Más rud é gur tháinig tú i dtír in Éirinn agus gur mhian leat iarratas a dhéanamh ar thearmann, tá sé riachtanach go mbeadh eolas agat ar an bpróiseas dlíthiúil chun é sin a dhéanamh. Ní foláir go mbeadh eolas agat ar chearta agus ar dhualgais iarrthóirí tearmainn
Is féidir leat eolas a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh ar stádas dídeanaí, conas a phléann an Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe leis na hiarratais, eolas agus seirbhísí do iarrthóirí tearmainn in Éirinn atá i soláthar díreach, cúnamh dlíthiúil d’iarrthóirí tearmainn, oideachas do dhídeanaithe, athaontú teaghlaigh do dhídeanaithe, seirbhísí agus teidil leighis agus leasa shóisialaigh do dhídeanaithe agus doiciméid taistil do dhídeanaithe. Lena chois sin, d’fhéadfadh Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath dul i bhfeidhm ar d’iarratas ar stádas dídeanaí agus tá sé riachtanach tú a chur ar an eolas faoi.
Ní foláir go mbeadh fios agat freisin ar céard ba chóir a dhéanamh sa chás go ndiúltófar le d’iarratas ar stádas dídeanaí. Foinse úsáideach eolais eile iad cinntí a thóg an tAire Dlí agus Cirt. Más mian leat d’iarratas ar stádas dídeanaí a tharraingt siar, gheobhaidh tú an t-eolas atá uait chun tarraingt siar ón bpróiseas iarrtha tearmainn
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.