Eolas
Bíonn cearta agus oibleagáidí áirithe agat le linn na tréimhse ina
mbíonn tú i d'iarrthóir tearmainn agus go mbíonn d’iarratas ar dhearbhú
mar theifeach á phróiseáil; agus is mar seo a leanas iad:
Do chearta
- Mura mbítear chun plé le do chás de réir Rialachán Bhaile Átha
Cliath II/Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, ní bhainfear den Stát tú
nó go dtugtar caoi duit do chás láithriú ina iomláine chuig an
gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe nó chuig an mBinse Achomhairc do
Dhídeanaithe, de réir mar is cuí.
- Déanfar gach iarracht chun teangaire a sholáthar duit, de réir mar is
gá agus is féidir.
- Bíonn tú i dteideal dul i gcomhairle le haturnae. Is comhlacht
neamhspleách í Seirbhís Dhlíthiúil na dTeifeach a sholáthraíonn
cúnamh dlíthiúil do dhaoine aonair a bhíonn ag déanamh iarratais ar
dhearbhú mar theifeach a fháil. Tabharfar bileog eolais faoi Sheirbhís
Dhlíthiúil na dTeifeach duit nuair a dhéanann tú do chéadiarratas.
- Bíonn tú i dteideal dul i gcomhairle le hArd-Choimisinéir na Náisiún
Aontaithe do Theifigh (UNHCR) a bhfuil oifig aige i mBaile Átha Cliath.
- Cuirfidh an Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Comhtháthú cóiríocht
ar fáil duit (ar bhonn lánchoinneála) i gceann amháin dá lár-ionaid
chónaithe a fhad agus a bhíonn d’iarratas ar thearmann á phróiseáil.
Ní bhíonn iarrthóirí tearmainn i dteideal forlíonadh cíosa a fháil
ón mBord Sláinte. Bíonn an teidlíocht agat ar thacaíocht leasa agus
cúram sláinte a fhad agus a bhíonn d’iarratas á phróiseáil.
- Caithfear faoi rún le gach mionsonra i leith d’iarratais. Féadtar
faisnéis a nochtadh, ámh, chuig comhlachtaí eile a d’fhéadfadh a
bheith ag plé leat, ar nós ranna agus gníomhaireachtaí rialtas na
hÉireann lena n-áirítear na hÚdaráis Inimirce, an Garda Síochána,
údaráis áitiúla chomh maith le UNHCR chun a chur ar chumas na n-eagras
seo a bhfeidhmeanna a stiúradh lena n-áirítear riarachán an dlí a
bhaineann le hiontráil agus díbirt ón Stát de neamh-náisiúnaigh.
Féadtar roinnt faisnéise a sholáthar freisin chuig tíortha eile a
oibríonn Rialachán Bhaile Átha Cliath II/Choinbhinsiún Bhaile Átha
Cliath chun críche oibriú na socrúchán seo.
- Fógrófar duit i scríbhinn, ag an seoladh is déanaí ar thug tú,
d’aon choinne a mbeidh ort a choinneáil agus aon mholadh a dhéantar nó
aon chinneadh a thógtar i gcomhar le d’iarratas ar dhearbhú mar
theifeach ag an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe, an Bínse
Achomhairc do Dhídeanaithe agus an tAire Dlí agus Cirt (de réir mar is
cuí).
D’oibleagáidí
- Ní mór duit cloí le dlíthe an stáit.
- Ní mór duit do sheoladh a fhógairt i scríbhinn don Choimisinéir
Iarratais do Dhídeanaithe (laistigh de 5 lá oibre ó dhéanamh
d’iarratais) agus i leith aon athrú i do sheoladh. Má mhainníonn tú
sa mhéid sin, d'fhéadfaí tú a chiontú as cion faoi Acht na
nDídeanaithe 1996, arna leasaithe. D’fhéadfaí nach bhfaighfeá
fógraí tábhachtacha i ndáil le d’iarratais freisin le mainneachtain
ar do leithse agus go dteipfeadh ort chun teorainneacha ama a shásamh um
thaisceadh cáipéisíochta, achomharc agus mar sin de. Tá faisnéis faoi
chionta i gcoinne Acht na nDídeanaithe 1996 i 'Tuilleadh eolais'
thíos.
- Ba cheart duit d’ainm, seoladh, náisiúntacht, agus an Uimhir
Thagartha a thaispeántar ar do Theastas um Chónaitheacht Shealadach a
chur in iúl go soiléir ar gach comhfhreagras leis an gCoimisinéir
Iarratais do Dhídeanaithe nó leis an mBínse Achomairc do Dhídeanaithe.
- Ní féidir leat an stát a fhágáil ná iarracht a dhéanamh chun na
críche sin gan comhthoil an Aire Dhlí agus Chirt a fhad agus a bhíonn
d’iarratas á mheas.
