Is féidir faoiseamh cánach a éileamh ar an gcostas a bhaineann le cúramóir a fhostú, má fhostaíonn tú ceann duit féin nó do bhall eile de do theaghlach.
Is féidir leat an cúramóir a fhostú go díreach nó is féidir leat
gníomhaireacht a úsáid a fhostaíonn cúramóirí. Má fhostaíonn tú an
cúramóir tú féin, ba chóir duit clárú mar fhostóir agus beidh tú
freagrach as cáin agus árachas sóisialta (IMAT
agus ASPC
do chuid fhostaithe). Beidh dualgais eile ort chomh maith mar fhostóir, mar
shampla maidir le huaireanta
oibre, conarthaí
fostaíochta, duillíní
pá, saoire
agus íosphá.
Má íocann tú gníomhaireacht chun an cúramóir a sholáthar, fostóidh an
ghníomhaireacht an cúramóir agus beidh siad freagrach as a chuid chánach
agus árachas sóisialta srl. Is féidir leat fós faoiseamh cánach a éileamh
ar an gcostas den ghníomhaireacht a íoc chun an cúramóir a sholáthar.
Má fhostaíonn tú cúramóir duit féin nó ar son
ball teaghlaigh, is féidir leat an faoiseamh cánach a íoc
ar chostas an chúramóra sin. Is é atá i gceist le 'ball
teaghlaigh' ná céile, leanbh nó gaol, gaol trí phósadh san
áireamh.
Caithfidh tú a bheith éagumasaithe go hiomlán don bhliain chánach iomlán
(Eanáir go Nollaig) dá bhfuil an faoiseamh cánach á éileamh agat ach
ní gá go mbeadh an cúramóir fostaithe don bhliain cánach
iomlán. Ciallaíonn an téarma 'éagumasaithe go hiomlán' go bhfuil
míchumas chomh mór sin ort go bhfuil cúramóir de dhíth ort.
Ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh do chúramóir a fhostú mura
ndéanann an cúramóir ach dualgais choimeádaí tí nó má tá Creidiúint Chánach do
Ghaol Cleithiúnach nó Creidiúint Chánach do Leanbh
Éagumasaithe tugtha cheana féin.
D'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim iarraidh ort teastas míochaine a fháil
chun nádúr do mhíchumais a dheimhniú ach ní gá ceann a sheoladh le
d'fhoirm iarratais ach amháin má tá altranas baile á fháil agat do
thinneas tromchúiseach.
Má tá tinneas tromchúiseach ort nó ar bhall teaghlaigh agus go bhfuil altra cáilithe fostaithe agat, caithfidh tú an méid seo a leanas a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim:
Ní mór don teastas míochaine an méid seo a leanas a
lua:
Laghdaíonn liúntais agus faoisimh chánach an méid cánach a mbíonn ort a íoc. Braitheann an méid a laghdóidh liúntas/faoiseamh cánach do cháin ar do ráta cánach féin. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil ar an slí a ríomhtar do cháin ioncaim.
Í 2012, is é an méid iomlán faoisimh do chúramóir a fhostú ná
€50,000 agus caithfidh tú an faoiseamh a éileamh
gach bliain. Is féidir leat faoiseamh cánach a fháil ar an
gcostas a bhaineann le cúramóir a fhostú, lúide aon mhéid a aisghabhtar ó
Fheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte (FSS).
Má íocann beirt nó níos mó agaibh as an gcúram, roinntear an faoiseamh
eadraibh i gcomhréir leis an méid a íoc gach duine agaibh.
Caithfidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar an gcostas a bhaineann le cúramóir a fhostú gach bliain.
Cáiníocóir ÍMAT (PAYE)
Más cáiníocóir IMAT tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar
fhaoiseamh cánach as
duine a fhostú ar fhoirm HK 1 (pdf) nó ar an teileafón Seirbhís Íseal-Ghlao na
gCoimisinéirí Ioncaim.
Méadófar do theastas de creidiúnaithe cánach chun an faoiseamh atá dlite a
áireamh. Ciallaíonn sé seo go n-íocfaidh tú níos lú cánach gach
seachtain ó do thuarastal.
Cáiníocóir féinmheasúnaithe
Má íocann tú cáin le féinmheasúnú ba chóir an éileamh ar fhaoiseamh
cánach do chúramóir a fhostú a sheoladh ar fhoirm HK 1 chomh maith agus é
a iniamh le do thuairisceán cánach bliantúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.