Anseo atá tú: Baile > Ag bogadh tíre > Dídeanaithe agus Lucht Iarrtha Tearmainn > Stádas dídeanaí agus cead fanacht > Cóiríocht do dhídeanaithe agus do dhaoine a dtugtar cead chun fanacht doibh

Print Page Send to a Friend

Cóiríocht do dhídeanaithe agus do dhaoine a dtugtar cead chun fanacht doibh

Dídeanaithe Cláir

Tá cóiríocht curtha ar fáil do dhídeanaithe Cláir nuair a shroicheann siad Stát na hÉireann. D’fhéadfadh go mbeadh an cóiríocht seo i bhfoirm ionad fáilte, bord agus bricfeasta, óstán, brú, árasán nó sraith seomraí.

Dídeanaithe Coinbhinsiúin agus daoine a fuair cead fanacht

Má tá stádas dídeanaí nó cead chun fanacht agat agus má tá tú tar éis bheith ag maireachtáil in ionad cóiríochta Soláthair Díreach, beidh ort an ionad sin a fhágáil agus bogadh isteach i gcóiríocht eile. Tá an-seans ann go mbeidh an lóistín eile seo san earnáil chíosa phríobháideach agus beidh ort é a fháil tú féin. Is féidir leat bogadh go dtí aon pháirt den tír más mian leat anois. Más rud é go bhfuil tú ag maireachtáil i gcóiríocht atá ar cíos go príobháideach cheana féin, ní bheidh aon tionchar ag an athrú atá tagtha ar do stádas ar do chúrsaí tithíochta ar an bpointe.

Má tá tú ag maireachtáil i gcóiríocht atá san earnáil chíosa phríobháideach agus mura bhfuil na hacmhainní agat chun íoc as an cíos tú féin is féidir leis an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí (a tugadh an tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo) an cuid is mó de do chíos a híoc trí fóirdheontas cíosa faoin Liúntas Leasa Forlíontach. Nuair atá cóiríocht fágtha agat ba chóír duit iarratas a dhéanamh ar an ionadaí na Roinne - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.

Ba chóir duit clárú ag oifig d’údaráis áitiúil le bheith curtha ar an liosta feithimh tithíochta. Tá roinnt áirithe roghanna ag na húdaráis áitiúla ag braith ar do leibhéal ioncaim agus an gátar tithíochta atá agat.

Má fhágtar ag aon phointe fágtha gan dídean thú, is é sin le rá, mura mbíonn aon lóistín agat agus gan aon airgead agat le híoc as, tá tú i dteideal cóiríochta éigeandála a lorg ó d' ionadaí na Roinne. Eagróidh ionadaí na Roinne cóiríocht éigeandála duit i mbrú nó i mbord agus bricfeasta. Má tá tú ag maireachtáil i mBaile Átha Cliath, déanfaidh ionadaí na Roinne ag an Aonad Iarrtheoirí Tearmainn é seo. Is eagraíocht dheonach é Threshold a thugann tacaíocht do náisiúnaigh neamh-Éireannacha atá gan dídean, i mbaol easpa dídine nó atá comhairle maidir le cóiríocht agus cearta tithíochta ag teastáil uathu.

Is féidir leat cuir isteach ar mhorgáiste chun teach a cheannach má tá do dhóthain airgid agat agus ioncam rialta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil leis ionadaí na Roinne sa oifig sláinte áitiúil.

Déan teagmháil le d'údarás áitiúil.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 October 2011

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.