Eolas
Má dhéanann an Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe nó an Bínse
Achomhairc do Dhídeanaithe moladh chuig an Aire Dlí agus Cirt gur chóir
dearbhú mar theifeach a thabhairt duit, tabharfaidh an tAire Dlí agus Cirt
dearbhú i scríbhinn duit ag maíomh gur teifeach tú. De réir Acht na
nDídeanaithe 1996, arna leasaithe; bheifeá i dteideal ansin:
- fostaíocht a lorg agus chun dul i mbun fostaíochta sa stát;
- aon ghnó, ceird nó gairm a chleachtadh sa stát;
- rochtain ar oideachas agus oiliúint a bheith agat ar an mbealach céanna
agus ar a mhéad céanna i ngach gné le saoránach Éireannach;
- an cúram agus na seirbhísí leighis chéanna agus na sochair leasa
shóisialaigh chéanna a fháil le saoránach Éireannach;
- cónaí sa stát;
- na cearta céanna a bheith agat um thaisteal istigh, isteach nó amach
ón stát le saoránaigh Éireannacha. [tabhair faoi deara: bíonn sé seo
ar an mbonn go n-eisíonn an tAire Dlí agus Cirt cáipéis taistil];
- an tsaoirse chéanna le do chreideamh a chleachtadh agus an tsaoirse
chéanna maidir le hoideachas creidimh do linbh le saoránach Éireannach;
- an rochtain chéanna ar na cúirteanna a bheith agat le
saoránach Éireannach;
- an ceart céanna a bheith agat chun cumainn agus ceardchumainn a bhunú
agus a bheith i do bhall díobh le saoránach Éireannach;
- maoin réadach nó phearsanta nó leas sa mhaoin sin a shealbhú, a
choinneáil, a dhiúscairt nó déileáil ar bhealach éigin eile léi sa
tslí chéanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteorainneacha
céanna le saoránach Éireannach.
- bheifeá i dteideal chun a chur isteach don Aire Dlí agus Cirt ar
cheadú do bhall de do theaghlach nó do pháirtnéir
sibhialta chun iontráil agus cónaí sa stát, de réir alt
18 d'Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe.
Má dhiúltaíonn an tAire Dlí agus Cirt dearbhú mar theifeach a
thabhairt duit
Má chinneann an tAire Dlí agus Cirt gan dearbhú mar theifeach a thabhairt
duit, seolfar Fógra i scríbhinn chugat ag maíomh gur
- gur diúltaíodh do d’iarratas ar dhearbhú mar theifeach;
- go bhfuil tréimhse do theidlíochta chun fanacht sa stát tar éis
éagtha agus
- go molann an tAire Dlí agus Cirt ordú díbeartha a bheartú faoina
mbeidh ort an stát a fhágáil.
Sa chás go molann an tAire ordú díbeartha a bheartú faoina mbeidh ort an
Stát a fhágáil, tabharfar trí rogha duit. Is iad na roghanna sin ná:
- aighneachtaí a dhéanamh don Aire laistigh de 15 lá oibre ag leagan
amach an fáth ar cheart go ligfí duit chun fanacht sa Stát
- an Stát a fhágáil sula gcinneann an tAire faoin ábhar agus an tAire a
chur ar an eolas i scríbhinn de na socrúcháin a rinne tú chun na
críche sin
- comhaontú le beartú an ordaithe dhíbeartha laistigh de 15 lá oibre
Má bheartaíonn an tAire Dlí agus Cirt ordú díbeartha le do bhaint den
stát
De réir an Acht Inimirce 1999, arna
leasaithe, féadann an tAire Dlí agus Cirt ordú díbeartha a bheartú i do
choinne agus d’fhéadfadh an t-ordú díbeartha a ordú duit:
- tú féin a chur i láthair chuig ball den Gharda Síochána nó
chuig Oifigeach Inimirce;
- aon cháipéis taistil, pas, ticéad taistil ná cáipéis eile i do
sheilbh a sholáthar don Gharda
Síochána nó don oifigeach inimirce;
- comhoibriú ar aon shlí is gá chun a chur ar chumas bhall den Gharda
Síochána nó Oifigeach inimirce chun cáipéis taistil, pas, ticéad
taistil nó cáipéis eile a bhíonn de dhíth chun críche na díbeartha
sin;
- cónaí nó fanacht i ndúiche nó in áit faoi leith sa Stát ar
feitheamh do bhaint den Stát;
- tuairisciú chuig stáisiún sonraithe den
Gharda Síochána nó chuig oifigeach inimirce ag eatraimh shonracha ar
feitheamh do bhaint den stát;
- a fhógairt don bhall den Gharda
Síochána nó don oifigeach inimirce a shonraítear san fhógra chomh
luath agus is féidir faoi aon athrú i do sheoladh.
