Print Page Send to a Friend

Cead chun fanacht in Éirinn

Eolas

Caithfidh náisiúnaigh coigríche seachas naisiúnaigh ón LEE agus ón Eilbhéis cead a fháil chun cónaí in Éirinn. Tá cineálacha difriúla ceada ann le haghaidh náisiúnach neamh-LEE, cead le haghaidh mac léinn agus cead do dhaoine a oibríonn in Éirinn san áireamh. Is daoine ar bronnadh stádas dídeanaithe orthu na náisiúnaigh neamh-LEE eile a bhfuil cead acu fanacht in Éirinn. Tugtar cead fanachta ar chineál áirithe amháin ceada chun cónaí in Éirinn. Is stádas é seo a bhronntar de rogha an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Féadfar cead fanachta a bhronnadh ar dhaoine ar diúltaíodh iad a dhearbhú mar dhídeanaithe ach nach bhfuil tar éis filleadh abhaile ar chúis dhaonnúil nó ar chúis an-láidir eile. Féadfar é a bhronnadh ar náisiúnaigh neamh-AE ar diúltaíodh iad a dhearbhú mar dhídeanaithe, freisin, agus nach bhfuil i dteideal fochosanta de réir Rialachán na gComhphobal Eorpach (Teidlíocht Cosanta) 2006 (pdf).

Daoine a fhaigheann cead chun fanacht in Éirinn

Féadfar cead chun fanacht sa Stát a thabhairt do dhuine ar diúltaíodh é/í a dhearbhú mar dhídeanaí agus nach bhfuil i dteideal fochosanta. Is féidir le duine tarraingt siar ón bpróiseas tearmainn agus cead a lorg chun fanacht sa Stát. Tugtar cead fanachta de rogha an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, go hiondúil ar chúiseanna daonnúla.

Tá dhá ghrúpa iarrtha tearmainn ar féidir cead a bhronnadh orthu chun fanacht sa Stát:

  • Iad siúd a tharraingíonn siar ón bpróiseas tearmainn
  • Iad siúd ar dhiúltaigh an Coimisinéir Iarratas do Dhídeanaithe dearbhú mar dhídeanaithe a bhronnadh orthu, ar theip orthu athrú a dhéanamh ar an gcinneadh seo tríd an mBinse Achomhairc Dídeanaithe agus ar diúltaíodh a n-iarratas ar fhochosaint

Is iad seo na daoine a tharraingíonn siar ón bpróiseas tearmainn chun cead fanachta a lorg de ghnáth:

  • Daoine a phósann nó a dhéanann páirtnéireacht shibhialta le saoránach Éireannach agus
  • Daoine a phósann nó a dhéanann páirtnéireacht shibhialta le saoránach AE

Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn 2005

Roimh 2003, d'fhéadfadh tuismitheoirí linbh a rugadh in Éirinn tarraingt siar ón bpróiseas tearmainn agus cead fanachta a lorg. Ó Feabhra 2003, ní ghlacann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hiarratais ar chead fanachta ar an gcúis go bhfuil duine mar thuismitheoir ag leanbh a rugadh in Éirinn. In 2005 agus de réir na Scéime um Leanaí a Rugadh in Éirinn (IBC/05) tugadh cead fanachta tosaigh de 2 bhliain, do roinnt tuismitheoirí náisiúnaigh coigríche le leanaí a rugadh sa Stát roimh an 1 Eanáir 2005. I 2007 faoin scéim athnuachana IBC/05 (pdf) féadfar an cead fanachta a shíneadh ar feadh 3 bliana faoi réir coinníollacha áirithe. I 2010 féadfar iarratas a dhéanamh ar shíneadh chead fanachta ar feadh 3 bliana sa bhreis - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Cearta daoine ar bronnadh cead fanachta orthu

Tá go leor de na cearta céanna ag daoine a fhaigheann cead fanachta agus atá ag daoine a bhaineann stádas dídeanaithe amach. Caitfidh siad bheith in a gcónaí in Éirinn ar feadh 5 bliana chun bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar shaoránacht. Níl ceart acu i leith athaontú teaghlaigh ach féadfaidh aon duine atá i dteideal cónaí agus fanacht sa Stát iarratas a chur chuig an Aire chun go gceadódh sé do dhaoine muinteartha teacht isteach sa Stát freisin. Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cead a bhronnadh nó a dhiúltiú ar bhonn lánroghnach. Níl na tuismitheoirí náisiúnaigh coigríche a fhaigheann cead fanachta faoi Scéim Leanaí a Rugadh in Éirinn (IBC/05) cáilithe chun deontais tríu leibhéal nó táillí a fháil.

