éirinn aon cheann de do thuismitheoirí, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal a bheith i do shaoránach Éireannach. Ní foláir duit cur isteach le do bhreith a chlárú i gClár na mBreitheanna Eachtrannacha.
Más rud é go bhfuil tú i dteideal do chláraithe, beidh éifeacht ag do shaoránacht d'Éirinn ón dáta cláraithe. Féadfar saoránacht d'Éireann de chuid na nglúnta ina dhiaidh sin a chothabháil ar an mbealach sin, trí gach glúin ag cinntiú go gclárófar iad féin i gClár na mBreitheanna Eachtrannacha sula saolófar an chéad ghlúin eile.
Ón 1 Iúil 1986, i gcás an duine ar cláraithe sa Leabhar Iontráltaithe Bhreitheanna Eachtrannacha iad, meastar nach saoránach Éireannach iad ach amháin ón dáta ar ar iontráladh sa Chlár iad agus ní ó dháta a mbreithe. Is éard is brí leis seo ná nach mbíonn páistí a shaolaítear don duine sin roimh dháta a n-iontrála sa Chlár i dteideal saoránachta.
Meastar daoine ar cláraíodh roimh an Iúil 1986 iad a bheith ina saoránaigh Éireannacha ón dáta inar tháinig an bun-Acht Saoránachta i bhfeidhm, .i. 17 Iúil 1956, nó ó dháta a mbreithe, cibé ceann acu is déanaí. Ní féidir ach le páistí ar rugadh tar éis 17 Iúil 1956 iad saoránacht a éileamh ina leithéid de chás.
Mura raibh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí ina saoránaigh Éireannacha ag tráth do bhreithe, ní féidir leat saoránacht d'Éirinn a éileamh ar an mbonn go bhfuil sinsearacht i bhfad amach agat (.i. sinsear eile nach do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí iad). Ina cheann ar sin, ní féidir leat saoránacht d'Éirinn a éileam ar an mbonn gurbh shaoránaigh Éireannacha a bhí i do chol ceathrair, i d'aintín nó i d'uncail; murarbh amhlaidh gurbh shaoránaigh Éireannacha a bhí i do thuismitheoirí nó i do sheantuismitheoirí ag tráth do bhreithe.
B'fhéidir go gcabhródh an tábla seo a leanas leis na cúinsí a mhíniú:
| Dá mba rud é gur: | Dá réir sin, is/tá: | |
| A | Gur rugadh ar oileán na hÉireann tú ar 31 Nollaig 2004 nó roimhe sin | Tá tú i dteideal ar shaoránacht Éireannach nó is saoránach Éireannach tú |
| B | Gur rugadh ar oileán na hÉireann tú ar 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin | Tá tú i dteideal ar shaoránacht Éireannach más saoránaigh Éireannacha iad do thuismitheoirí, nó más neamhnáisiúnaigh iad a raibh cónaí orthu go dleathúil in Éirinn ar feadh trí bhliana ar a laghad as an tréimhse ceithre bliana díreach roimh breith duit. |
| C | Gur páiste le hA tú, agus gur saolaíodh lasmuigh d'Éirinn tú | Saoránach Éireannach tú |
| D | Gur páiste le C tú, agus gur garpháiste le hA tú, agus gur saolaíodh lasmuigh d'Éirinn tusa | Tá tú i dteideal shaoránacht d'Éirinn, ach ní mór duit clárú ar Chlár na mBreitheanna Eachtrannacha |
| E | Gur páiste le D tú, agus gur gharpháiste mhac/iníon le hA tú, agus gur saolaíodh lasmuigh d'Éirinn tú | Tá tú i dteideal shaoránacht d'Éirinn, ó tharla gur chláraíodh do bhreith i gClár na mBreitheanna Eachtracha, sa chás amháin gur chláraíodh breith do thuismitheora D faoi thráth do bhreithe. |
Faoi Acht Náisiuntachta agus Saoránachta Éireann 1956, dá mba rud é go ndéanann saoránach Éireannach nó lánúin inar saoránach Éireannach ceachtar den nuachar, go ndéanann siad páiste a uchtú nach saoránach Éireannach é an páiste sin; dá réir sin is saoránach Éireannach é an páiste ar uchtaíodh é.
Ní mór cloí le nósanna imeachta a bhaineann leis an inimirce, ámh; má dhéantar an páiste a uchtú ó lasmuigh den Stát. Ní mór imréiteach inimirce a fháil roimhré sa chaoi go ligfear don pháiste teacht isteach sa Stát; imréiteach a fhaightear ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ní bhronnfar an t-imréiteach seo ach a gcomhlíonfaidh an/na tuismitheoir(í) uchtála, ar leo an togra páiste a uchtú thar lear; ach a gcomhlíonfaidh siad an nós imeachta measúnaithe agus gur eisigh Údarás Uchtála na hÉireann dearbhúchán i bhfabhar a leith. Tá tuilleadh eolais faoin uchtú idirthíorthach.
Gach naíonán a gcéadtagtar orthu in Éirinn agus iad tréigthe ag a gcuid tuismitheoirí; measfar fúthu, mura gcruthófar a mhalairt, (.i. tagann tuismitheoirí an linbh chun cinn agus soiléiríonn siad nach naíonán Éireannach é an leanbh) gur rugadh in Éirinn iad.
Baineann costas le cur isteach le háireamh ar Chlár na mBreitheanna Eachtrannacha. Bíonn fáil ar thuilleadh eolais ón ambasáid nó ón gconsalacht Éireannach is gaire duit, agus ó Aonad Chlár na mBreitheanna Eachtrannacha ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála in Éirinn. (Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas').
