Print Page Send to a Friend

Athaontú teaghlaigh dídeanaithe

Eolas

Féadann duine le stádas dídeanaí a chur isteach faoi alt 18 d’Acht na nDídeanaithe, 1996, chuig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar chead le ball dá dteaghlach nó páirtnéir sibhialta chun iontráil agus cónaí sa stát. Tarchuirtear an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh chuig an gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe agus tugtar fógra d’Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe.

Fiosróidh Coimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe an t-iarratas agus cuirfidh tuairisc i bhfoirm scríbhinne chuig an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Leagfaidh an tuairisc amach an gaol idir an dídeanaí i gceist agus an duine a ndéantar an t-iarratas ar a son agus cúinsí baile an duine sin.

Má bhíonn an tAire sásta, tar éis machnamh dó ar an tuairisc ón gCoimisinéir Iarratais do Dhídeanaithe, gur ball de theaghlach nó páirtnéir sibhialta an dhídeanaí é an duine san iarratas, bronnfaidh an tAire cead i bhfoirm scríbhinne chuig an duine chun iontráil agus cónaí sa stát. Ní bhíonn an ceart ag daoine le cead chun fanacht ar athaontú teaghlaigh. Féadann siad a chur isteach, ámh, le go n-aontódh ball dá dteaghlach leo in Éirinn. Níl aon sainmhíniú dlíthiúil ann faoin duine ar ball den teaghlach iad do dhaoine le cead chun fanacht. Is dóichí, ámh, go mbeadh an sainmhíniú sin cosúil leis an gceann do dhídeanaithe.

Bíonn an duine a iontrálann agus a chónaíonn sa stát mar thoradh ar athaontú teaghlaigh i dteidil chun fanacht sa stát agus i dteidil do na cearta agus pribhléidí céanna le dídeanaí ar feadh chomh fada agus a bhíonn an dídeanaí a rinne an t-iarratas i dteidil chun fanacht sa stát.

Is éard is brí le ball teaghlaigh i ndáil le dídeanaí ná:

  • Sa chás ina mbíonn dídeanaí pósta, a c(h)éile, ar chuntar gur ann don phósadh nuair a dhéantar an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh;
  • Sa chás ina mbíonn dídeanaí faoi bhun 18 bliain d’aois agus nach mbíonn pósta, a t(h)uismitheoirí;
  • Leanbh dhídeanaí a bhíonn faoi bhun 18 bliain d’aois agus nach mbíonn pósta ar dháta an iarratais ar athaontú teaghlaigh.
  • Féadann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar a d(h)iscréid féin, cead a bhronnadh ar bhall cleithiúnach de theaghlach dhídeanaí chun iontráil agus cónaí sa stát. Bíonn an ball teaghlaigh sin i dteideal chun fanacht sa stát agus do na cearta agus pribhléidí céanna le dídeanaí ar feadh chomh fada agus a bhíonn an dídeanaí a rinne an t-iarratas i dteideal chun fanacht sa stát. Ciallaíonn ball cleithiúnach den teaghlach i ndáil le dídeanaí aon seantuismitheoir, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr, leanbh, garleanbh, coimircí nó caomhnóir den dídeanaí ar cleithiúnach don dídeanaí iad nó a fhulaingíonn ó mhíchumas meabhrach nó colanda dá mhéad sin is nach mbíonn réasúnach dósan/dise chun é/í féin a chothabháil go hiomlán.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian le dídeanaí iarratas a dhéanamh le go n-aontódh ball teaghlaigh nó páirtnéir sibhialta leo, ní foláir do na nósanna imeachta seo a leanúint. Ní foláir do iarratas scríofa chuig an Rannóg Athaontaithe Teaglaigh don Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Tá tuilleadh faoi na cáipéisí riachtanacha i ceisteanna coitianta um athaontú teaglaigh ar suíomh gréasáin SEIÉ.

Gheobhaidh an dídeanaí litir ó INIS. Cuireann an litir fios do dídeanaí go néireoidh nó nach néireoidh leis an iarratas. Má tugtar an iarratas ar athaontú teaglaigh, caithfidh an ball teaglaigh nó páirtnéir sibhialta atá in a chonaí thar lear iarratas ar víosa ar líne a dhéanamh. Tá faisnéis faoin athaontú teaglaigh dhídeanaithe ar suíomh gréasáin SEIÉ.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg Athaontaithe Teaglaigh

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Líne chabrach: Céadaoin 10rn go 12.30ir
Teil:+353 (0)1 616 7700
Lóghlao:1890 551 500
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 January 2011

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.