Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim > Cáin agus costais leighis

Print Page Send to a Friend

Cáin agus costais leighis

Eolas

Tá faoiseamh cánach ar fáil ar tháillí a íoctar ar son árachais sláinte agus ar tháillí a bhaineann le cúram fad-théarmach. Tugann an comhlacht árachais an faoiseamh seo mar chuid den táille.

Má thiteann costais sláinte ort nach bhfuil íoctha ag an stát ná ag árachas is féidir faoiseamh cánach a lorg ar chuid de na costais sin. San áireamh sna costais sin tá an costas a bhaineann le cúram i dteach altranais.

Rialacha

Costais Leighis

D’fhéadfá a bheith in ann faoiseamh cánach a éileamh má íocann tú as costais leighis áirithe. Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar aon chostais leighis a íocann tú ar do shon féin nó ar son aon duine eile. Bhíodh teorainneacha ann maidir leo siúd a bhféadfá éileamh a dhéanamh dóibh ach tá deireadh leis ón mbliain chánach 2007 ar aghaidh.

Bíonn an cás amhlaidh mura bhfuil tú in ann na costais a aisghabháil ó aon fhoinse eile. Ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh i leith suimeanna a fuair tú cheana nó atá le fáil agat ó:

  • Aon údarás poiblí nó údarás áitiúil, FSS (An tÚdarás Seirbhís Sláinte), mar shampla
  • Aon pholasaí árachais
  • Aon fhoinse eile, cúiteamh, mar shampla

Is iad seo a leanas na costais leighis ar féidir faoiseamh cánach a fháil dóibh:

  • Costais táillí dochtúirí agus comhairleoirí
  • Míreanna nó cóireáil a ordaíonn dochtúir nó comhairleoir
  • Cothú nó cóireáil in ospidéal nó i d teach altranais faofa
  • Costais teiripe urlabhra agus teanga a chuireann teiripeoir urlabhra agus teanga ar fáil le haghaidh leanbh incháilithe
  • Iompar in otharcharr
  • Costais measúnaithe síceolaíoch oideachais a dhéanann síceolaí oideachais ar leanbh incháilithe (ceadaithe ó 6 Aibreán 2001)
  • Míreanna áirithe caiteachais le haghaidh linbh a bhfuil breoiteacht thromchúiseach air nó uirthi a chuireann a b(h)eatha i mbaol
  • Costais othar a bhfuil fadhbanna duán acu (suas go méid áirithe, rud a bhraitheann ar an úsáideann an t-othar seirbhísí scagdhealaithe ospidéal, nó baile, nó scagdhealú peireatóinéim siúil leanúnach)
  • Cóireáil dhéadach speisialaithe
  • Gnáthchúram máithreachais
  • Toirchiú in-vitro

Is féidir faoiseamh ó chostais leighis a fháil maidir leo seo a leanas nuair a ordaíonn dochtúir iad:

  • Drugaí agus leigheasanna
  • Modhanna diagnóiseacha
  • Cóireáil ortoptach nó cóireáil dá samhail
  • Áiseanna éisteachta
  • Leaba nó cathaoir ortaipéideach
  • Cathaoir rothaí nó ardaitheoir chathaoir rothaí (cé nach féidir faoiseamh a fháil de bharr athruithe a dhéantar ar an bhfoirgneamh chun ardaitheoir a chur isteach)
  • Méadar glúcóis le haghaidh diaibéitigh
  • Altra cáilithe a fhostú i gcás breoiteacha tromchúisí
  • Fisiteiripe Seirbhísí cosliachta nó cóireáil dá samhail
  • Costas ríomhaire nuair atá sé riachtanach le cabhrú chun fadhbanna cumarsáide a réiteach i gcás duine atá faoi bhac tromchúiseach.
  • Costas bia saor ó ghlútan do chéiliaigh. Ós rud é gur riocht leanúnach é seo is leor litir ó dhochtúir ag rá gur céiliach an duine agus ní gá oideas a scríobh. Glacfar le hadmhálacha ó ollmhargaí agus ó phoitigéirí.

Mura gá agat le máinliacht mar gheall ar neamhdhualas ó bhroinn, díobhála pearsanta nó galair, ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh i leith suimeanna bainteach le máinliacht chosmaideach.

