D'fhéadfadh tuismitheoirí/caomhnóirí agus daoine a thugann aire do ghaolta cleithiúnacha a bheith i dteideal creidmheas cánach i leith gaoil chleithiúnaigh.
D'fhéadfá éileamh a dhéanamh ar chreidmheas cánach i dtaobh gaoil chleithiúnaigh má tá tú ag cothabháil ar do chostas féin:
Go dtí le déanaí, ba é an príomh-luach a bhí ag an gCreidmheas Cánach
do Ghaol Cleithiúnach ná gur ghá duit an creidmheas seo a éileamh chun costais
leighis a éileamh don ghaol sin. Níl an cás amhlaidh a thuilleadh, ón
mbliain chánach 2007 i leith. Má thabhaíonn do ghaol cleithiúnach, nó aon
duine eile, i gcás éilimh ón mbliain chánach 2007 ar aghaidh, costais
sláinte agus go gcuidíonn tú leo, d'fhéadfá a bheith i dteideal faoiseamh
cánach don mhéid a d'íoc tú. Is féidir leat faoiseamh a éileamh ar
chostais ar nós billí dochtúirí, cothabháil nó cóireáil san ospidéal,
cógais agus leigheasanna orduithe. Má tá an duine ina c(h)ónaí i dteach
altranais faofa agus go gcabhraíonn tú leis na táillí a bhaineann leis
an teach altranais a íoc, d'fhéadfá a bheith i dteideal cuid de na costais a
bhaineann leis a éileamh.
Braitheann méid an Chreidmheasa Chánach i leith Gaoil Chleithiúnaigh ar:
Más íocóir ÍMAT thú agus má tá tú ag éileamh an chreidmheasa chánach i leith gaoil chleithiúnaigh, ba cheart duit Foirm DR1 (pdf) a íoschóipeáil agus a líonadh nó iarratas ar líne ar an chreidmheasa a dhéanamh. D'fhéadfá chomh maith scríobh chuig d'oifig chánach áitiúil ag déanamh cur síos ar an gcreidmheas cánach atá tú ag éileamh, agus ag cur an eolais seo a leanas ar fáil:
Má tá tú ag éileamh an chreidmheasa chánach i leith mac nó iníon atá ina c(h)ónaí leat agus ar a bhfuil tú ag brath, ba cheart duit Foirm DR2 a líonadh. De rogha ar sin, d'fhéadfá scríobh chuig d'oifig chánach áitiúil ag déanamh cur síos ar an gcreidmheas cánach atá tú ag éileamh, agus ag cur an eolais seo a leanas ar fáil:
Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe, d'fheadfá éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas cánach ach rannóg "Gaol Cleithiúnach" do thuairisceán cánach bliantúil a líonadh.
Cuir glaoch teileafóin ar Sheirbhis Lóghlao ÍMAT Ioncaim. Tá tuilleadh eolais faoi sonraí teagmhála do réigíúin anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.