- Ní bhíonn teidlíocht agat chun fostaíocht a lorg ná chun dul ina
bun, murar lorg tú tearmann sa stát ar nó roimh an 26 Iúil 1999. Má
lorg tú tearmann roimh an dáta sin agus go bhfuil tú fós ag fanacht ar
chinneadh faoi d’iarratas agus gur mian leat dul i mbun fostaíochta, ba
cheart duit dul i dteagmháil le hOifig an Choimisinéir Iarratais do
Dhídeanaithe.
- Ní bhíonn tú i dteidil chun aon ghnó, ceird ná gairm a chleachtadh.
- Féadann tú a bheith faoi riachtanas chun dul i láthair Oifigeach
Inimirce, duine le húdarú ón Aire Dlí agus Cirt nó ball den Gharda
Síochána ag eatraimh shonraithe.
- Ní foláir duit cónaí nó fanacht ag an lár-ionad cónaitheachta a
leithdháiltear chugat ag an nGníomhaireacht um Fháiltiú agus
Comhtháthú
- Ní féidir leat bogadh ón lóistín sin ach le cead na Gníomhaireachta
um Fháiltiú agus Comhtháthú agus is sa chás amháin go mbíonn ar
chumas na Gníomhaireachta um Fháiltiú agus Comhtháthú lóistín
ailtéarnach a thairscint duit, a tharlóidh sé seo.
- Caithfidh tú a bheith fírinneach i gcónaí san fhaisnéis a
sholáthraíonn tú i leith d’iarratais. Mura mbíonn, d’fhéadfaí a
chinneadh as gur gan foras ar bith atá d’iarratas. Sna cásanna sin,
bheadh tréimhse ní ba ghiorra le hachomharc laistigh di agus phléifí le
haon achomharc a d’fhéadfá a dhéanamh gan éisteacht bhéil.
- Ní foláir duit comhoibriú go hiomlán le fiosrú d’iarratais.
D’fhéadfadh mainneachtain chun déanamh amhlaidh a chur isteach ar
inchreidteacht d’iarratais nó d’iarratas a bheith aistarraingthe dá
thoradh.
- Ba cheart duit gach faisnéis ábhartha do d’iarratas a chur ar fáil
don Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe. Mura ndéanann tú amhlaidh
agus má lorgann le faisnéis bhreise a thabhairt ar aghaidh ag staid an
achomhairc, beidh ort an fáth nár cuireadh an fhaisnéis seo ar fáil don
Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe a mhíniú agus beidh ar an
mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe é seo a chur san áireamh i measúnú
inchreidteacht d’iarratais
- Ní foláir duit mionsonraí do dhlíodóirse agus aon athrú dlíodóra
(ainm, seoladh, uimhir ghutháin, agus mar sin de) a sholáthar don
Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe nó don mBínse Achomhairc do
Dhídeanaithe (de réir mar is iomchuí).
- Ní mór duit féin nó do do dhlíodóir gach cóip den cháipéisíocht
a thugann an Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe agus an Bínse
Achomhairc do Dhídeanaithe duit a choinneáil. Is i gcúinsí
eisceachtúla amháin a chuirfear cóipeanna breise de na cáipéisí ar
fáil.
Iarratais a d’fhéadfaí a mheas mar aistarraingthe mar gheall ar
mhainneachtain chun cloí le hoibleagáidí áirithe
Bíonn roinnt cúinsí ann ina d’fhéadfaí d’iarratas ar stádas
teifigh a mheas mar aistarraingthe de bharr mainneachtana ar do leithse chun
comhall le d’oibleagáidí reachtúla; agus ina dhiúltóidh an tAire
dearbhú a thabhairt duit.
Is iad seo a leanas iad, mar atá:
- Mainneachtain chun seoladh a thabhairt don Choimisinéir laistigh de 5
lá oibre ó dhéanamh d’iarratais;
- Mainneachtain chun an Coimisinéir a chur ar an eolas i dtaobh athrú
seolta;
- Mainneachtain chun teacht i láthair nuair is gá amhlaidh;
- Mainneachtain chun cónaí nó chun fanacht ag dúiche nó áit faoi
leith sa Stát nuair is gá amhlaidh;
- Fágáil nó iarracht chun an Stát a fhágáil gan comhthoil an Aire;
- Mainneachtain chun comhoibriú leis an gCoimisinéir Iarratais do
Dhídeanaithe, nó chun faisnéis ar ábhartha do d’iarratas í a
thabhairt;
- Mainneachtain chun freastal ar agallamh leis an gCoimisinéir;
- Mainneachtain chun comhoibriú leis an Bínse Achomhairc do
Dhídeanaithe, nó chun faisnéis ar ábhartha do d’achomharc í a
thabhairt;
- Mainneachtain chun freastal ar éisteacht bhéil leis an mBínse.