Ó am go céile cuirtear le liosta na gcineálacha cóireála agus fearas ar féidir faoiseamh cánach a éileamh orthu. Má dhéantar gnáthamh nua ort, nó má bhaineann tú leas as fearas nua, b’fhiú duit faoiseamh cánach a éileamh. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar bhileog eolais na gCoimisinéirí Ioncaim IT 6 (féach ‘Conas Iarratas a dhéanamh’ thíos). Tá sé seo le fáil ó d’oifig chánach áitiúil freisin.

Ag taisteal thar lear le haghaidh cóireála

Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar an gcostas a bhain le cóireáil liachta faighte taobh amuigh den Stát. Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar chóireáil thar lear atá ar fáil sa Stát freisin ach ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar na costais taistil don chúram seo (féach thíos)

Ní mór don chleachtóir (GP, comhairleoir nó fiaclóir) a sholáthraíonn do chúram a bheith i dteideal cleachtadh sa tír ina soláthraítear an cúram.

Ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar chostas cothabhála nó cóireála in ospidéal, i dteach altranais nó i gclinic thar lear ach amháin má sholáthraíonn an t-ospidéal, an teach altranais nó an clinic rochtain d’altranais 24 uair an chloig ar an bhfód.

Tabhair faoi deara, má tá tú ag éileamh ar chóireáil thar lear ó 2007 go 2009 iniatach ní mór don institiúid a bheith ar an liosta Ioncaim d’ospidéil agus de thithe altranais fhormheasta.

Má tá an cúram sláinte cháilithigh ar fáil taobh amuigh d’Éire amháin, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar chostais taistil agus lóistín réasúnta. I gcásanna mar seo d’fhéadfadh sé go gceadófar na costais atá ag duine amháin a bhí in éineacht leis an othar má theastaíonn duine ón othar mar gheall ar an tinneas. Más páiste é/í an t-othar, ceadaítear costais duine de na tuismitheoirí de ghnáth agus, go heisceachtúil, an bheirt tuismitheoir sa chás go bhfuil sé soiléir go bhfuil ar an mbeirt a bheith in éineacht leis an bpáiste.

Cóir Leighis Fiacloireachta nó Súl

Ní féidir faoiseamh cánach a fháil ar son gnáthchúram súl ná fiaclóireachta. San áireamh i ngnáthchúram fiaclóireachta tá stoitheadh, dí-screamhú agus fiacla a líonadh chomh maith le fiacla bréige a chur ar fáil agus a dheisiú.

Scrúdú ar radharc na súl, speaclaí agus tadhall-lionsaí a chur ar fáil agus a chothú atá san áireamh i ngnáthchúram na súl.

Tá faoiseamh cánach ar fáil do na módhanna fiaclóireachta a leanas:

  • Coróiní
  • Snas/Eitslíonadh Fiacla Rembrant
  • Bairr Nua
  • Postanna Órga
  • Inleagadh Órga
  • Indhéadaigh - Cóir Chanáilfhréamha
  • Cóir Peiridhéadach
  • Cóir Ortaidhéadach
  • Stoitheadh Máinliach Fiacla Forais atá Iombhuailte: tá sé seo cáilithe do fhaoiseamh cánach nuair a dhéantar san ospidéal é.
  • Obair Dhroichid
  • Ionchlannáin Fhiacla.

Íocaíochtaí Teach Altranais

Áirítear cothú nó cóireáil i dteach altranais le cothú nó cóireáil in ospidéal. Má tá tú ag íoc na dtáillí don teach altranais, féadfaidh tusa an faoiseamh cánach a fháil - cibé an bhfuil tú sa teach altranais tú féin nó ag íoc as duine eile atá ann. Bhí sé riachtanach roimh 2007 go mbeadh an duine seo gaolmhar leat nó mar chleithiúnach agat, féach thíos.

