Is éard a chiallaíonn eadóirseacht in Éirinn ná an próiseas trínar féidir le náisiúnach eachtrannach ar a bhfuil cónaí in Éirinn iarratas a dhéanamh chun saoránacht Éireannach a bhaint amach. Chun iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht in Éirinn, ní mór duit gnáthchónaí fisiciúil a bheith ort in Éirinn ar feadh tréimhse áirithe ama.
Is é an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a dhéanann cinneadh maidir le gach iarratas ar eadóirseacht mar shaoránach Éireannach. Tá discréid absalóideach ag an Aire maidir le cé acu an ndeonfar nó nach ndeonfar d'iarratas ar eadóirseacht. Tá rialacha diana ann faoi iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht mar shaoránach Éireannach agus tá na rialacha seo leagtha amach thíos.
Ó 10 Samhain 2011 tá táille €175 agus foirmeacha nua do gach iarratas ar eadóirseacht – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.
Soláthraíonn an tAcht um
an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 go nglacfar
páirtnéirí sibhialta comhionann le lánúineacha pósta le haghaidh
saoránachta. Soláthraíonn sé freisin go mbronnfar teastais eadóirseachta i
searmanais saoránachta foirmiúla.
Más mian leat a bheith i do shaoránach Éireannach trí eadóirseacht, caithfidh tú:
*Caithfidh tú cuir lá amháin le haon tréimhse lena n-áirítear 29 Feabhra.
De ghnáth, nuair déanann tú iarratas ar eadóirseacht, caithfidh tú agus do chleithiúnaithe bheith féintacaithe agus sibh in bhur gcónaí in Éirinn - féach 'Féintacaithe' thíos.
Tá cumhacht ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais aon cheann de na coinníollacha seo a tharscaoileadh sna himthosca a leanas:
Sa chás dídeanaí, duine gan stát ná duine le baint aige/aici le hÉirinn, tarscaoileann an tAire 2 den 5 bhliain tréimhse chónaithe inghlactha riachtanach de ghnáth.
Clúdaíonn tréimhse chónaithe inghlactha tréimhsí cónaithe a chuirtear san áireamh nuair a scrúdaítear iarratas eadóirsithe. B'fhéidir go mbeidh roinnt tréimhsí cónaithe fágtha as an áireamh nuair a mheastar tréimhsí cónaithe sa Stát. Is iad seo tréimhsí nuair nach raibh cáipéisí faoin tréimhse a chaith tú sa Stát i gceart nó (i gcásanna áirithe) tréimhsí a clúdaíodh le cead a tugadh ar mhaithe le staidéar nó nuair a bhíothas ag scrúdú iarratais ar thearmann.
Cónaí inghlactha i gcomhair náisiúnach LEE: Tá an tréimhse atá caite ag saoránach de chuid an LEE nó na Sualainne sa Stát ináirithe chun críocha eadóirseachta os rud é nach gá do shaoránaigh de chuid an LEE agus na hEilvéise cáipéisí ná cead cónaithe a bheith acu faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saorghluaiseacht Daoine) (Uimh. 2) 2006 (pdf). Tá an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) comhdhéanta as ballstáit an AE, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
Cónaí inghlactha i gcomhair náisiúnach LEE: Muna bhfuil tú i do shaoránach de chuid an Aontais Eorpaigh, ní dhéantar tréimhse nuair a bhí iachall ort faoin dlí cead a bheith agat fanacht sa Stát ach nach raibh an cead sin agat, a chur san áireamh. Is clárú leis an Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce é fianaise ar chead fanachta sa Stát a chomlíonann na riachtanais cónaithe maidir le eadóírseacht. Ní chuirtear tréimhsí cónaithe sa Stát san áireamh má tá an cead fanachta sin:
Sula ndéanann tú d'iarratas is féidir an t-áireamhán cónaitheachta ar líne sa suíomh gréasáin SEIS a úsáid chun seiceáil an bhfuil na coinníollacha eadóirseachta cónaitheachta sásta.
De ghnáth, seachas dídeanaithe agus daoine gan stát, caithfidh iarratasóirí ar eadóirseacht cruthú gur féidir leo iad féin agus a gcuid clann a thacú agus iad ina gcónaí in Éirinn. Más féidir leat cruthú nach bhfaigheann tú tacaíocht Stáit ar feadh na 3 bhliain roimh d’iarratas, comhlíonfaidh tú riachtanas an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go bhfuil tú ag tacú tú féin agus do chleithiúnaithe agus go leanfaidh tú ar aghaidh é a dhéanamh
De ghnáth, cuirfear fios duit laistigh de sheachtain an bhfuil d’iarratas ceadaithe san chéad chéim próiseáil. Má tá d’iarratas tríd an chéad chéim ceadaithe, próiseáiltar d'iarratas in ord cróineolaíoch leis na hiarratais ar fad eile atá idir lámha. Tabharfar uimhir thagartha duit agus ba chóir duit seo a lua nuair a dhéanann tú fiosrúchán ar bith, bíodh sin ar an nguthán nó i gcló scríofa.
Maidir le hiarratais atá mí-cheart nó mí-chruinn, tá próiseas níos faide i gceist ach is féidir leat é a choinneáil chomh gairid agus is féidir thrí fhreagra luath a thabhairt ar cheisteanna. Má tá gá le tuilleadh cáipéisí nó soiléiriú, iarrfar sin ort chomh luath agus a thosaítear ag scrúdú d'iarratais.