Má chónaíonn tú in Éirinn agus gur mian leat go n-áireofaí tú ar Chlár na mBreitheanna Eachtrannacha, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath (féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas').
Má chónaíonn tú lasmuigh d'Éirinn agus gur mian leat cur isteach lena bheith áirithe ar Chlár na mBreitheanna Eachtrannacha, ní mór duit dul i dteagmháil leis an ambasáid nó leis an gconsalacht Éireannach sa tír ina gcónaíonn tú (féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'). Tá éagsúlachtaí ann i measc na dtréimhsí feithimh a ghlactar le hiarratais a phróiseáil lena n-áireamh ar an gClár agus is féidir leo a bheith chomh fada le 12-15 mí.
Féadfaidh tú an fhoirm iarratais do dhuine fásta (pdf) agus do mhionaoiseach is lú ná 18 (pdf) a íoslódáil. Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais le fáil ón ambasáid nó ón gconsalacht Éireannach is gaire duit. Gheofar tuilleadh faisnéise faoi mar ba cheart cur isteach ar an gClár Breitheanna Eachtracha agus na doiciméid a theastaíonn ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Soláthrófar teastas don iarrthóir, ach a gcomhlántar an próiseas, ag deimhniú a n-iontrála i gClár na mBreitheanna Eachtrannacha de chuid na hÉireann. Féadfar leas a bhaint as an teastas sin mar chruthúnas ar shaoránacht d'Éirinn nuair a bheifear ag cur isteach ar phas Éireannach.
Tabhair faoi deara , le do thoil, nach féidir glacadh le hiarratais ar phasanna Éireannacha ag aon tráth amháin le hiarratais ar shaoránacht - is dhá phróiseas ar leithligh óna chéile iad seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le iarratas nó athnuachan a dhéanamh ar phas Éireannach.
Féadfaidh tuismitheoirí eachtrannacha linbh a rugadh ar oileán na hÉireann ar 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin iarratas a chur chuig Rannóg Saoránachta na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar theastas náisiúntachta Éireann don leanbh sin - féach leat 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'. Ní mór fianaise a chur leis an litir iarratais go bhfuil cónaí inríofa ar oileán na hÉireann ag an tuismitheoir nó na tuismitheoirí ar feadh 3 bliana ar laghad as na 4 bliana díreach roimh bhreith an linbh. (Níl san áireamh anseo tréimhsí ina mbítear ag fanacht ar chinneadh ar stádas dídeanaithe nó le linn tréimhse staidéir). Féadfar mionsonraí eile a fháil san Fhógra Faisnéise faoi theidlíocht leanaí a rugadh ar oileán na hÉireann ar 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh ar shaoránacht Éireann (pdf).
Náisiúnaigh an LEE agus na hEilvéise
Caithfidh saoránaigh an LEE agus na hEilvéise an fhoirm ráitis A (pdf) a chur san áireamh, arna comhlánú ag an tuismitheoir agus ag duine mar aturnae nó mhúinteoir a bhfuil aithne aige ar an tuismitheoir, a chur isteach. Más mian leat iarratas a dhéanamh ar phas Éireann don leanbh, ní gá dóibh teastas náisiúntachta a bheith acu, ach caithfidh siad an fhoirm ráitis A chomhlánaithe a chur leis an iarratas phas.
Náisiúnaigh neamh-LEE
Cónaí in Éirinn: Caithfidh daoine nach saoránaigh den LEE iad litir a chur isteach a thugann le fios na stampaí inimirce ar a bpas ar fhianaise cónaithe iad. Ní gá dóibh gá teastas náisiúntachta a bheith acu chun iarratas a dhéanamh ar phas Éireann don leanbh, ach caithfidh siad litir a chur isteach a thugann le fios na stampaí inimirce ar a bpas ar fhianaise cónaithe iad agus a gcárta BNGSI.
Cónaí i dTuaisceart Éireann: Caithfidh náisiúnaigh neamh-LEE atá cead acu cónaí sa Ríocht Aontaithe an fhoirm ráitis C (pdf) a chomhlánú agus 2 dhoiciméad a chur leis an bhfoirm do gach bliain de na trí bliana a chruthaíonn an seoladh i dTuaisceart Éireann, mar cheadúnas tiomána nó bhillí fóntais. Nuair a gheobhaidh na tuismitheoirí an teastas náisiúntachta Éireann don leanbh, féadfaidh siad ansin cur isteach ar phas Éireann don leanbh, ag baint leasa as an teastas náisiúntachta mar chruthú ar shaoránacht Éireann.
Déan teagmháil leis an ambasáid nó ón gconsalacht Éireannach is gaire duit.
Clár na mBreitheanna Eachtrannacha
Rannóg Consalachta
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath
Éire
Teil:+353 1 4082555
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=267
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
Teach Heffernan
Bothar Dhún Droma
Baile Thiobraid Árann
Tiobraid Árann
Éire
Uaireanta Oscailte:Líne chabrach 10-12.30pm Dé Máirt agus Déardaoin amháin
Teil:+353 (0)62 32500
Lóghlao:1890 25 28 54
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
Tá roinnt daoine, nach féidir leo saoránacht d’Éirinn a éileamh ach amháin trí dhearbhú a dhéanamh ar fhoirm speisialta. I measc na ndaoine seo atá:
Tá fáil ar na foirmeacha a gcuirtear síos orthu thuas ón tSeirbhís na hÉireann um Eadóirseacht agus Inimirce nó ón ambasáid Éireannach nó ón oifig chonsalachta is gaire duit.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.