Leanaí arb othair oinceolaíochta iad agus leanaí atá faoi mhíchumas buan

I gcás leanaí atá ag fáil cóireála in aghaidh na hailse (is é sin, leanaí arb othair oinceolaíochta iad) agus leanaí atá faoi mhíchumas buan, is féidir faoiseamh cánach a éileamh ar chostais sláinte mar a leanas:

Teileafón

Nuair a bhíonn leanaí arb othar oinceolaíochta iad nó leanaí atá faoi mhíchumas buan ag fáil cóireála sa bhaile, féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar íocaíocht bunráta chun cíos agus glaonna teileafóin a chlúdach sa chás go dtabhaítear na costais sin ar nithe a bhaineann go díreach le cóireáil an linbh.

Cóiríocht thar oíche

Ceadaítear faoiseamh cánach freisin do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí leanaí arb othair oinceolaíochta iad agus leanaí faoi mhíchumas buan - nuair a bhíonn sé de dhíth ar leanbh fanacht thar oíche in ospidéal mar chuid dá gcóireáil agus dualgas ar an tuismitheoir fanacht in aice láimhe. Ceadaítear faoiseamh ar íocaíochtaí a dhéantar ar chóiríocht leis an ospidéal agus/nó óstán nó Leaba is Bricfeasta in aice an ospidéil.

Taisteal

An costas tabhaithe i gcúrsaí taistil (turais gan teorainn) go dtí an t-ospidéal agus ar ais as;

  • An t-othar agus tuismitheoirí nó caomhnóirí tionlactha agus
  • Tuismitheoirí nó caomhnóirí an othair

nuair a léirítear go bhfuil turais dá leithéid riachtanach do chóireáil an linbh. Bíonn liúntas míleáiste ann má úsáidtear carr príobháideach.

Táirgí sláinteachais agus éadaí speisialta

Ceadaítear faoiseamh cánach do thuismitheoirí/chaomhnóirí leanaí arb othair oinceolaíochta iad agus leanaí faoi mhíchumas buan as costas tabhaithe maidir le táirgí sláinteachais agus éadaí speisialta. Bíonn sé seo faoi réir ag uasmhéid €500 in aghaidh na bliana.

Othair a bhfuil fadhbanna duán acu

Ceadaítear faoiseamh cánach faoi sainréimsí ar leith i ndáil le costais áirithe a thabhaíonn othair a bhfuil fadhbanna duán acu. Bíonn méid an fhaoisimh ag brath ar an áit a bhfaigheann an t-othar cúram (mar shampla, san ospidéal nó sa bhaile).

Féadfaidh othair scagdhealaithe baile agus SPSL faoiseamh cánach a éileamh ar rudaí cosúil le leictreachas, teileafón, níochán agus costais taistil. Tuilleadh eolais faoi othair a bhfuil fadhbanna duán acu agus faoiseamh cánach ar chostais leighis anseo.

Creidmheas Cánach Árachais Sláinte

Má tá tú i do bhall de scéim árachais sláinte phríobháideach, is féidir go bhfaighidh tú creidmheas cánach. Deonaíonn an chuideachta árachais an creidmheas cánach go díreach. Laghdófar do phréimh faoi mhéid an chreidmheasa cánach agus is dócha nach dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil creidmheas cánach agat. Tugtar Faoiseamh Cánach ag Foinse (TRS) air seo.

Íocann síntiúsóirí do scéim árachais sláinte phríobháideach préimh laghdaithe (80% den mhéid comhlán) leis an gcuideachta árachais. Is ionann é seo agus faoiseamh cánach a thabhairt ar an ngnáthráta de 20%.

In 2009 tabharfar isteach faoiseamh cánach breise le haghaidh árachas sláinte ag tosú do dhaoine ag aois 50 agus níos sine agus ag méadú le haghaidh aoisghrúpaí níos sine. Ó 2011 amach, tosnaíonn an faoiseamh breise ó aois 60 bliana. I 2012 cúngaíodh na bandaí aoise.

Faoiseamh Cánach Breise do dhaoine thar 60 bliain d’aois

2011 2012
60-69 €625 60-64 €600
65-69 €975
70-79 €1,275 70-74 €1,400
75-79 €2,025
80-84 €2,400
80+ €1,725 85+ €2,700

Ní gá an faoiseamh seo a éileamh óir deonaíonn an chuideachta árachais go díreach é (Faoiseamh Cánach ag Foinse).

