Eolas
Dídeanaithe Choinbhinsiúin
Tá na cearta seo ag dídeanaithe Choinbhinsiúin:
- An ceart chun fostaíocht a lorg agus a iontráil sa stát;
- An ceart chun aon ghnó, trádáil nó gairm a chleachtadh sa stát;
- An ceart chun rochtain ar oideachas agus oiliúint ar an mbealach céanna
agus ar a mhéad céanna i ngach gné le saoránach Éireannach;
- An ceart chun an cúram agus na seirbhísí leighis chéanna agus na
sochair leasa shóisialaigh chéanna, lena n-áirítear tithíocht, le
saoránach Éireannach;
- An ceart chun cónaí sa Stát;
- Na cearta céanna taistil isteach nó amach ón stát leo siúd a mbíonn
saoránaigh Éireannacha i dteidil dóibh [tabhair faoi deara: bíonn sé
seo ar an mbonn go n-eisíonn an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais
cáipéis taistil];
- An tsaoirse chéanna chun a gcreideamh a chleachtadh agus an tsaoirse
chéanna maidir le hoideachas creidimh a leanaí le saoránach Éireannach;
- An ceart don rochtain chéanna ar na cúirteanna le saoránach
Éireannach;
- An ceart céanna chun cumainn agus ceardchumainn a bhunú agus a bheith
ina mball díobh le saoránach Éireannach;
- An ceart chun maoin réadach nó phearsanta nó leas sa mhaoin sin a
shealbhú, a choinneáil, a dhiúscairt nó déileáil ar bhealach éigin
eile léi sa tslí chéanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na
dteorainneacha céanna le saoránach Éireannach.
- An ceart chun cur isteach chuig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais
ar chead do bhall dá
dteaghlaigh nó páirtnéir sibhialta chun iontráil agus cónaí sa
Stát.
Dídeanaithe chláir
Beidh an teidlíocht chéanna ag dídeanaí cláir, don tréimhse a mbíonn
teidlíocht acu chun fanacht sa stát, ar na cearta agus na pribhléidí a
thugtar do dídeanaithe Choinbhinsiúin, faoi alt 3 d’Acht na nDídeanaithe,
1996, arna leasaithe.
Daoine a dtugtar cead fanacht dóibh
Cé nach leagtar amach sa reachtaíocht é, is iondúil go mbronntar an cuid
is mó de na cearta agus na pribhléidí céanna ar dhaoine a dtugtar cead fanacht dóibh agus
dídeanaithe Choinbhinsiúin, faoi alt
3 d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe. Níl an ceart acu chun
athaontú teaghlaigh ach féadann aon duine a bhíonn i dteideal cónaí agus
fanacht sa Stát cur isteach chuig an Aire chun ceadú do bhaill teaghlaigh a
bheith leo. Féadann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead a
bhronnadh nó a dhiúltú ar bhonn discréideach.