Cuireann soláthróirí seirbhísí airgeadais cosúil le bainc, cumainn foirgníochta agus oifigí poist cuntais ar fáil ina bhfuil tú inn ann suim airgid a shábháil - taisce - a dtugtar siad ráta bliantúil úis duit air, go hiondúil céatadán den taisce.
Gearrtar cáin ar a dtugtar Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) ar an ús a fhaigheann tú.
Gearrtar DIRT ag an ngnáthráta cánach ioncaim, 30%. Baineann an banc nó an glacadóir taisce an cháin sular íoctar an ús duit.
Tá tú i dteideal ráiteas a fháil faoin méid DIRT a baineadh ó do chuid úis má iarrann tú é.
Níl aon cháin bhreise le n-íoc agat ar an ús ach fógraítear mar ioncam é má tá tú ag déanamh tuairisceáin cánach.
Ó 2007, is féidir le d’institiúid airgeadais d’ús ar thaiscí a íoc gan DIRT a asbhaint. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh go n-íocfar d’ús taisce gan DIRT asbhainte (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos).
Féadfar d’ús taisce a íoc gan DIRT asbhainte nó aisíocaíocht DIRT a fháil, má tá tú os cionn 65 agus:
I gcoitinne, ní bheidh comhchuntais, a bhfuil duine de na sealbhóirí cuntais 65 bliana d’aois nó níos sine, cáilithe chun DIRT a aisíoc leo ach amháin sa chás gurb é céile an duine sin sealbhóir eile an chuntais.
Má tá sé d’údarás ag duine eile, cosúil le do mhac nó d’iníon, do chuntas bainc a fheidhmiú thar do cheann áfach, agus go bhfuil sé nó sí ainmnithe mar shealbhóir cuntais chun na críche seo amháin, beidh tú fós cáilithe le DIRT a aisíoc leat ar an gcoinníoll gur tú úinéir tairbhiúil an chuntais. Sa chás seo, agus aisíocaíocht DIRT á éileamh, caithfidh tú dearbhú a chur leis ag rá go bhfuil tusa (ní do leanbh) i dteideal an úis ar fad a íocadh i leith na taisce.
Féadfar d’ús taisce a íoc gan DIRT asbhainte nó aisíocaíocht DIRT a fháil, má tá tú:
Daoine eile a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le haghaidh díolúine ó DIRT nó aisíocaíochta DIRT ná:
Nuair a shábhálann tú airgead le comhar creidmheasa déantar é seo trí scaireanna sa chomhar creidmheasa a cheannach. Gach bliain faigheann tú díbhinn atá mar chéatadán den luach atá ag do scaireanna. Bíonn an cháin a ghearrtar ar an ndíbhinn ag brath ar an gcineál cuntais atá agat leis an gcomhar creidmheasa: gnáthchuntas scaireanna nó cuntas speisialta scaireanna. Is féidir seiceáil le do chomhar creidmheasa mura bhfuil tú cinnte cén cineál cuntais atá agat.
Má tá gnáthchuntas scaireanna agat, ní bhaineann an comhar creidmheasa DIRT uait. Tá tusa freagrach as an ndíbhinn a fhógairt i do thuairisceán bliantúil cánach.
Mura bhfuil dliteanas cánach ar do chuid ioncaim, ní ghearrfar cáin ar do dhíbhinn. Mar gheall ar seo is rogha maith atá i ngnáthchuntas scaireanna mura bhfuil ort cáin ioncaim a íoc ach mura gcomhlíonann tú na riachtanais chun aisíocaíocht a fháil ar DIRT a baineadh uait.
Má íocann tú cáin ioncaim ag an ráta 41%, ansin beidh an ráta sin i bhfeidhm ar an ndíbhinn a fhaigheann tú ar ghnáthchuntas scaireanna agus b'fhéidir go mb'fhearr duit cuntas speisialta scaireanna a oscailt.
Má tá cuntas speisialta scaireanna agat, bainfidh do chomhar creidmheasa DIRT ón ndíbhinn a fhaigheann tú. Gearrtar cáin 30% ar an ndíbhinn.
Is cuntais thaisce iad Cuntais Théarma Speisialta a bhfuil téarma shocraithe acu agus uasmhéid ar an suim gur féidir a chuir i dtaisce iontu. Is féidir le meántéarma nó fadtéarma a bheith i gceist. Gearrtar DIRT ag 30%. Áfach is féidir díbhinn €480 saor ó cháin i gcuntas meántéarma nó €635 saor ó cháin i gcuntas fadtéarma a bheith agat. Ina dhiaidh sin gearrtar CCÚT 30% ort.
Mura bhfuil tú i do chónaí in Éirinn le haghaidh cánach, is féidir aisíoc aon DIRT atá baint as d’ ús taisce Éireannach. Chun aisíoc DIRT a fháil, caithfidh comhaontú dé-chánach idir Éire agus an tír ina bhfuil tú i do chónaí a bheith ann. Beidh DIRT aisíoctha de réir téarmaí an chomhaontaithe sin. Comhlánaigh foirm IC5 (pdf) chun iarratas a dhéanamh ar aisíoc DIRT.
Mura bhfuil tú i do chónaí in Éirinn is féidir leat ús taisce Éireannach a fháil gan DIRT a bhaint as. Níl gá do dhuine neamhchónaitheach bheith ina chónaí i dtír atá comhaontú dé-chánach le hÉirinn aige chun iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó DIRT. Caithfidh tú dul i dteagmháil le d’institiúid airgeadais chun faigh amach ar féidir leat díolúine ó DIRT a fháil. Ní mór duit Dearbhú Neamhchónaitheach a chomhlánú. Caithfidh tú fógra a thabhairt dóibh má bhíonn tú i do chónaí in Éirinn arís.
Má tá tú os cionn 65 bliana d’aois nó más duine tú atá míchumasaithe go buan nó i d’iontaobhaí ar iontaobhas speisialta do dhuine atá míchumasaithe go buan, comhlánaigh foirm 54D (pdf) chun cur isteach ar aisíocaíocht DIRT. Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.
Beidh ort Deimhniú Úis a fháil ó do bhanc, do chumann foirgníochta, do chomhar creidmheasa, srl, agus é seo a chur isteach in éineacht le d’iarratas.
Is féidir iarratas a dhéanamh go n-íocfar d’ús taisce gan DIRT asbhainte:
Tá
uimhreacha lóghlao teileafóin d'Oifigí Áitiúla na gCoimisinéirí Ioncaim
le fáil anseo. Is féidir leat sonraí teagmhála níos
mionsonraithe i gcomhair do réigiúin a fháil anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.