Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > An próiseas tearmainn in Éirinn > Má dhiúltaítear do d'iarratas ar Stádas Teifig

Print Page Send to a Friend

Má dhiúltaítear do d'iarratas ar Stádas Teifig

Eolas

Féadann roinnt cineálacha de mholadh diúltach a bheith i bhfeidhm ag brath ar chúlra do chás mar seo a leanas:

  • Sa chás ina ndéanann an Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe moladh nár cheart tú a dhearbhú mar theifeach toisc gur atarraingíodh d’iarratas, nó ina meastar d’iarratas a bheith aistarraingthe, tabharfar comhairle don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoin moladh sin agus fógrófar an méid sin duit tríd an bpost cláraithe. Ní bhíonn aon achomharc ann i gcoinne aon mholadh den chineál sin.
  • Sa chás ina ndéanann an Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe moladh nár cheart tú a dhearbhú mar theifeach, is iondúil go bhféadfá achomharc a thógáil chuig an mBinse Achomhairc do Dhídeanaithe i gcoinne an mholta laistigh de 15 lá oibre ó sheoladh an fhógra. Seolfar an fógra chugat tríd an bpost cláraithe, agus chuig do aturnae (más aithnid). Tabharfar fáthanna an mholta duit freisin lena n-áireofar an t-ábhar ar a mbraitheadh i gcinneadh an mholta féin. Bíonn tú i dteideal éisteacht bhéil a iarraidh don achomharc seo. Má thógann tú achomharc ach nach n-iarrann tú éisteacht bhéil, pléifidh an Binse le d’achomharc gan aon éisteacht bhéil.
  • Sa chás ina n-áiríonn moladh diúltach an Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe i measc a chinntí aon cheann de na cinntí breise (ar a dtugtar ‘Cinntí Alt 13(6)’) a liostaítear thíos, féadann tú achomharc a thógail chuig an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe i gcoinne an mholta laistigh de 10 lá oibre ó sheoladh an fhógra. Seolfar an fógra chugat tríd an bpost cláraithe, agus chuig do dhlíodóir (más aithnid). Tabharfar fáthanna an mholta duit freisin lena n-áireofar an t-ábhar ar a mbraitheadh i gcinneadh an mholta féin. Pléifear le haon achomharc den chineál sin ag an mBínse gan aon éisteacht bhéil.

Cinntí alt 13(6):

nár thaispeáin an t-iarratasóir aon bhunús nó gur thaispeáin siad bunús íosta don argóint gur teifeach is ea an t-iarratasóir;

go ndearna an t-iarratasóir ráitis nó gur sholáthraigh siad faisnéis chun tacú leis an iarratas; agus gurbh chomh bréagach, frisnéiseach, míthreorach nó neamh-iomlán sin iad is go gcinnfí an t-iarratas a bheith gan bunús ar bith;

gur mhainnigh an t-iarratasóir, gan cúram réasúnach, chun iarratas a dhéanamh chomh luath agus ab infheidhmithe tar éis a dteacht chun an Stáit;

gur thaisc an t-iarratasóir iarratas roimhe sin ar thearmann i stát éigin eile ar páirteach i gCoinbhinsiún na Ginéive é (is cuma ar nó nár cinneadh, bronnadh ná diúltaíodh don iarratas sin); nó

gur náisiúnach an t-iarratasóir de, nó go bhfuil ceart chun cónaí acu i dtír bhunaidh shábháilte ar feadh aga mar a ainmníonn an t-aire faoi ordú faoi alt 12(4) d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe.

Bíonn an chumhacht ag an Aire chun catagóirí áirithe iarratas a threorú lena bplé de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in alt 13(8) d’Acht na nDídeanaithe. Má eisíonn an tAire treoir mar sin agus go bpléifear le d’iarratas ar an mbealach sin, fógróidh an Coimisinéir chugat é i scríbhinn roimhré, mar a fhógrófar chuig do dhlíodóirse (más aithnid).

Faoi na nósanna imeachta a leagtar amach ag alt 13(8), dá ndéanfadh an Coimisinéir moladh diúltach agus dá bhfeidhmeodh aon cheann de na cinntí breise a liostaítear in alt 13(6) den Acht chugat, beidh ceithre lá oibre agat chun achomharc a thógáil ó sheoladh an fhógra. Seolfar an fógra chuig do dhlíodóirse (más aithnid). Tabharfar fáthanna an mholta duit freisin lena n-áireofar an t-ábhar ar a mbraitheadh i gcinneadh an mholta féin. Pléifear le haon achomharc den chineál sin ag an mBínse gan aon éisteacht bhéil.