Tabhair faoi deara: ní bhíonn aon achomharc sa chás ina meastar
iarratas a bheith aistarraingthe
Tuilleadh eolais
Cionta i gcoinne Acht na nDídeanaithe 1996
Eolas
Tá cionta ann i gcoinne Acht na
nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, agus cúinsí faoinar féidir leis an
nGarda
Síochána iarrthóirí tearmainn a choinneáil.
Aon iarrthóir ar dhearbhú mar theifeach:
- a fhágann nó a dhéanann iarracht an stát a fhágáil gan cead ón
Aire Dlí agus Cirt
- a lorgaíonn nó a théann i mbun fostaíochta nó a dhéanann aon ghnó,
ceird nó gairm i rith na tréimhse roimh an gcinneadh deiridh dá
n-iarratais ar dhearbhú
- a mhainníonn an Coimisinéir Achomhairc do Dhídeanaithe a chur ar an
eolas faoina seoladh nó faoi aon athrú ina seoladh
- nach gcomhlíonann an dualgas cónaí nó fanacht i gceantair nó
áiteacha áirithe sa stát nó tuairisciú ag eatraimh shonracha chuig
oifigeach inimirce nó ball den Gharda Síochána;
beidh an duine sin ciontach as cion faoi Acht na nDídeanaithe, 1996, arna
leasaithe, agus féadann a bheith faoi dhliteanas fineáil a íoc agus/nó
príosúnacht a bheith gearrtha ort ar chiontú achomair.
Aon duine a:
- a bhrionnaíonn nó a athraíonn go calaoiseach Teastas Sealadach
Cónaitheachta
- a chuidíonn i mbrionnú nó in athrú calaoiseach nó a thugann chun
críche brionnú nó athrú calaoiseach de Theastas Sealadach
Cónaitheachta
- a thugann nó a dhéanann faisnéis nó ráitis bhréagacha nó
mhíthreorach chun críoch, nó i ndáil le hiarratas ar dhearbhú mar
theifeach
- a scriosann nó a fholaíonn cáipéisí aitheantais leis an rún chun
dallamullóg a chur ar dhaoine chun críoch, nó i ndáil le hiarratas ar
dhearbhú mar theifeach;
beidh an duine sin ciontach as cion agus féadann a bheith faoi dhliteanas
fineáil a íoc agus/nó príosúnacht a bheith gearrtha ort ar chiontú
achomair.
Aon duine a:
- a bhrionnaíonn nó a athraíonn go calaoiseach, nó a chuidíonn i
mbrionnú nó in athrú calaoiseach nó a thugann chun críche lena
bhrionnú nó a athraíonn go calaoiseach aon cháipéisí aitheantais ar
luach saothair, leis an rún chun na cáipéisí sin a úsáid chun
críoch, nó i ndáil le, iarratas ar dhearbhú mar theifeach
- a dhíolann nó a sholáthraíonn, nó a bhíonn i seilbh chun críoch
díola nó soláthair, cáipéisí aitheantais bhrionnaithe leis an rún
chun na cáipéisí sin a úsáid chun críoch, nó i ndáil le hiarratas
ar dhearbhú mar theifeach;
beidh an duine sin ciontach as cion agus féadann a bheith faoi dhliteanas
fineáil a íoc agus/nó príosúnacht a bheith gearrtha ort ar chiontú
achomair nó ar chiontú ar díotáil.
Féadann ball den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas a
d’fhéadfadh a bheith faoi amhras go ndearna siad, nó go raibh cion déanta
acu.
Cúinsí inar féidir iarrthóir ar stádas teifigh a choinneáil
Faoi réim fhorálacha Acht na nDídeanaithe, 1996, arna leasaithe,
d’fhéadfaí tú a choinneáil ag oifigeach inimirce nó ball den Gharda
Síochána más rud é, le cúis réasúnta, bítear amhrasach fút
go:
- go bhfuil tú i do bhagairt don tslándáil náisiúnta nó don bheartas
poiblí
- go ndearna tú coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den stát;
nach ndearna tú iarracht réasúnach chun d’aitheantas a bhunú, lena
n-áirítear neamhchomhall leis riachtanas chun lorg méar a sholáthar
- go bhfuil rún agat chun díbirt ón stát a sheachaint, sa chás go
n-aistreofaí d'iarratas chuig tír Rialachán Bhaile Átha Cliath
II/Choibhinsiún Bhaile Átha Cliath
- go bhfuil rún agat díbirt ón stát a sheachaint, sa chás nach
n-éiríonn le d'iarratas
- go bhfuil sé ar intinn agat an stát a fhágáil agus ceann eile a
iontráil gan údarás dlíthiúil
- gur scrios tú, gan cúis réasúnach, cáipéisí aitheantais nó
taistil nó go bhfuil tú i seilbh cáipéisí aitheantais bhrionnaithe.