Cáin charbóin

Réamhrá

Gearrtar cáin charbóin ar bhreosla a sholáthraítear in Éirinn. Bunaítear an cháin ar an méid dé-ocsaíd charbóin a astaíonn an breosla nuair a úsáidtear é.

Baineann an Cháin Charbóin ar Bhreosla Sholadach le gual agus móin.

Baineann an Cháin Charbóin ar Ghás Nádúrtha le gás nádúrtha a sholáthraítear do thomhaltóirí.

Tugtar ‘gás feithicle’ ar ghás nádúrtha a sholáthraítear mar bhreosla i mótarfheithicil agus gearrtar Cáin ar Ola Mhianrach air ina ionad sin, ar táille charbóin cuid de.

Baineann an Táille Charbóin ar Ola Mhianrach freisin le peitreal, mótardhíosal agus le hola gháis mharcáilte. Is féidir leat a dheimhniú cé mhéid den Cháin ar Ola Mhianrach ar bhreosla atá ina cáin charbóin.

Rátaí

Is é an ráta reatha de cháin charbóin €48.50 an tonna de dhé-ocsaíd charbóin a astaítear.

Íocann soláthraí an bhreosla cáin charbóin.

Eolas breise

Is féidir leat teacht ar eolas mionsonraithe faoin gCáin Charbóin ar Bhreosla Soladach ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, agus ar an méid cánach in aghaidh an tonna de bhreosla soladach.

Is féidir leat níos mó a léamh freisin faoi Cháin Charbóin ar Ghás Nádúrtha agus ar Cháin ar Ola Mhianrach a ghearrtar ar ghás feithicle.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Bealtaine 2023