Tuismitheoirí de leanaí ar shaoránaigh Éireannacha iad

Ar 8 Márta 2011 rialaigh an Chúirt Cheartais Eorpach (CCE) ar an gcás Zambrano C 34/09, nach féidir le haon bhallstát Eorpach diúltiú do thuismitheoirí neamh-AE de leanbh cleithiúnach ar shaoránach é, agus a bhfuil cónaí air, i mballstát Eorpach ceart cónaithe agus oibre sa bhallstát sin.

Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag déanamh athbhreithnithe ar chásanna tuismitheoirí neamh-LEE de leanaí Éirreannacha mionaoiseacha ar shaoránaigh Éireannacha iad a d’fhéadfadh critéir a luadh sa bhreithiúnas Zambrano a chomhlíonadh. Má chomhlíonann siad critéir Zambrano, d’fhéadfaí go dtabharfaí cead do na tuismitheoirí neamh-LEE cónaí agus oibriú in Éirinn gan ceanglais cead fostaíochta nó cead gnó. Tá liosta ceisteanna coitianta faoi bhreithiúnas Zambrano ar fáil i láithreáin ghréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann.

Conas iarratas a dhéanamh

I gcás iad siúd a tharraingíonn siar ón bpróiseas tearmainn, is é seo a leanas an bealach ina lorgaítear cead fanachta:

Dóibh siúd ar diúltaíodh a n-iarratas ar dhearbhú is é seo a leanas an modh ina bhfaightear cead fanachta:

  • Má theip ort dearbhú mar dhídeanaí nó fochosaint a fháil, cé go dearna tú iarratas leis an gCoimisinéir d'Iarratais Dídeanaithe agus leis an mBinse Achomhairc Dídeanaithe, cuirtear do chomhad díreach chuig Rannóg Athdhúichithe na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais a mholann don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais tú a dhíbirt as an tír nó cead fanachta a bhronnadh ort.
  • Braitheann an cinneadh chun cead fanachta a bhronnadh ar shábháilteacht na tíre ar a mbeadh tú ag filleadh i gcás díbeartha.
  • Cinnfidh an tAire cead fanachta a bhronnadh ort nó gan cead fanachta a bhronnadh ort tar éis moladh a fháil ón Rannóg Athdhúichithe.
  • Cuirfear fógra scríofa chugat má chinneann an tAire cead fanachta a bhronnadh ort. Ina mhalairt de chás, cuirfear fógra chugat ag rá gur mian leis an Aire tú a dhíbirt.

Má tá cead fanachta bronnta ort de réir na Scéime um Leanaí a Rugadh in Éirinn (IBC/05) agus má tá an cead seo athnuaite i 2007 (pdf) is féidir leat iarratas a chur chun do chead a athnuachan ar fad 3 bliana sa bhreis. Caithfidh tú agus do leanbh saoránach a rugadh in Éirinn dul go dtí d’oifig chlárúcháin inimirce áitiúil* 2 seachtain (14 lá) nó níos lú roimh dháta éaga do chead fanachta. Caithfidh na doiciméid seo leanas a thabhairt leat:

  • Do phas nó chárta náisiúnta aitheantais bhunaidh
  • Do chárta BNGSI bhunaidh
  • Dearbhú de do chónaí sa Stát, mar bhille fhóntais nó litir ó roinn Rialtais

Má shíntear do chead fanachta ar fad 3 bliana sa bhreis, caithfidh tú an táille chlárúcháin €150 a íoc. Tá tuilleadh eolais faoi na socruithe athnuachana ar an suíomh gréasáin SEIÉ.

*Is d’oifig chlárúcháin inimirce áitiúil é sin Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI) má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath agus do Cheanncheathrú Ceantair an Gharda Síochána má tá cónaí ort taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig An Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe

79-83 Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:8:45-16:00 Lu-hAo
Teil:+353 (0)1 602 8000
Facs:+353 (0)1 602 8122
Láithreán Gréasáin: http://www.orac.ie/
R-phost: oracmail@orac.ie

An Rannóg um Chearta Chonradh AE

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

R-phost: eutreatyrights@justice.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 July 2011

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.