Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > Seirbhísí do lucht iarrtha tearmainn in Éirinn > Cúnamh dlí d'iarrthóirí tearmainn in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Cúnamh dlí d'iarrthóirí tearmainn in Éirinn

Eolas

Tá cúnamh dlí saor in aisce ar fáil d'iarrthóirí tearmainn in Éirinn tríd an tSeirbhís Dhlíthiúil do Dhídeanaithe chun cabhrú i ngach stáid den phróiseas tearmainn. Ina measc seo tá an chéad iarratas, an chéad agallamh, achomhairc agus comhairle ar dhíbirt. Ar an láimh eile, d'fhéadfadh tú dlíodóir a fháil ar bhun gnó agus ar do chostas féin. Is féidir leat freisin dul i gcomhairle le hArd- Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe.

Cuireann Comhairle Dídeanaithe na hÉireann seirbhísí dlí ar fáil, bíodh is go bhfuil siad teoranta. Comhairle agus tacaíocht is mó a thugann siad dóibh siúd atá ag lorg tearmainn. Déileáileann siad le gnéithe ar nós iarratas ar thearmann agus ag ullmhú do agallamh.

Ba chóir duit comhairle dlí a lorg chomh luath agus is féidir sa phróiseas tearmainn.

An tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe

Is oifig í an tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe a bhunaigh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil chun seirbhísí neamhspleácha agus rúnda dlí a sholáthair dóibh siúd atá ag lorg tearmann in Éirinn. Tá cúnamh dlí agus comhairle ar fáil i gcásanna cuí or orduithe díbeartha. Cuireann an tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe seirbhís rúnda ar fáil do gach duine a théann i dteagmháil leo. Chun cáiliú do sheirbhísí dhlí, caithfidh tú tástáil acmhainne a dhéanamh - féach 'Rialacha' thíos.

Is eagraíocht neamhspleách reachtúil é an Bord um Chúnamh Dlíthiúil a thugann seirbhísí dhlí ar chásanna sibhialta.

Seirbhísí dlíthiúla ar fáil

Tabharfar cabhair chomh luath agus is féidir don duine a dhéanamh iarratas ar sheirbhísí dlíthiúla. Tabharfar cabhair ar na bealaí seo a leanas:

  • Tabharfaidh An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe cabhair go ginearálta leis na hiarratais ar tearmann trí comhairle a thabhairt dhuit sula ndéanann tú do cheistneoir a sheoladh chuig Oifig An Chomisinéara um Iarratais do Dhídeanaithe nó sula fhreastalaíonn tú ar agallamh in Oifig an Choimisinéara um Iarratais do Dhídeanaithe.
  • Is féidir leis An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe aighneachtaí scríofa a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara um Iarratais do Dhídeanaithe ag tacú le do iarratas ar thearmann
  • Is féidir leis An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe ionadaíocht a dhéanamh ar do shon os comhair An Binse um Achomhairc Dídeanaithe
  • Áit a ndiúltaítear do iarratas ar dhídean, is féidir leis An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe cabhrú go ginearálta le do iarratais de réir an Achta Inimirce 1999 agus ábhair a eascraíonn ón aighneacht seo.
  • Tá An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe ábalta cabhrú maidir le ordaithe díbeartha agus an próiseas a bhaineann le hathbhreithniú dlíthiúil.

Rialacha

Tástáil acmhainne

Chun cáiliú do sheirbhísí dhlí, caithfidh do ioncaim, gan liúntaisí áirithe, a bheith níos lú ná €18,000 agus caithfidh tú an ranníocaíocht is ísle de €10 a dhéanamh ar chomhairle dlí agus €50 má dhéanann duine ionadaíocht ar do shon os comhair An Bhinse Achomhairc do Dhídeanaithe nó ionadaíocht ar do shon san Ard-Chúirt. Má tá ranníocaíocht de €10 íoctha agat cheana féin ar chomhairle dlí, tá fuílleach de ranníocaíocht de €40 dlite.

Go ginearálta ní bheidh gá do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh ach an ranníocaíocht is ísle a íoc. Is féidir le daoine atá ag fáil Soláthair Dhírigh iarratas a dhéanamh go n-ísleófaí a ranníocaíocht, ar dhiscréid An Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil.

Riachtanaisí iad siúd atá ag lorg cúnaimh

Má bhíonn tú i do chliant ag an tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe caithfidh tú:

  • An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe a choinneáil ar an eolas i gcónaí faoi do sheoladh reatha.
  • Freastal ar choinní atá eagraithe duit le do aturnae nó leis an oibrí san tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe atá ag plé le do chás. Tá teorainneacha déine i bhfeidhm ag chuile stáid den phróiseas tearmainn agus má theipeann ort freastal ar choinní in am d'fhéadfadh sé cuir isteach ar an tseirbhís atá An tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe ábalta a sholáthar duit.

Conas iarratas a dhéanamh

Dul ag an oifig nó glaoch teileafóin a dhéanamh chuig an tSeirbhís Dhlí do Dhídeanaithe chun coinne a dhéanamh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe

48-49 Sráid Brunswick Thuaidh
Lána Sheoirse
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil:+353 (0)1 646 9600
Facs:+353 (0)1 671 0200
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie/lab/publishing.nsf/Content/Refugee_Legal_Service
R-phost: dublinrls@legalaidboard.ie

An tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe

Teach Cé Thuaidh
Cé an Phápa
Corcaigh
Éire

Teil:+353 (0)21 455 4634
Facs:+353 (0)21 455 7622
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie/lab/publishing.nsf/Content/Refugee_Legal_Service
R-phost: corkrls@legalaidboard.ie

An tSeirbhís Dlí do Dhídeanaithe

Teach Seville
Sráid na Duga Nua
Gaillimh
Éire

Teil:+353 (0)91 562480
Facs:+353 (0)91 562599
Láithreán Gréasáin: http://www.legalaidboard.ie/lab/publishing.nsf/Content/Refugee_Legal_Service
R-phost: rlsgalway@legalaidboard.ie

Comhairle Dídeanaithe na hÉireann

1 Plás an Bainc
Inis
Clare
Ireland

Teil:+353 65 682 2026
Facs:+353 65 682 2017
Láithreán Gréasáin: http://www.irishrefugeecouncil.ie
R-phost: irc.ennis@eircom.net

Comhairle Dídeanaithe na hÉireann

2 Urlár
Teach Bhallasta
Cé Aston
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 1 764 5854
Facs:+353 (0)1 672 5927
Láithreán Gréasáin: http://www.irishrefugeecouncil.ie
R-phost: info@irishrefugeecouncil.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 July 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.