Má chinneann tú achomharc a thógáil, ba chóir go leanfaí an nós imeachta seo a leanas:

Ní mór an t-achomharc a dhéanamh i bhfoirm scríbhinne ar fhoirm oifigiúil um Fhógra Achomhairc, foirm a áireofar leis an bhfógra ón gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe. Ní foláir an fhoirm um Fhógra Achomhairc a chomhlánú agus a chur isteach chuig an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe, 6-7 Sráid Hannover, Baile Átha Cliath 2, laistigh de na teorainneacha ama sonraithe a leagtar amach i míreanna ii, iii, agus iv thuas. Ní mór duit féin nó do dhlíodóirse an Fógra Achomhairc a chomhlánú ina iomláine lena n-áirítear forais an achomhairc.

Is í d’fhreagracht féin í chun a chruthú gur taisceadh d’achomharc laistigh den teorainn ama a cheadaítear. Má cuireadh sa phost é, ní mór an Fógra Achomhairc a sheoladh tríd an bpost cláraithe agus ní foláir duit féin an deimhniú clárúcháin a choinneáil a fhaigheann tú ag Oifig an Phoist nuair a phostálann tú an litir. Más mian leat an Fógra a sheachadadh de láimh, ba chóir duit é a tabhairt ar láimh do bhall foirne ag oifig an Bhínse Achomhairc do Dhídeanaithe féin. Tabharfar admháil dhátaithe duit agus ba chóir duit an admháil seo a choinneáil go cúramach. Má sheolann tú Fógra trí fhacs ní foláir duit an tuairisc um a thraschur rathúil a choinneáil.

Más mian leat comhairle dhlíthiúil a fháil agus nach ndearna tú amhlaidh roimhe seo ba cheart duit an méid sin a dhéanamh ar fháil do litir dhiúltaithe. Féadann tú dul i dteagmháil le Seirbhís Dhlíthiúil na dTeifeach ina leith seo. Bíonn an rogha agat freisin chun ionadaíocht phríobháideach a earcú i ndáil le d’achomharc. Ní aisíocfaidh an Bínse Achomhairc do Dhídeanaithe aon chostais dlíthiúla, ámh, a dtéitear fúthu i bhfostú ionadaíochta príobháidí dlíthiúla. Más mian leat dlíodóir a fhostú, ba cheart a dhéanamh amhlaidh sula gcomhlánaítear an Fógra Achomhairc, toisc go mbunófar breithniú d'achomhairc ar an bhFógra sin.

Ba cheart duit gach cáipéis a seoladh chugat ón gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe a thabhairt do do dhlíodóirse.

Ní foláir duit gach fianaise agus cáipéisíocht thacaíochta a chur isteach leis an bhFógra Achomhairc, óir gurb iad seo na cáipéisí ar a mbreithneofar an t-achomharc féin.

Ní mór duit forais an achomhairc a leagan amach go soiléir freisin.

Ní foláir duit an Bínse a chur ar an eolas freisin i leith aon athrú ón seoladh a soláthraíodh i d'Fhógra Achomhairc.

Breithniú achomhairc ag an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe gan éisteacht bhéil ag eascairt as ailt ii, iii, agus iv thuas

Breithneoidh an Bínse Achomhairc do Dhídeanaithe d’achomharc gan éisteacht bhéil (um na páipéir amháin) de réir ii, iii, nó iv thuas bunaithe ar:

ar "Fógra Achomhairc" a chuir tú féin nó do dhlíodóirse faoina bhráid,

ar cháipéisí agus tuairiscí a thugtar don Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe,

ar aon cháipéis tacaíochta eile ar chuir tú féin agus/nó do dhlíodóir isteach,

ar fhógra d’fhiosruithe a rinneadh nó tuairimí a thugann Coimisinéirí Iarratais do Dhídeanaithe faoi ailt 16(6) agus (7) d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe, más ann dóibh, nó aon tuairimí ag an Ard-Choimisinéir do Theifigh.

Breithniú achomhairc ag an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe le hÉisteacht bhéil

Seolfaidh an Bínse Achomhairc do Dhídeanaithe fógra chugat chun freastal ar éisteacht bhéil, má iarrann tú ceann, seacht lá oibre ar a laghad roimh dháta na héisteachta féin.

