Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > An próiseas tearmainn in Éirinn > Fiosrú na nIarratas ag Coimisinéir Iarratais na dTeifeach

Print Page Send to a Friend

Fiosrú na nIarratas ag Coimisinéir Iarratais na dTeifeach

Information

Fógrófar duit i scríbhinn faoi am, dáta agus áit le freastal ar agallamh i ndáil le d'iarratas.

Déanfar gach iarracht réasúnta chun teangaire a sholáthar má bhíonn ceann de dhíth ort. Ba chóir duit an teanga a bheadh de dhíth ort a chur in iúl nuair a bhíonn tú ag deimhniú d’fhreastail ar agallamh.

Más amhlaidh an cás, mar gheall ar fháth eisceachtúil éigin, nach féidir leat freastal ar agallamh, caitheann tú féin nó do aturnae dul i dteagmháil leis an Oifig Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe láithreach agus na fáthanna leis a imlíniú.

Má mhainníonn tú freastal ar agallamh ar an dáta agus an am socraithe agus má mhainníonn tú míniú a thabhairt don Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe tráth nach déanaí ná 3 lá oibre ón dáta sin ar chúis atá réasúnta i dtuairim an Choimisinéara, measfar d’iarratas a bheith aistarraingthe agus diúltóidh an tAire dearbhú a thabhairt duitse.

Maidir le d’agallamh (ar a dtugtar agallamh substainteach)

  • Is é cuspóir an agallaimh ná mionsonraí iomlána d’éilimh ar dhearbhú mar theifeach a bhunú.
  • Ba cheart duit míniú go soiléir agus go beacht d’ábhair eagla agus gach faisnéis agus mionsonraí ar ábhartha do do chúinsí féin iad.
  • Is í do dheis í an t-agallamh chun an fáth a mhíniú go mionsonrach gur eagal duit filleadh ar do thír bhunaidh.
  • Is é do dhualgas comhoibriú go hiomlán agus bheith go hiomlán fírinneach. D’fhéadfá moladh diúltach a fháil mura ndéanfaidh tú amhlaidh.
  • Tá oiliúint iomlán faighte ag an Oifigeach Údaraithe a dhéanfaidh an t-agallamh leat thar ceann Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe; is ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Theifigh (UNHCR) atá an oiliúint sin i ndaoine a chur faoi agallamh a bhíonn ag lorg dearbhú mar theifeach agus beidh faisnéis mhionsonraithe ar fáil dóibh faoi do thír bhunaidh.
  • Coinneoidh an t-agallóir taifead scríofa den agallamh. Beidh deis agat an taifead a athbhreithniú agus iarrfar ort gach leathanach a shíniú lena chinntiú gur cuntas cruinn é de d’agallamh. Síneoidh an t-agallóir gach leathanach chomh maith. Má bhraitheann tú nach cruinn aon ní atá scríofa síos, tabharfar deis duit chun é a cheartú le linn an agallaimh.
  • Féadann tú aon fhianaise dhoiciméadach a chur isteach nó aighneachtaí scríofa eile a dhéanamh chun tacú le d’éileamh roimh, nó ag d’agallamh.
  • Is í an t-aon fheidhm amháin a bhíonn ag an teangaire ná ceisteanna an agallóra agus d’fhreagraí a mhíniú go cruinn agus go litriúil. Ní thairgeoidh an teangaire comhairle duit ná ní chuirfidh sé nó sí aon tuairim in iúl faoi fhiúntas do cháis. Is feasach don teangaire go ndéantar an t-agallamh faoi rún.
  • Más mian leat ionadaí dlíthiúil a thabhairt leat, is gnách go ligfear dó nó di bheith i láthair ag an agallamh mar bhreathnóir. Tabharfar deis do d’ionadaí dlíthiúil ag deireadh an agallaimh chun aon phointí a mheastar a bheith riachtanach a chur in iúl.
  • Níl aon saoráidí ann do leanaí in Oifig Choimisinéir Iarratais na dTeifeach, mar sin ba chóir duit féin socrúcháin a dhéanamh go dtabharfaí cúram do do leanaí le linn duit a bheith ag freastal ar agallamh.
  • Ba cheart duit gach faisnéis ábhartha do d’iarratas a chur ar fáil don Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe. Má fhaigheann tú moladh diúltach agus go lorgann tú faisnéis bhreise a thabhairt chun cinn ag staid an achomhairc, tabharfaidh Bínse Achomhairc na dTeifeach an méid seo san áireamh agus do chreidiúnacht á meas aige.

Creidiúnacht

Breithneoidh an Coimisinéir nó Bínse Achomhairc na dTeifeach an méid seo a leanas agus do chreidiúnacht á meas i ndáil le d’iarratas ar stádas teifigh:

  • an bhfuil cáipéisí aitheantais agat nó an dtugann tú míniú réasúnta as gan iad a bheith agatω
  • an dtugann tú míniú réasúnta ar aon éileamh gurb í Éire an chéad tír shábháilte ar tháinig tú chuici tar éis duit do thír féin a fhágáilω
  • ar sholáthraigh tú míniú iomlán agus fírinneach faoin gcaoi ar thaistil agus ar tháinig tú go hÉirinnω
  • mura ndearna tú iarratas go láithreach ar do theacht ag pointe iontrála go hÉirinn, ar thug tú míniú réasúnta ina leith sinω
  • má rinne tú cáipéisí aitheantais nó eile a bhrionnú, a scriosadh nó a dhiúscairt, ar thug tú míniú réasúnta ina leith sinω
  • an ndearna tú d’iarratas in athuair tar éis duit aistarraingt roimhe sin, gan cúis réasúntaω
  • an ndearna tú iarratas ar thearmann tar éis tús an phróisis dhíbearthaω
  • ar chloígh tú leis an dualgas chun comhoibriú i bhfiosrú do cháis, chun faisnéis ábhartha a sholáthar ag an deis is luaithe agus is féidir, gan an Stát a fhágáil gan comhthoil an Aire Dhlí agus Chirt, chun an Coimisinéir a choinneáil ar an eolas faoi do sheoladh nó chun cloí le haon riachtanas chun cónaí ag áit ar leith nó chun tuairisciú chuig duine ainmnitheω
  • an bhfuil tú ag cur faisnéis nua chun cinn ar achomharc arbh fhéidir a thabhairt don Choimisinéir ach nár tugadhω

Measúnú d’iarratais

Cuirfidh Oifigeach Údaraithe tuairisc faoi bhráid an Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe i ndáil le d’iarratas. Bunófar an tuairisc sin ar na hábhair a thug tú aníos i scríbhinn agus ó bhéil ag d’agallamh. Tabharfaidh an tuairisc san áireamh ábhair eile a mheasann an t-oifigeach a bheith iomchuí, mar shampla, faisnéis i ndáil le cúinsí i do thír bhunaidh nó ionadaíochtaí déanta ag an UNHCR i ndáil le d’iarratas. Seolfar cóip den tuairisc seo chugatsa.

Moltaí dearfacha ag an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe

Sa chás go bhfaigheann d’iarratas ar dhearbhú mar theifeach moladh dearfach ón gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe, cuirfear do mholadh faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt a dhéanfaidh dearbhú gur teifeach tú. Tabharfar dearbhú duit i scríbhinn ag maíomh gur teifeach tú.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig An Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe

79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:8:45-16:00 Lu-hAo
Teil:+353 (0)1 602 8000
Facs:+353 (0)1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.orac.ie/
R-phost: oracmail@orac.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 June 2009

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.