Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > Stádas dídeanaí agus cead fanacht > Cáipéisí taistil do dhídeanaithe

Print Page Send to a Friend

Cáipéisí taistil do dhídeanaithe

Eolas

Is féidir le duine, mar dhídeanaí, iarratas a dhéanamh ar cháipéis taistil chun taisteal thar lear. Bíonn daoine a ndéantar fochosaint a cheadú dóibh incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil.

Is féidir leat teacht ar fhaisnéis faoi dhoiciméid taistil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirdseachta agus Inimirce na hÉireann.

Rialacha

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh leis an Aire Dlí, Cirt agus Comhionannais le haghaidh doiciméad taistil:

  • Má bronnadh ort stádas dídeanaí i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive, 1951
  • Más ball teaghlaigh thú ina bhfuil duine ag a bhfuil stádas dídeanaí ar ar bronnadh athaontú teaghlaigh
  • Má dearbhaíodh gur duine gan stát thú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive, 1954
  • Má ceadaíodh cosaint choimhdeach duit faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Teidlíocht Cosanta), 2006. (Tá baill teaghlaigh nár tugadh cead dóibh fanacht in Éirinn mar thoradh air seo i dteideal, freisin, iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad taistil)
  • Má dearbhaíodh gur dídeanaí Cláir thú i gcomhréir le halt 24 d’Acht na nDídeanaithe, 1996 (arna leasú)

Féadann tú taisteal saor ó bhac laistigh agus lasmuigh den stát leis an gcáipéis seo. Is féidir leat taisteal chuig mórchuid de bhallstáit an AE leis an gcáipéis seo gan víosa a fháil. Teastaíonn víosa ó roinnt tíortha, áfach, mar sin moltar duit seiceáil le hambasáid pé tír a bhfuil sé i gceist agat taisteal chuici i dtaobh riachtanais víosa. Ní theastaíonn víosa athiontrála uait chun filleadh ar Éirinn.

Leanaí

Teastaíonn a ndoiciméad féin taistil ó do leanaí. Ní mór go ngabhfaidh teastas breithe an linbh mar aon le fianaise go bhfuil cónaí in Éirinn ar an leanbh le hiarratas le haghaidh linbh. Tá doiciméid taistil do leanaí d’aois 5-17 mbliana bailí ar feadh a mhéid agus 10 mbliana. Tá doiciméid taistil do leanbh faoi 5 bliana d’aois bailí ar feadh a mhéid agus 5 bliana.

Doiciméad tastil malartach

Mura bhfuil stádas dídeanaithe nó fochosanta agat ach gur bronnadh cead fanachta in Éirinn ort, ba chóir duit iarratas ar phas a dhéanamh chuig ambasáid do thíre. I gcásanna eisceachtúla áirithe a bhaineann le daoine ar ceadaíodh dóibh fanacht agus nach bhfuil pas acu, d’fhéadfadh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais doiciméad taistil malartach a eisiúint.

Má eisítear doiciméad taistil malartach duit, beidh sé bailí suas go dtí dáta éaga do Theastas Inimirce de Chlárú (cárta BNGSI). Caithfidh tú víosa athiontrála a fháil sula bhfágann tú an Stát nó b’fhéidir go mbeidh deacrachtaí agat agus tú ag iarraidh ath-iontráil. Teastaíonn víosa uait chomh maith chun dul isteach i dtíortha eile an AE.

Rataí

Ó Samhain 2011 is €80 (€12 roimhe seo) táille iarrataís ar cháipéis taistil.

Cosnaíonn víosa aon-iontrála €60 agus tá €100 ar víosa il-iontrála.

Conas iarratas a dhéanamh

Ó Samhain 2011 ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar an tAonad Seirbhísí Dhoiciméid Taistil don Seirbhís Eadóirseach (SEIÉ) ag baint úsáide duit as an leagan nua den iarrtais ar cháipéis tastil (pdf) - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Tá tuilleadh eolais chun cabhrú leat iarratas a dhéanamh ar an láithréan gréasáin SEIÉ (pdf). Ba chóir duit na nithe a leanas a chur san áireamh leis an iarratas comhlánaithe:

Ní mór do bhall den Gharda Síochána dhá cheann de na grianghraif a shíniú agus a stampáil agus an ball sin ina f(h)inné ort agus an fhoirm á comhlíonadh agat. Glacfaidh sé idir 4 agus 6 seachtaine le d’iarratas a phróiseáil agus seolfar do dhoiciméid taistil chugat tríd an bpost cláraithe. Má dhiúltaítear do d’iarratas, cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn. Ní mholtar duit aon socruithe taistil a dhéanamh go dtí go bhfaigheann tú do dhoiciméid taistil.

Víosaí athiontrála: Sula ndéanfaidh tú socrú taistil ar bith, ní mór duit iarratas a dhéanamh le hOifig Víosaí SEIÉ ag baint úsáide duit as an bhfoirm iarratais ar víosa athiontrála (pdf). Tá faisnéis ar an suíomh SEIÉ maidir le conas iarratas a dhéanamh agus na tréimhsí phróiseála reatha.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tAonad Dhoiciméid Taistil

Rannán Seirbhíse Inimirce
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
1ú Urlár
13-14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie
R-phost: INIStravdoc@justice.ie

Oifig na Viosaí Athiontrála

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhurcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:8.30rn - 2.30in Luan go Aoine (seachas laethanta saoire poiblí)
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 February 2012

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.