Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Creidmheasanna agus faoiseamh do dhaoine míchumasaithe > Creidmheas Cánach do Pháiste le hÉagumas

Print Page Send to a Friend

Creidmheas Cánach do Pháiste le hÉagumas

Eolas

Is féidir le tuismitheoir/coimirceoir páiste a bhfuil éagumas buan air/uirthi, bíodh sé fisiciúil nó intleachtúil, an Creidmheas Cánach do Pháiste le hÉagumas a éileamh

  • Má bhí an t-éagumas ar an bpáiste roimh dó/dí 21 bliain d'aois a bhaint amach
  • Má thagann an t-éagumas buan air/uirthi tar éis dó/dí 21 bliain d'aois a bhaint amach ach é/í a bheith fós ag freastal ar oideachas lánaimseartha nó ag traenáil do cheird nó do ghairm ar feadh dhá bhliana ar a laghad.

Is féidir an creidmheas a éileamh ar son na ndaoine seo a leanas freisin:

  • leasleanbh
  • páiste atá ar altramacht go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil
  • aon pháiste atá faoi chúram an éilitheora, atá dhá chothú ag an éilitheoir as a p(h)óca féin agus a bhfuil éagumas buan air/uirthi.

Is féidir creidmheas a éileamh ar son gach páiste ann féin má tá níos mó ná páiste amháin i gceist le héagumas.

Míchumais cáilithe

Seo a leanas samplaí de mhíchumais a luaitear mar ghalair éagumasacha buana :

  • Fiobróis Chisteach
  • Spina Bifida
  • Daille
  • Bodhaire
  • Siondróm Down
  • Pairilis Theann
  • Cineálacha faoi leith den ghalar Scitsifréine
  • Droch chásanna den Uathachas. (is féidir cur leis an liosta seo)

Ní féidir creidmheas a éileamh má tá páiste cothaithe go hiomlán ag foinse phoiblí nó charthanachta.

Is féidir leat freisin éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar son costas leighis a thiteann ort féin, ar do chéile agus ar do pháistí cleithiúnacha.

Rátaí

I 2012 tugtar creidmheas cánach de €3,300.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart glaoch ar nó buaileadh isteach chuig an oifig chánach áitiúil ag cur síos ar an gcreidmheas go dteastaíonn uait a éileamh agus ainm(neacha) an pháiste/na bpáistí a thabhairt. Ba cheart go mbeadh teastas dochtúra in éineacht le héileamh atá dhá dhéanamh don chéad uair a thaispeánann:

  • An dáta ar tháinig an t-éagumas chun solais don chéad uair
  • Méid an éagumais
  • Muna bhfuil an míchumas atá ar an bpáiste luaite thuas ní mór go mbeadh sé soiléar ar theastas an dochtúra nach féidir leis an bpáiste é/í féin a chothú go buan mar gheall ar an éagumas.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Cuir glaoch teileafóin ar Sheirbhis Lóghlao ÍMAT Ioncaim. Tá tuilleadh eolais faoi sonraí teagmhála do réigíúin anseo.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáin agus costais leighis
    Tá cur síos anseo ar an bhfaoiseamh cánach atá ar fáil ar chostas a bhaineann le hárachas sláinte agus árachas don chúram fadthéarmach agus ar chostais leighis.
  • Creidmheas cánach i leith gaoil chleithiúnaigh
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar an gCreidmheas Cánach i leith gaoil chleithúnaigh, creidmheas cánach a d'fhéadfadh tuismitheoirí/caomhnóirí agus daoine ag tabhairt aire do ghaoil cleithiúnacha a bheith ina theideal.
  • Faoisimh chánach do dhaoine a bhfuil lagú radhairc orthu
    Má tá tú i do chónaí in Éirinn agus má tá laigí áirithe radhairc ort, is féidir leat laghdú a éileamh ar an méid cánach a íocann tú. Cuirtear faisnéis ar fáil chomh maith faoin scéim aisíocaíochta CBL ar áiseanna agus fearais.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.