Cónaí agus sainchónaí cánach in Éirinn

Eolas

Is féidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil cónaí ort sa tír agus cibé acu an í nó nach í Éire d’áit chónaithe bhuan difear a dhéanamh do do dhliteanas cánach in Éirinn. Tá sainmhíniú ar leith ar chónaí ar chuspóirí cánach ag brath ar cé mhéid lá a chaitheann tú sa tír. Mura bhfuil cónaí ort in Éirinn i mbliain ar leith, d’fhéadfadh ‘gnáthchónaí’ a bheith ort in Éirinn fós féin agus tagraíonn an téarma seo don tír ina mbíonn gnáthchónaí ort i gcaitheamh roinnt blianta. Tugtar sainchónaí ar an tír ina bhfuil cónaí buan ort.

Cónaí chun críocha cánach

Braitheann do chónaí chun críocha cánach ar líon na laethanta a bhíonn tú i láthair in Éirinn le linn bliain chánach (ciallaíonn bliain chánach an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig).

Tá cónaí ort chun críocha cánach i mbliain más amhlaidh:

  • Go gcaitheann tú 183 lá nó níos mó in Éirinn sa bhliain sin ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig, nó
  • Má chaitheann tú 280 lá nó níos faide in Éirinn i gcaitheamh tréimhse dhá bhliain chánach i ndiaidh a chéile, measfar go bhfuil cónaí ort anseo don dara bliain chánach. Mar shampla, má chaitheann tú 140 lá anseo i mBliain 1 agus 150 lá anseo i mBliain 2, beidh cónaí ort in Éirinn do Bhliain 2. Caithfidh tú a bheith in Éirinn ar feadh ar a laghad 31 lá gach bliain.

Measfar go bhfuil tú i láthair sa Stát ar feadh lae, má tá tú i láthair sa Stát ag aon tráth i rith sin an lae sin.

A roghnú go bhfuil cónaí ort chuncríocha cánach

Má thagann tú go hÉirinn i mbliain ar leith ach mura bhfuil an líon riachtanach laethanta ar chuspóirí cánach caite agat sa tír, is féidir leat a roghnú go fóill cónaí a bheith ort anseo don bhliain sin má bheidh cónaí ort anseo freisin an bhliain ina dhiaidh sin. Déan teagmháil leis an oifig cánach is gaire duit chun teacht ar shonraí.

Gnáthchónaí

Cuirtear do phatrún cónaithe thar roinnt blianta san áireamh le cinneadh a dhéanamh faoi do ‘ghnáthchónaí’.

Má bhí cónaí ort anseo le 3 bliana cánach anuas, tá gnáthchónaí ort anseo ó thús na ceathrú bliana. Má fhágann tú an tír, leanfaidh gnáthchónaí a bheith ort go dtí nach mbeidh gnáthchónaí ort ar feadh 3 bliana cánach i ndiaidh a chéile. Féach revenue.ie chun teacht ar eolas breise.

Cónaí agus lánúineacha pósta nópáirtnéirí sibhialta

I gcás lánúin phósta nó páirtnéirí sibhialta, measúnaítear stádas cónaithe gach céile go neamhspleách ar an gcéile eile, agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh cónaí a bheith ar chéile nó ar pháirtnéir sibhialta amháin anseo agus d’fhéadfadh nach bhfuil cónaí anseo ar an gcéile/an páirtnéirí sibhialta eile. Más éagsúil do stádas cónaithe ó stádas do chéile nó do pháirtnéara shibhialta, féadfaidh tú a roghnú go gcaithfear libh mar dhaoine singil ar chuspóirí cánach, más tairbhiúla a bheidh sé.

Má tá cónaí ort agus má tá tú fostaithe in Éirinn ach mura bhfuil do chéile nó do pháirtnéir sibhialta ina c(h)ónaí agus fostaithe anseo agus mura bhfuil aon ioncam acu - d’fhéadfadh gur féidir leat an Creidmheas Cánach do Dhuine Pósta nó Páirtnéir Sibhialta agus an banda méadaithe ráta cánach a éileamh. Is féidir leat seo a dhéanamh i ndiaidh dheireadh na bliana cánach nuair a thuairiscíonn tú tuairisceán ioncaim lena n-áirítear dearbhú faoi ioncam do chéile nó do pháirtnéara shibhialta.

Cad é sainchónaí in Éirinn?

Is éard is sainchónaí ann ná an tír a bhfuil tú i do chónaí inti agus é ar intinn agat cónaí ann go buan. B’fhéidir nach mbeadh sé mar an gcéanna le do chónaí nó do náisiúntacht.

Bíonn sainchónaí bunaidh agat nuair a rugadh thú. Is féidir an sainchónaí a athrú chuig rogha sainchónaithe má aistríonn tú chuig tír eile agus é ar intinn agat cónaí ansin go buan.

An tobhach sainchónaithe Éireannaigh

Tugadh tobhach sainchónaithe Éireannaigh isteach in 2010. Gearrtar an tobhach seo is cuma cén áit a bhfuil cónaí ort chun críocha cánach. Gearrtar an tobhach ar dhuine aonair:

  • A bhfuil sainchónaí orthu in Éirinn i mbliain ar bith
  • Ar mó a n-ioncam domhanda ná €1m in aghaidh na bliana
  • Ar mó a maoin Éireannach ná €5m in aghaidh na bliana, agus
  • Ar lú a ndliteanas cáin ioncaim Éireannach don bhliain ná €200,000

Is é €200,000 an tobhach agus tá sé iníoctha go bliantúil. Tá aon cháin ioncaim Éireannach a íocann tú i mbliain chánach ceadaithe mar chreidmheas agus méid an tobhaigh shainchónaithe le híoc don bhliain sin á ríomh.

Bíonn an tobhach iníoctha gach bliain an 31 Deireadh Fómhair nó roimhe sin sa bhliain tar éis an dáta luachála (ar bhonn féinmheasúnú). Is é an 31 Nollaig an dáta luachála gach bliain. Tá an tobhach don bhliain 2023 le híoc, mar sin, agus beidh sé iníoctha an 31 Deireadh Fómhair 2024, nó roimhe sin. Is féidir leat eolas breise a fháil faoin tobhach sainchónaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim anseo.

Impleachtaí cánach

Cuirtear cónaí agus sainchónaí san áireamh maidir le roinnt cánacha, cáin ioncaim, Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT), cáin bhronntanais, cáin oidhreachta agus Cáin Ghnóthachan Caipitiúil san áireamh.

Teagmháil

Tá uimhreacha gutháin agus sonraí teagmhála do rannóga cánach na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil ar an leathanach teagmhála ar an láithreán revenue.ie.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Eanáir 2024