Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > An próiseas tearmainn in Éirinn > Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath

Print Page Send to a Friend

Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath

Eolas

  • Le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2003, soláthraíonn Rialachán Bhaile Átha Cliath II an bunús dlíthiúil maidir le bunú na gcritéar agus na meicníochta chun socrú cén Stat atá freagrach as iarratas ar thearmann ó náisiúnach thríú tír a scrúdú i gceann amháin de Bhallstáit an AE (diomaite den Danmhairg ach lena n-áirítear an Íoslainn agus an Iorua). Fanfaidh Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, ámh, ón dáta sin idir an Danmhairg agus Ballstáit eile an AE (lena n-áirítear an Íoslainn agus an Iorua).
  • Beidh feidhm ag an rialachán ar na tíortha seo a leanas, mar atá: An Ostair, An Bheilg, An Fhrainc, An Ghréig, Poblacht Chónaidhmeach na Gearmáine, An Fhionlainn, Poblacht na hÍoslainne, Éire, An Iodáil, Ard-Diúcacht Lucsamburg, An Ísiltír, Ríocht na hIorua, An Phortaingéil, An Spáinn, An tSualainn agus An Ríocht Aontaithe.

Nuair a dhéanann tú d'iarratas ar dhearbhú mar theifeach, féadtar do chás a imscrúdú faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath II. Is féidir leat aighneachtaí SCRÍOFA ina leith seo a chur faoi bhráid an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe, Aonad Rialachán Bhaile Átha Cliath II, 79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Agus cinneadh á dhéanamh cé acu an n-aistreofar nó nach aistreofar d’iarratas, cuirfidh an Coimisinéir san áireamh gach ní ábhartha arb eol dó nó di é, lena n-áirítear aon aighneacht a dhéanann tú nó a dhéantar ar do shon.

Breithniú d’iarratais faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath II

I roinnt cásanna, b'fhéidir go gcaithfeadh iarrthóirí a bheith rannpháirteach in agallamh ar leith a bhaineann go sonrach le breithniú iarratais faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath II. Is dóchúla, ámh, go mbaileofar an fhaisnéis sin i gcaitheamh an agallaimh thosaigh nó de bhun fhianaise méarloirg.

Má dhealraítear ag aon staid agus d’iarratas á fhiosrú go mba cheart go bpléifí le d’iarratas i Stát a thagann faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath II, féadtar plé le d’iarratas de réir an Rialacháin.

D’fhéadfadh se tarlú i do chás go n-iarrfadh

Éire ar Stát Rialacháin eile freagracht a ghlacadh as d’iarratas. Áireofaí leis seo aistriú chun críoch aontacht teaghlaigh, mar shampla, nó sa chás inar eisigh Stát eile víosa nó cead oibre leat nó sa chás inar thrasnaigh tú críoch Stát Rialacháin eile go rialta sula ndearna tú iarratas ar thearmann in Éirinn.

Féadann Éire a iarraidh ar Stát Rialacháin eile d’iarratas a thabhairt ar ais toisc go ndearna tú iarratas ar thearmann i Stát Rialacháin eile mar shampla, agus nár críochnaíodh an t-éileamh go fóill, nó go ndearna tú éileamh tearmainn i Stát Rialacháin eile agus gur aistharraing tú d'éileamh tearmainn sa Stát sin, nó gur diúltaíodh d’iarratas ar thearmann agus go bhfuil tú in Éirinn gan chead.

Leagtar amach achoimre de na teorainneacha ama éagsúla chun ‘freagracht a ghlacadh’ agus chun cásanna ‘a thabhairt ar ais’ mar seo a leanas:

Glacadh freagrachta

Ní mór iarratas chuig Stát Rialachán Bhaile Átha Cliath chun freagracht a ghlacadh a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó dháta d’iarratais (tearmainn). Ní foláir don Stát ar a n-iarradh cinneadh a thabhairt tráth nach déanaí ná dhá mhí ón dáta ar a bhfuarthas an t-iarratas.

Nuair nach ndéanann Éire an t-iarratas chun freagracht a ghlacadh ar iarrthóir tearmainn chuig an Stát eile laistigh den tréimhse thrí mhí, luíonn an fhreagracht le hÉirinn.

