Má tá tú faoi mhíchumas agus má bhíonn ort áiseanna agus trealaimh áirithe a úsáid mar thoradh ar sin, is féidir leat leas a bhaint as aisíocaíocht Cáin Bhreisluacha (CBL). Is féidir le daoine a cheannaíonn áiseanna nó an trealaimh a bheith in úsáid ag duine le míchumas an aisíocaíocht CBL a éileamh freisin. Is féidir le daoine le míchumais fhisicúla, agus le daoine le míchumais intinne, leas a bhaint as aisíocaíochtaí CBL.
Is iad áiseanna agus trealaimh a chabhraíonn leat do mhíchumas a shárú agus tú ag obair nó ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí laethúla, na háiseanna agus trealaimh ar féidir aisíocaíocht CBL a éileamh ina dtaobh.
Chun aisíocaíocht CBL a éileamh caithfidh tú:
Caithfidh an áis nó an trealamh a bheith i seilbh an duine leis an míchumas, agus in úsáid aige/aici amháin. Má tá an t-éileamh ar aisíocaíocht CBL á dhéanamh ag duine eile seachas an duine atá ag úsáid na háise nó an trealaimh, d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim fianaise a chuartú go bhfuil an áis i seilbh agus úsáid aonair an duine leis an míchumas. Sa chás seo, ní féidir leis na hearraí bheith soláthartha i gcaitheamh gnó atá á reachtáil ag an duine atá ag ceannach na n-earraí.
Cuimsíonn samplaí d'áiseanna agus trealamh a bhféadfaí aisíocaíocht CBL a fháil orthu:
B'fhéidir go mbeidh sé riachtanach fianaise dochtúra a chur ar fáil faoi do mhíchumas.
Ní cheadaítear aisíocaíochtaí CBL:
Is féidir cealú nó aisíocaíocht Cáin Chlárúcháin Feithicle (CCF) a éileamh, aisíocaíocht Cáin Bhreisluacha (CBL) a éileamh ó thaobh cheannach feithicle agus aisíocaíocht CBL ó thaobh costais na fheithicle a chur in oiriúint suas go dtí uasmhéid. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoicméad, Díoluine Cánach do Thiománaithe agus do Phaisinéirí faoi Mhíchumas.
Ba cheart duit foirm VAT 61A (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht CBL.
Caithfidh tú doiciméid tacaíochta le d'éileamh a cheangal, mar shampla, bunshonraisc do na hearraí uilig san iarratas nó, i gcás earraí iomportáilte, admhálacha de CBL íoctha ag iompórtáil. I gcás comhaontaithe fhruilcheannaigh, beidh ort cóip den chomhaontú a chur ar fáil, chomh maith leis an sonrasc.
Ní mór duit d'iarratas a chur isteach taobh istigh de 4 bliana ó dheireadh na tréimhse cánaí a mbaineann an t-éileamh léi. Is iad na tréimhsí cánach laistigh de gach bliain ná:
Mar shampla, caithfear éileamh i dtaobh sonraisc eisithe in Eanáir 2010 a dhéanamh i bhFeabhra 2014 ar a dhéanaí.
Chun tuilleadh eolais a fháil nó aisíocaíocht a éileamh déan teagmháil le:
Na Coimisinéirí Ioncaim
Foirgneamh M: TEK II
Bóthar Ard Mhacha
Muineachán
Éire
Teil:+353 (0)47 62100
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: cromon@revenue.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.