Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > Stádas dídeanaí agus cead fanacht > Oideachas do dhídeanaithe agus do dhaoine a gnóthaigh cead fanacht

Print Page Send to a Friend

Oideachas do dhídeanaithe agus do dhaoine a gnóthaigh cead fanacht

Eolas

Tá gach leanbh agus duine óg, lena n-áirítear teifigh óga Coinbhinsiún agus Cláir, i dteidil bhunoideachais agus iar-bhunoideachais saor in aisce.

Tá an ceart chun rochtain ar oideachas agus oiliúint ar an mbealach céanna agus ar a mhéad céanna i ngach gné le saoránach Éireannach ag daoin a bhronntar stádas dídeanaithe. Cé nach leagtar amach sa reachtaíocht í, bronntar na cearta agus na pribhléidí céanna ar dhaoine ar tugadh cead daonnúil chun fanacht sa Stát dóibh, lena n-áirítear an ceart chun oideachais agus a bhronntar ar dhídeanaithe Choinbhinsiúin.

Bunoideachas agus iar-bhunoideachas

Ní mór do gach leanbh fanacht ar scoil nó go bhfuil 16 bliain d’aois sroichte acu.

Ar chríochnú an oideachais bhunscolaíochta dóibh, aistríonn na daltaí go hiar-bhunoideachas (nó oideachas dara leibhéal ar a dtugtar an meánoideachas). Glacann siad páirt i dTimthriall Sóisearach na meánscolaíochta, a mhaireann ar feadh 3 bliana. Ag deireadh an timthriaill seo, cuireann na daltaí iad féin i láthair do Scrúdú an Teastais Shóisearaigh. Leanann na daltaí ar aghaidh chuig an Timthriall Sinsearach ansin, a mhaireann ar feadh dhá nó trí bliana agus óna gcuireann na daltaí iad féin i láthair do Scrúdú na hArdteistiméireachta

Tá cosc ar phíonós corpartha i scoileanna na hÉireann. Tá tacaíochta breise ag scoileanna do leanái nach cainteoirí Béarla iad. Féadann rochtain shaor in aisce a bheith ag leanaí ar thacaíochtaí máthairtheanga.

Féadann rochtain shaor in aisce a bheith ag daoine fásta ar ranganna Béarla agus litearthachta do dhaoine fásta a sholáthróidh do Choiste Gairmoideachais áitiúil (CG). Cinneann an CG áitiúil fáil agus fad na ranganna seo. Tacaíonn an tionscadal litearthachta ‘Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile’ (BCTE) le Scéimeanna Litearthachta an CG áitiúil do Dhaoine Fásta ina n-iarrachtaí chun freastal ar chainteoirí nach Béarlóirí iad.

Breisoideachas

Tá dídeanaithe, daoine a gnóthaigh cead daonnúil fanachta agus daoine a dtugtar cead fanachta faoi Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn i dteidil rochtain shaor in aisce ar chúrsaí IAT ceadaithe. Má tá siad cáilithe, is féidir leo páirt a ghlacadh sa Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais. Léigh tuilleadh eolais maidir le rochtain ar chursaí breisoideachas do náisiúnaigh neamh-AE anseo.

Oideachas tríú leibhéal

Má bíonn dídeanaithe agus daoine a gnóthaigh cead daonnúil fanachta in a gcónaí in Éirinn ar feadh 3 bhliain nó níos mó, beidh siad i dteidil oideachas tríú leibhéal (ollscoil nó coláiste) saor in aisce. D'fheadfaí bheith i dteidil deontais chothabhála tríú leibhéal. Tá tuilleadh eolais maidir le a dteidlíocht táillí saor in aisce ar an suíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Níl daoine a dtugtar cead fanachta faoi Scéim um Leanaí a Rugadh in Éirinn i dteidil táillí saor in aisce nó deontais chothabhála.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 September 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.