Más náisíunach eachtrach tú atá pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta le saoránach Éireannach b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal éirí i do shaoránach Éireannach má comhallann tú coinníollacha áirithe. Is féidir le náisíunach eachtrach atá pósta le saoránach Éireannach iarratas ar shaoránacht Éireannach trí eadóirseacht a dhéanamh. Tá an próiseas iarratais an próiseas céanna a bhaineann le náisiúnach eachtrach nach bhfuil pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta le saoránach Éireannach ach tá na riachtanais chónaithe níos fearr. Déanann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cinneadh faoi iarratais ar eadóirseacht agus is faoi sin atá discréid iomlán chun eadóirseacht a cheadú nó gan é a cheadú
Ó 29 Samhain 2005 níl tú i dteideal éirí i do shaoránach Éireannach trí shaoránacht iar-phósta (pdf).
Déantar foráil san Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 go gcaitear le páirtnéirí sibhialta amhail a chaitear le lanúineacha pósta in ábhair shaoránachta. Ina theannta sin, ceadaítear ann deimhnithe eadóirseachta a bhronnadh ag searmanais fhoirmiúla saoránachta.
Má ta tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta le saoránach Éireannach agus tá tú ag déanamh iarratas ar shaoránacht Éireannach caithfidh tú na coinníollacha ar leanúint chomhall:
Níor aithin an Stát *Caidreamh eachtrach a cláraíodh lasmuigh d’Éirinn ach ón 13 Eanáir 2011 i leith, nuair a tháinig an tAcht um Pháirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010 i bhfeidhm. Ciallaíonn seo, fiú má cláraíodh do pháirtnéireacht shibhialta lasmuigh d’Éirinn roimh 2011, ní chuirtear san áireamh ach do chónaitheacht mar pháirtnéir sibhialta de shaoránach Éireannach ón 13 Eanáir 2011 ar aghaidh mar chuid den tréimhse 3 bliana a theastaíonn ó eadóirseacht bunaithe ar do pháirtnéireacht shibhialta le saoránach Éireannach.
Beidh roinnt tréimhsí cónaithe fágtha as an áireamh nuair a mheastar tréimhsí cónaithe sa Stát. Is iad seo tréimhsí nuair nach raibh cead agat fan sa Stát nó tréimhsí a clúdaíodh le cead a tugadh ar mhaithe le staidéar nó nuair a bhíothas ag scrúdú iarratais ar thearmann. Sula ndéanann tú d'iarratas is féidir an t-áireamhán cónaitheachta ar líne sa suíomh gréasáin SEIS a úsáid chun seiceáil an bhfuil na coinníollacha eadóirseachta cónaitheachta sásta.
Ní féidir leat dearbhú saoránachta trí phósadh nó pháirtnéireacht sibhialta a dhéanamh mura bhfuil do phósadh reatha ina phósadh bailí faoi dhlí na hÉireann.
Níl cead agat pósadh den dara babhta ach amháin, ag am do dhara pósadh, gur tháinig do phósadh roimhe gu crích de bharr:
Aithnítear colscaradh a dheonaigh Cúirt Éireannacha bheith tar éis do phósta roimhe a thabhairt chun críche. M'a tá an cead atá agat a bheith sa phósadh atá agat faoi láthair bunaithe ar phósadh a bhí ann agus a tháinig chun críche trí cholscaradh nach bhfuair tú in Éirinn, beidh ort a fháil amach an mbeadh aitheantas ar an bpósadh sin faoi dhlí na hÉireann.
Iarrfar ort bileoga a thaispeáint a dheimhníonn go bhfuil do phósadh faoi láthair bailí, ina measc doiciméadú a thaispeánnan bailíocht aon cholscartha roimhe seo.
Ar an gcuma chéanna, amhail a ndéantar cur síos air thuas, níl cead agat an dara páirtnéireacht shibhialta nó pósadh a bheith agat murar cuireadh chun críche do pháirtnéireacht shibhialta ag na nithe seo a leanas:
Cuirfear in iúl duit trí phost cláraithe chomh luath agus atá cinneadh déanta maidir le d'iarratas. Má éiríonn le d'iarratas, beidh eolas sa litir a chuirfidh an cinneadh seo in iúl duit faoin bpróiseas deireanach a chaithfear a chríochnú sula n-eisítear an teastas eadóirseachta.