Árachas ar son cúraim fadthéarmaigh

Is féidir creidmheas cánach a fháil anois ar son íocaíochtaí chuig scéimeanna árachais chúraim fadthéarmaigh. Cuirfear é seo i bhfeidhm ar nós an chórais do chreidmheasanna cánacha árachais sláinte.

Rátaí

Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar chostais sláinte ag an ráta cánach ioncaim is airde atá agat do bhliain an éilimh. Ó mhí Eanáir 2009, tabharfar faoiseamh cánach ar chostais leighis agus sláinte atá tabhaithe ón 1 Eanáir 2009 ag an ráta caighdeánach 20%.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní gá duit aon rud a dhéanamh chun faoiseamh cánach a fháil maidir le hárachas sláinte nó árachas cúraim fhadtéarmach toisc go dtugtar na creidmheasanna sa ghnáthchúrsa ag an bhfoinse (TRS).

Caithfidh tú cur isteach as féin le haghaidh faoiseamh ó chostais leighis.

Úsáidtear Foirm Míochaine MED 1 (pdf) chun faoiseamh cánach a éileamh ar chostais ghinearálta leighis (lena n-áirítear costais dhéadacha). Ní féidir leat éileamh a dhéanamh maidir le costais leighis mura mbíonn admhálacha agat lena gcruthú.

cuir isteach d’admhálacha leighis (lena n-áirítear MED 2) in éineacht leis an bhfoirm MED 1. Ní mór duit d’admhálacha leighis a choinneáil ar feadh sé bliana mar d’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim d’éileamh a fhiosrú.

Admháil is ea an foirm leighis MED 2 (pdf) a chruthaíonn gur íoc tú do chostais dhéadacha. Bíonn a lán foirmeacha MED 2 ag d’fhiaclóir de ghnáth agus ba chóir go gcomhlánódh sé nó sí ceann duit.

Féadfaidh tú na foirmeacha seo a iarraidh ar do theileafón póca trí theachtaireacht téacs a sheoladh chuig 51829.

Scríobh an focal 'FORM' agus d’uimhir PSP ina dhiaidh mar aon le 'MED1' (nó 'MED2', más gá duit an fhoirm a thabhairt do d’fhiaclóir).

Is mar aisíocaíocht ag deireadh na bliana a thugtar faoiseamh. Ó 1 Eanáir 2005 i leith ceithre bliana an teorainn ama atá ann maidir le héilimh ar aisíocaíochtaí cánach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó bhileog eolais na gCoimisinéirí Ioncaim IT 6déan teagmháil le ÍMAT

Tuilleadh eolais

Roimh an mbliain chánach 2007

Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh maidir le costais leighis a tabhaíodh i gcás:

  • Tú féin is do chéile
  • Do leanbh féin (nó aon leanbh eile a bhfuil caomhnóireacht agat air nó uirthi agus a chothaíonn tú ar do chostas féin) faoi bhun 18 mbliana d’aois, nó os cionn 18 mbliana d’aois má tá sé nó sí ag fáil oideachais lánaimseartha.
  • Leanbh ar tugadh Creidmheas Cánach Linbh Éagumasaithe duit ina leith.

Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh maidir le duine ar bith eile atá:

  • Gaolmhar leatsa nó le do chéile agus atá éagumasaithe de bharr seanaoise nó éiglíochta agus nach bhfuil sé ar a c(h)umas é/í féin a chothú
  • D’athair nó do mháthair (nó d’athair céile nó do mháthair chéile) bídís éagumasaithe nó ná bíodh
  • Do mhac nó d’iníon atá ina c(h)ónaí leat agus a bhfuil tú ag braith ar a s(h)eirbhísí de bharr seanaoise nó éiglíochta

Tugtar sainmhíniú an-leathan ar ‘dhuine gaolmhar’ i gcomhthéacs costas leighis. Áirítear leis, mar shampla, céile, tuismitheoir, leanbh, deartháir, deirfiúr, deartháir nó deirfiúr chéile agus tuismitheoirí céile. Áirítear leis freisin aon leanbh eile a bhfuil caomhnóireacht ag an éilitheoir air nó uirthi.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.