Sa chás go mbíonn oifigeach inimirce nó ball den Gharda Síochána
amhrasach, le cúis réasúnta, faoi dhuine a bhfuil ordú díbeartha i
bhfeidhm ina gcoinne:
- gur theip orthu chun cloí le haon fhoráil den ordú nó le riachtanas;
- go bhfuil sé ar intinn acu an stát a fhágáil agus ceann eile a
iontráil go mídhleachtach;
- gur scrios siad cáipéisí aitheantais nó go bhfuil siad i seilbh
cáipéisí aitheantais brionnaithe nó,
- go bhfuil rún acu a chun a ndíbirt a sheachaint;
Féadann an tOifigeach i gceist an duine sin a ghabháil gan barántas agus
an duine sin a choinneáil in ionad forordaithe.
Cúlghairm an dearbhaithe mar theifeach
Féadann an tAire Dlí agus Cirt a chinneadh dearbhú mar theifeach a
chúlghairm, sna cúinsí ina ndéanann teifeach:
- cosaint thír a náisiúntachta a athfháil go deonach;
- a náisiúntacht chaillte a athshealbhú go deonach;
- náisiúntacht nua a shealbhú (nach náisiúntacht an stáit í) agus
cosaint thír a náisiúntachta féin a fháil;
- é nó í féin a athbhunú go deonach sa tír a d’fhag sé nó sí nó
ar fhan sé nó sí lasmuigh di de bharr eagla na géarleanúna;
- nach féidir leo leanúint de bheith ag diúltú d’fháil chosaint
thír a náisiúntachta toisc na cúinsí as ar eascraigh a n-aithint mar
theifeach a bheith tagtha chun éagtha;
- gur duine iad nach bhfuil aon náisiúntacht acu agus nach féidir leo
filleadh ar thír a iar-ghnáthchónaithe toisc na cúinsí as ar eascraigh
a n-aithint mar theifeach a bheith tagtha chun éagtha;
- gur duine iad ar bagairt don tslándáil náisiúnta nó don bheartas
poiblí í a láithreacht sa stát nó
- gur duine iad ar tugadh dearbhú mar theifeach dóibh ar bhonn faisnéise
a tugadh don Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe nó don Bhínse
Achomhairc do Dhídeanaithe arbh bhréagach nó míthreorach í.
Sa chás ina molann an tAire Dlí agus Cirt chun dearbhú a chúlghairm,
fógrófar don duine i gceist é agus beidh 15 lá oibre acu ó eisiúint an
fhógra chun aighneachtaí a dhéanamh don Aire Dlí agus Cirt. Sna cásanna
ina gcinneann an tAire Dlí agus Cirt dearbhú a chúlgairm, beidh 15 lá oibre
ag an té i gceist ó sheoladh an fhógra leis an gcinneadh agus na fáthanna
leis ann chun achomharc a thógáil chuig an Ard-Chúirt.
Ceisteanna slándála náisiúnta agus beartas poiblí
Faoi alt
17(2)(a) d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, má bhreitheann an
tAire Dlí agus Cirt gur gá amhlaidh, ar leas na slándála náisiúnta nó an
bheartais phoiblí ("ordre publique"); féadann an tAire, trí ordú:
- foráil a dhéanamh le nach gcuirfidh alt 3 (cearta áirithe na
dteifeach), alt 9 (cead chun iontráil nó fanacht sa stát) agus alt 18
(athaontú teaghlaigh) i bhfeidhm ar dhuine ar tugadh dearbhú mar
theifeach dóibh agus
- a ordú don duine sin an stát a fhágáil.