Cuirfear in iúl duit trí phost cláraithe chomh luath agus atá cinneadh déanta maidir le d'iarratas. Glacann an próiseas chun déileáil le hiarratais a líontar i gceart agus a bhfuil na cáipéisí cuí ina dteannta thart ar 23 de mhíonna ón am a fhaightear an t-iarratas. Tá tuilleadh eolais faoin próiseas iarratais ar an suíomh gréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIE).
Má éiríonn le d'iarratas, beidh eolas sa litir a chuirfidh an cinneadh seo in iúl duit faoin bpróiseas deireanach a chaithfear a chríochnú sula n-eisítear an teastas eadóirseachta. Nuair cuireann tú na cáipéisí riachtanacha agus táille dheimhniúcháin isteach, tabharfar cuireadh duit ar shearmanas saoránachta agus tabharfar duit do theastas eadóirseachta.
Tá tú i do shaoránach Éireannach ó dháta eisiúint an teastais anuas agus is féidir leat iarratas a chur isteach do Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcóir pas Éireannach ag am ar bith tar éis an dáta sin. Tá an teastas eadóirseacht scríofa i nGaeilge. Is an leagan Béarla é Foirm 11 sa sceideal na Rialacháin Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann (Leasú) 2011.
Is féidir leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais do theastas eadóirseachta a chúlghairm más rud é:
Sula ndéanann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, do theastas eadóirseachta a chúlghairm, cuirfear in iúl duit roimh ré, ag cur na fáthanna in iúl a bhfuiltear á chúlghairm agus faoin gceart a bheidh agat iarratas a dhéanamh don Aire chun fiosrúchán a reachtáil faoi fháth a chúlghairme. Má chuireann tú isteach ar fhiosrúchán faoi chinneadh chúlghairm do theastais eadóirseachta , cuirfidh an tAire do chúis faoi bhráid Choiste Fiosrúcháin, a thabharfaidh tuairisc don Aire. Foilseofar fógra faoi chúlghairm do theastais eadóirseachta in Iris Oifigiúil.
Ó 10 Samhain 2011 Is é €175 an táille do gach iarratas ar eadóirseacht.
Is iad seo na táillí cuí nuair a n-eisítear an teastas eadóirseachta.
| Iarratas thar ceann mionaoisigh | €200 |
| Baintreach nó baintreach fir saoránaigh Éireannaigh | €200 |
| Dídeanaí, duine gan stát nó clárdhídeanaí | Gan táille |
| Eile | €950 |
Ó 10 Samhain 2011 tá foirmeacha iarratais nua ar an suíomh gréasáin SEIS. Má tá tú ag déanamh iarratas ar nó i ndiaidh 10 Samhain 2011, caithfidh tú é a dhéanamh ar an fhoirm iarratas nua.
Seo na foirmeacha iarratais nua:
Tá liosta ceisteanna coitianta maidir le saoránacht agus eadóirseacht ar fáil ar an suíomh gréasáin SEIS.
I measc na gcáipéisí eile atá ag teastáil, tá fianaise d'aitheantais agus do náisiúnachta (teastas breithe sa bhfoirm fhada agus pas). Caithfidh tú freisin cáipéisí a thaispeáint maidir le do stádas agus faoin tréimhse a bheidh tú ag stopadh sa Stát (teastas clárúcháin an Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI), ráiteas faoi stádas dídeanaí nó a leithéid). Más náisiúnach neamh-LEE thú agus ag iarraidh ar shaorántacht, níl ach do stampaí cónaitheachta ón BNIGS amháin an cruthúnas do thréimhse chónaithe inghlactha.
Má tá d'iarratas ar eadóirseacht bunaithe ar an ngaol atá agat le saoránach Éireannach, caithfidh tú na cáipéisí faoi stádas an duine sin agus faoin ngaol atá agat leis a thaispeáint (m.sh. teastas breithe nó eadóirseachta ag céile nó páirtnéir sibhialta Éireannach, teastas pósta, teastas páirtnéireachta sibhialta).
Caithfidh na cóipeanna de na teastais bhreithe, pósta, páirtnéireachta sibhialta, colscartha agus teastais eile, mar shampla an fótaleathanach do phas, bheith cóipeanna deimhnithe. Is iad cóipeanna deimhnithe fótachóipeanna atá déanta agus deimhnithe ag aturnae, nótaire poiblí, Coimisinéir Mionna nó Feidhmeannach Síochána. Beidh dúil go mbeidh sé i do chumas na bundindiúirí a thaispeáint níos faide anonn nuair a táthar ag scrúdú d'iarratais.
Chomh maith leis na cáipéisí seo, caithfidh tú cáipéisí a thaispeáint maidir le do stádas fostaíochta (duillíní pá le haghaidh na 3 mí deireanach, ráitis bhainc le haghaidh na 3 mí a chuaigh thart) agus dearbhú faoi do staid maidir le cáin ioncaim. Níor cheart ach cóipeanna amháin de na rudaí seo a sheoladh i dteannta le d'fhoirm iarratais.
Seiceálfar an t-eolas i d'fhoirm iarratais le hais na gcáipéis lena cois agus beidh moill ann mar thoradh ar aon mhí-chruinneas maidir le cinneadh a thabhairt ar d'iarratas.
Níor cheart ainm a chur leis an bhfoirm go dtí go mbeidh tú i láthair finné. Tá eolas ar an bhfoirm iarratais maidir le cé atá i dteideal a bheith mar fhinné.
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
Teach Heffernan
Bothar Dhún Droma
Baile Thiobraid Árann
Tiobraid Árann
Éire
Uaireanta Oscailte:Líne chabrach 10-12.30pm Dé Máirt agus Déardaoin amháin
Teil:+353 (0)62 32500
Lóghlao:1890 25 28 54
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.