Féadann Éire freagra práinneach a iarraidh ón Stát ar a n-iarradh sna cásanna inar diúltaíodh duit cead chun iontrála nó fanacht in Éirinn. Is féidir le hÉirinn iarratas práinneach a dhéanamh freisin má gabhadh tú as fanacht neamhdhlíthiúil nó tar éis sheirbheáil nó rith ordú bainte agus/nó sa chás go mbíonn tú faoi choinneáil. Luafaidh an t-iarratas na fáthanna a éilíonn an freagra práinneach agus an tréimhse a bhfuiltear ag dúil le freagra laistigh di. Is seachtain amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin.

Sna cásanna ina ndéanann Éire iarratas práinneach, déanann an Stát ar a n-iarradh gach iarracht chun cloí leis an sprioc-am a iarradh. Má bhíonn an cás casta féadann an Stát freagra a thabhairt tar éis na tréimhse iarrtha ach faoi thráth nach déanaí ná mí amháin. Ní foláir don Stát ar a n-iarradh a chinneadh a chur i gcumarsáid, ámh, le hÉirinn chun a fhreagra a chur ar athló laistigh den bhunsprioc a iarradh ag Éirinn.

Má mhainníonn an Stát ar a n-iarradh gníomhú laistigh den tréimhse dhá mhí nó den tréimhse mhí amháin dá dtagraítear thuas, is ionann é seo agus glacadh an Stáit ar a n-iarradh le hiarratas na hÉireann chun freagracht a ghlacadh as do chóras iarratais.

Tabhairt ar ais

Sa chás go n-iarrann Éire ar Stát Rialacháin d’iarratas ar thearmann a thabhairt ar ais, ní foláir don Stát Rialacháin ar a n-iarradh chun tabhairt ar ais na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh agus a fhreagairt don iarratas a rinne Éire chomh sciobtha agus is féidir agus gan a bheith níos mó ná mí amháin in aon chúinsí ó dháta an iarratais.

Má bhíonn iarratas na hÉireann bunaithe ar shonraí a fuarthas ón gcóras Eurodac, laghdaítear an teorainn ama mhí amháin dá dtagraítear sa mhír roimhe seo go dhá sheachtain.

Mura bhfreagraíonn an Stát ar a n-iarradh d’iarratas na hÉireann chun tabhairt ar ais laistigh den tréimhse mhí amháin nó den tréimhse dhá sheachtain dá dtagraítear sna míreanna roimhe seo breithneofar an Stát ar a n-iarradh le tar éis aontú le tabhairt ar ais d'iarratas ar thearmann.

Má cheaptar Stát Rialachán Bhaile Átha Cliath II le bheith freagrach as imscrúdú d’iarratais agus go n-aontaíonn an Stát chun freagracht a ghlacadh le haistriú d’iarratais, cuirfear tú ar an eolas láithreach i scríbhinn go moltar tú a aistriú chuig an tír sin um breithniú d’iarratais.

Aontacht theaghlaigh

Tabhair faoi deara go bhféadann Éire iarradh ar agus aontú le Stát Rialacháin eile freagracht a ghlacadh le do chéile nó le do leanaí cleithiúnacha mionúir, i dteannta d’iarratais, fiú mura ndearna do chéile ná do leanaí cleithiúnacha mionúir iarratas ar thearmann sa Stát Rialacháin ar freagrach as d’iarratas tearmainn é.

Is í an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a eagróidh aistriú d’éilimh thearmainn. Tarlóidh an t-aistriú chomh luath agus is infheidhmithe go praiticiúil é agus ar a laghad laistigh de shé mhí óna ghlacadh leis an Stát Rialachán Bhaile Átha Cliath II.

Sa chás nach dtarlaíonn d’aistriú laistigh den teorainn ama sé mhí, luífidh freagracht as d’éileamh tearmainn le hÉirinn. Ba chóir go dtabharfaí faoi deara, ámh, gur féidir an teorainn ama seo a shíneadh suas go huasmhéid de bhliain amháin mura féidir an t-aistriú a chur i gcrích de bharr do phríosúnachta nó suas go huasmhéid de hocht mí dhéag má éalaíonn tú.