Is é Ball den Bhínse Achomhairc do Dhídeanaithe a stiúrfaidh d’éisteacht bhéil.

Ní mór duitse agus do do dhlíodóir (más ann dóibh) freastal ar an éisteacht chomh maith le haon fhínné a threoraíonn Bínse Achomhairc na dTeifeach chun freastal uirthi. Freastlóidh Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe nó oifigeach údaraithe de chuid an Choimisinéara uirthi freisin. Féadann an UNHCR freastal mar bhreathnóir.

Sa chás ina mbíonn tú i dteidil éisteachta béil, ní foláir duit an méid seo a thásc ar fhoirm d’Fhógra Achomhraic. Féadann tú a iarraidh i d’Fhógra Achomhairc freisin go bhfreastlódh fínné nó fínnéithe chun fianaise a thabhairt chun tacú le d’achomharc. Tabharfaidh an fógra um dháta d’éisteachta béil tásc ar ar bronnadh d’iarratas ar fhreastal fínné nó nár bronnadh.

Féadann breathnóirí eile freastal ar éisteachtaí béil i roinnt cásanna ar dhiscréid an Bhínse Achomhairc do Dhídeanaithe.

Déanfar gach iarracht is indéanta chun teangaire a sholáthar má theastaíonn ceann uait ag d’éisteacht bhéil. Ba chóir d’Fhógra Achomhairc an teanga nó an chanúint bheacht a shonrú a mbíonn teangaireacht de dhíth ort. Is í an t-aon fheidhm amháin a bhíonn ag an teangaire ná chun na ceisteanna agus d’fhreagraí a theangaireacht go cruinn agus go litriúil.

Stiúrfar an éisteacht bhéil ar bhonn chomh neamhfhoirmiúil agus is infheidhmithe agus ar bhealach éigin le go gcinnteofaí cothrom agus trédhearcacht na n-iomthús.

Féadann tú iarratas ar éisteacht bhéil a aistarraingt trí fhógra scríofa a thabhairt don Bhínse tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh an éisteacht. Ní foláir don fhógra scríofa an fáth don aistarraingt a leagan amach.

Mainneachtain chun freastal ar éisteacht bhéil

Sa chás go mainníonn tú, gan cúis réasúnta, chun freastal ar éisteacht bhéil; mar sin mura dtugann tú don Bhínse, tráth nach déanaí ná trí lá oibre ón dáta a socraíodh don éisteacht bhéil, míniú i dtaobh an fáth nár fhreastail tú a measann an Bínse a bheith réasúnta sna cúinsí áirithe é, measfar d’achomharc a bheith aistarraingthe. Fógrófar chugatsa agus chuig do dhlíodóir (más aithnid) faoin aistarraingt. Fógrófar chuig an Aire agus chuig an gCoimisinéir faoin aistarraingt agus diúltóidh an tAire duit dearbhú a thabhairt duit mar theifeach agus fógróidh sé nó sí chugat go ndéanfar socrúcháin i gcomhair do dhíbeartha ón Stát.

Tabhair faoi deara: ní gá go gcuirfidh mainneachtain fínné chun freastal cosc ar reachtáil na héisteachta.

Mura dtógann tú achomharc

Mura dtógann tú achomharc chuig an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe laistigh den am a cheadaítear ó sheoladh an fhógra, molfaidh Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe chuig an Aire Dlí agus Cirt nár chóir dearbhú mar theifeach a thabhairt duit. Féadann an tAire diúltú do dhearbhú a thabhairt duit agus socruithe a shocrú i gcomhair do dhíbeartha ón Stát.

Toradh d’achomhairc

Fógrófar cinneadh an Bhínse Achomhairc do Dhídeanaithe duit agus do do dhlíodóir (más aithnid) i bhfoirm scríbhinne. Cuirfear ar aghaidh chuig an Aire Dlí agus Cirt cóip den chinneadh, agus féadann sé nó sí diúltú, i gcás molta ar diúltach é, do dhearbhú a thabhairt duit mar theifeach agus socruithe a shocrú chun do dhíbirt ón Stát. Más dearfach é cinneadh an Bhínse Achomhairc do Dhídeanaithe, tabharfar dearbhú mar theifeach duit leis an Aire faoi réim ag breithnithe um shlándáil náisiúnta agus an riail phoiblí.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bínse Achomhairc do Dhídeanaithe

6-7 Sráid Hanover Thoir
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 474 8400
Facs:+353 1 474 8410
R-phost: info@refappeal.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 June 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.