Tabharfaidh an Oifig Sláinte Áitiúil sa cheantar ina gcónaíonn tú aire do do riachtanais leighis. Cabhróidh Gníomhaireacht um Fháiltiú agus Imeascadh leat liachleachtóir (dochtúir) ginearálta a aimsiú. Scríobhfaidh Gníomhaireacht chuig clárbhainisteoir an Oifig Sláinte Áitiúil lena gcur ar an eolas faoi do theacht agus le moladh go dtabharfaí an deis duit scagthástáil leighis agus cúram fiaclóireachta a fháil. Cuirfear in iúl don Phríomhfhiaclóir freisin go bhfuil tú tagtha ionas go bhféadfar aire a thabhairt do do riachtanais fhiaclóireachta.
Leanfaidh na seirbhísí leighis a fuair tú mar iarrthóir tearmainn ar aghaidh má bhronntar stádas dídeanai nó cead chun fanacht ort, mar nach bhfuil difear ar bith sa soláthar d’iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe Coinbhinsiúin agus do dhaoine a dtugtar cead chun fanacht dóibh.
Tabharfaidh an fáilteoir ag d’ionad sláinte áitiúil foirm iarratais ar chárta leighis duit. Ba chóir duit í seo a chomhlíonadh agus a sheoladh ar ais chuig an Oifig Sláinte Áitiúil chomh luath agus is féidir. Ligeann cárta leighis duit agus do do theaghlach rochtain a fháil ar sheirbhísí leighis saor in aisce. Mura gcuireann tú isteach ar chárta leighis agus mura bhfaigheann tú ceann, iarrfar ort íoc as seirbhísí áirithe leighis. Cuireann cárta leighis ar do chumas, arna eisiúint ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, seirbhísí liachleachtóra ghinearálta a fháil saor in aisce; drugaí agus cógais ar oideas (le roinnt eisceachtaí); seirbhísí mar othar cónaitheach in ospidéal poiblí; seirbhísí othair sheachtraigh; seirbhísí fiaclóireachta, optúla agus cluaise; gairis leighis; seirbhísí chúram máithreachais agus naíonán. Íocfar deontas €10.16 in airgead tirim ar bhreith gach leanbh. Cuirfear seirbhísí síceolaíochta ar fáil dóibh siúd ar tharla tráma dóibh de thoradh pianta, éignithe, nó droch-eispéireas eile ina saol.
Mar dhídeanaí, tá an ceart céanna agat cur isteach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh is atá ag saoránach Éireannach ar bith. Tá rialacha agus coinníollacha ag baint le gach íocaíocht leasa shóisialaigh. Ní gá go gcomhlíonfá an Coinníoll Gnáth-Chónaithe, ach caithfidh tú coinníollacha eile a chomhlíonadh. Tá réimse leathan íocaíochtaí leasa shóisialaigh ann, agus gheobhaidh tú cúnamh i do oifig leasa shóisialaigh áitiúil le cur isteach ar an íocaíocht chuí a fheileann do chás - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
Má tá cead chun fanacht agat, tá an ceart céanna agat cur isteach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Áfach, má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, is féidirgo mbeadh éifeacht ar athnuacháin do chead chun fanacht nó iarratas ar shaoránacht.
Seo a leanas roinnt samplaí de íocaíochtaí leasa shóisialaigh:
Fad is atá tú ag fanacht ar thoradh do iarratais ar íocaíocht leasa shóisialaigh, féadfaidh tú cur isteach ar Liúntas Leasa Forlíontach. Déan iarratas chuig an Oifigeach Leasa Pobail i d'ionad sláinte áitiúil - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.