Eisítear teastas eadóirseachta taobh istigh de 30 lá de ghnáth tar éis an litir a chuirfidh an cinneadh seo.
Tá tú i do shaoránach Éireannach ó dháta eisiúint an teastais anuas agus is féidir leat iarratas ar phas Éireannach a dhéanamh ag am ar bith tar éis an dáta sin.
Ó 1 Lúnasa 2008 is é an táille €950. Íocfaidh tú an táille nuair eisítear an teastas eadóirseachta.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm 8 (pdf) atá ar fáil ón Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIS). Ó 24 Meitheamh 2011 tá foirmeacha iarratais nua ar an suíomh gréasáin SEIS.
I measc na gcáipéisí eile atá ag teastáil, tá fianaise d'aitheantais agus do náisiúnachta (teastas breithe agus pas) Caithfidh tú freisin cáipéisí a thaispeáint maidir le do stádas agus faoin tréimhse a bheidh tú ag stopadh sa Stát m.sh. cárta cláraithe Garda nó ráiteas faoi stádas dídeanaí.
Mar tá d'iarratas ar eadóirseacht bunaithe ar do phósadh le saoránach Éireannach caithfidh tú freisin cáipéisí a thaispeáint maidir le do stádas do chéile agus fianaise do stádas pósta (mar shampla, teasta breithe nó eadóirseachta ag do chéile, teastas pósta). San fhoirm iarratais caithfidh do chéile mionnscríbhinn ó fhinné go bhfuil sibh in bhur gcónaí mar fhear céile is bean chéile a chomhlánú.
Chomh maith leis na cáipéisí seo, caithfidh tú cáipéisí a thaispeáint maidir le do stádas airgeadais agus fostaíochta (duillíní pá le haghaidh na dtrí mí deireanach, ráitis bhainc le haghaidh na dtrí mí a chuaigh thart) agus dearbhú faoi do staid maidir le cáin ioncaim.
Níor cheart ach cóipeanna amháin de na rudaí seo a sheoladh i dteannta le d'fhoirm iarratais. Caithfidh na cóipeanna de na teastais bhreithe, pósta agus colscartha bheith cóipeanna deimhnithe. Is iad cóipeanna deimhnithe fótachóipeanna atá déanta agus deimhnithe ag aturnae, nótaire poiblí, Coimisinéir Mionna nó Feidhmeannach Síochána. Beidh dúil go mbeidh sé i do chumas na bundindiúirí a thaispeáint níos faide anonn nuair a táthar ag scrúdú d'iarratais.
Seiceálfar an t-eolas i d'fhoirm iarratais le hais na gcáipéis lena cois agus beidh moill ann mar thoradh ar aon mhí-chruinneas maidir le cinneadh a thabhairt ar d'iarratas.
Níor cheart ainm a chur leis an bhfoirm go dtí go mbeidh tú i láthair finné. Tá eolas ar an bhfoirm iarratais maidir le cé atá i dteideal a bheith mar fhinné.
Ní chomhlíonfaidh náisiúnaigh eachtracha ar mian leo iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht bunaithe ar a bpáirtnéireacht shibhialta le saoránach Éireannach an riachtanas cónaitheachta 3 bliana go dtí 2014. Tá coinne leis go dteastóidh a mhacasamhail de dhoiciméadú le stádas agus fianaise lena mbaineann páirtnéir sibhialta an tsaoránaigh Éireannaigh a thaispeáint i leith na páirtnéireachta sibhialta aitheanta.
Roimhe sin, d’fhéadfá bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar eadóirseacht i do cheart féin má tá tú i do chónaí anseo le 5 bliana anuas, ar coinníoll riachtanach é seo.
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
Teach Heffernan
Bothar Dhún Droma
Baile Thiobraid Árann
Tiobraid Árann
Éire
Uaireanta Oscailte:Líne chabrach 10-12.30pm Dé Máirt agus Déardaoin amháin
Teil:+353 (0)62 32500
Lóghlao:1890 25 28 54
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.