Achomharc Rialachán Bhaile Átha Cliath II

Beidh 15 lá oibre agat ó dháta chinneadh an Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe chun achomharc a thógáil chuig an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe. Soláthrófar fógra éilimh chugat chun na críche sin. Fógrófar don Aire faoi chinneadh sa tsúil is go ndéanfaí socrúcháin do d’aistriú chuig an Stát Rialacháin Bhaile Átha Cliath II i gceist. Ní chealóidh aon achomharc a chuireann tú isteach aistriú d’iarratais nó d’aistriú chuig an tír sin. Ar do theacht chuig an tír ábhartha ba chóir duit a fhógairt láithreach don Bhínse Achomhairc do Dhídeanaithe faoi do sheoladh chun críche an chomhfhreagrais leat i ndáil le d’achomharc.

Céard a tharlaíonn má éiríonn le hachomharc Rialachán Bhaile Átha Cliath II?

Má chuireann an Binse Achomhairc do Dhídeanaithe cinneadh an Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe ar ceal, fillfidh an Bínse Achomhairc do Dhídeanaithe d’iarratas chuig an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe lena imscrúdú. Gheobhaidh tú fógra scríofa le do chomhairliú faoi seo. Má aistríodh tú cheana féin chuig tír éigin eile Rialachán Bhaile Átha Cliath II, eagrófar socruithe i gcomhair d’fhillte.

Céard a tharlóidh má scrúdaíonn an Danmhairg m’iarratas ?

Cé nach bhfuil an Danmhairg faoi cheangal ag Rialachán Bhaile Átha Cliath II, tá Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath fós i bhfeidhm idir Éire agus an Danmhairg. Má tharlaíonn se gurb é an Danmhairg a scrúdaíonn do chás, próiseálfar do chás de réir Acht na nDídeanaithe, Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath agus Ordú Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (Forghníomhú) 2000. Féadann Éire a iarraidh ar an Danmhairg freagracht a ghlacadh le d’iarratas ar dhearbhú mar theifeach, agus féadfar tú a aistriú ansin chuig an tír sin.

Nuair a dhéanann tú d’iarratas ar dhearbhú mar theifeach agus go ndealraíonn sé go bhféadfadh an Danmhairg a bheith freagrach as, féadfar fógra i scríbhinn a thabhairt duit, do do chomhairliú go bhféadfaí do chás a scrúdú faoi Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath. Is féidir leat aighneachtaí scríofa a dhéanamh ina leith seo, chuig an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe laistigh de chúig lá oibre ó eisiúint an fhógra sin. Má dhealraítear le linn fhiosrúchán an Choimisinéara go mbíonn an Danmhairg freagrach as d’iarratas, cuirfear ar an eolas tú i scríbhinn go bhfuiltear á mholadh do bhaint chuig an tír sin i gcomhair bhreithniú d'iarratais.

Beidh cúig lá oibre agat ó dháta chinneadh Choimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe chun achomharc a thógáil chuig an mBínse Achomhairc do Dhídeanaithe. Mura dtógann tú achomharc nó má chumhdaíonn an Bínse cinneadh an Choimisinéara, eagróidh an tAire d’aistriú chuig an Danmhairg.

Má chuireann an Binse cinneadh an Choimisinéara ar ceal, fillfear d’iarratas chuig an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe lena imscrúdú. Gheobhaidh tú fógra scríofa le do chomhairliú faoi seo.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig An Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe

79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:8:45-16:00 Lu-hAo
Teil:+353 (0)1 602 8000
Facs:+353 (0)1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.orac.ie/
R-phost: oracmail@orac.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 July 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

  • Córas Eurodac
    Bhunaigh an tAontas Eorpach an córas Eurodac chun méarloirg na n-iarrthóirí tearmainn a chur i gcomparáid le méarloirg na n-inimirceach neamhdhleathach.
  • Má dhiúltaítear do d'iarratas ar Stádas Teifig
    Tugann an doiciméad seo cur síos ar an bpróiseas achomhairc sa chás go ndiúltófar do d’iarratas ar stádas dídeanaí.
  • Cearta agus oibleagáidí na niarrthóirí tearmainn
    Tá cearta dlíthiúla áirithe ag iarrthóirí tearmainn agus acu siúd a chuireann iarratas isteach ar dhearbhú dídeanaí in Éirinn. Tá oibleagáidí tábhachtacha orthu freisin. Faigh eolas maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí seo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.