Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim > Creidmheasanna agus faoiseamh cánach do theaghlaigh aontuismitheora

Print Page Send to a Friend

Creidmheasanna agus faoiseamh cánach do theaghlaigh aontuismitheora

Eolas

Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach atá ort a íoc. Conas mar a ríomhtar do cháin ioncaim míníonn sé seo conas a oibríonn creidmheasanna cánach. Tugann an t-eolas seo leanas forléargas den creidmheasanna cánach agus faoiseamh cáin atá ar fáil do theaghlaigh aon tuismitheora in Éirinn.

Creidmheas cánach do theaghlaigh aontuismitheora

Má tá páiste ag braith agus níl tú pósta, nó tá tú i do bhaintreach/bhaintreach fir, scartha, cholscartha, nó tréigthe (sé sin d'fhág do chéile thú ach níl tú colscartha ná scartha), is féidir leat Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora de €1,650 i 2012 a éileamh. Tá sé seo anuas ar do chreidmheas cáin phearsanta.

Creidmheas cánach do theaghlaigh aon tuismitheora

Má tá tú i dteideal don creidmheas cánach do Theaghlaigh Aon Tuismitheora ta do i dteideal freisin méadú ar an ráta banda cánach. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat suas le €36,800 a shaothrú sa mbliain 2012 sula gcaithfidh tú an uas ráta de 41% a íoc.

Cothabháil

Mura bhfuil tú pósta agus tá tú ag fáil cothabháil do do pháiste, ní gá duit cáin a íoc ar an gcothabháil a fhaigheann tú mar seo ioncaim a bhfuil cáin gearrtha air cheana féin don duine atá ag íoc an chothabháil. Má tá tú ag íoc cothabháil leanaí mar thuismitheoir nach bhfuil pósta, ní féidir faoiseamh cáin a fháil air.

Más tuismitheoir thú atá scartha nó cholscartha féach Scaradh agus Colscaradh: creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim agus cáin ar íocaíochtaí cothabhála.

Creidmheas cánach ar pháiste míchumasaithe

Tá creidmheas cánach do pháiste le míchumais agus níl aon teorainn aoise ar seo an fhad agus a chónaíonn siad leatsa, agus go bhfuil siad ag braith ort. Is €3,300 an Creidmheas Cánach do Pháiste Míchumasaithe i 2012.

Creidmheasanna Cánach do thuismitheoirí atá ina mbaintreacha

Tá breis creidmheasanna cánacah do thuismitheoirí atá ina mbaintreacha.

Rialacha

Tá an Creidmheas Cánach do Theaghlaigh Aon Tuismitheora ar fáil do thuismitheoir atá in bhaintreach fir/baintreach, scartha, tréigthe, nó gan phósadh ach nach bhfuil ag cónaí le pairtnéar ach oiread. Má tá tú i dteideal creidmheas cánach An Duine Pósta ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar an creidmheas Cánach do Theaghlach Aon Tuismitheora.

Caithfidh an páiste bheith ina c(h)ónaí leat nó a bheith:

  • Faoi 18
  • Ós cionn 18 agus in oideachas lán-aimseartha nó
  • A bheith aon aois má bhíonn siad faoi míchumas lánaimseartha nuair atá siad faoi 21 nó in oideachas/traenáil lán-aimseartha.

Is féidir leis an páiste a bheith uchtaithe, ina leas-leanbh nó bheith ag braith ort agus go bhfuil siad faoi do chúram.

Is féidir leis an mbeirt tuismitheor éileamh a dhéanamh ar an creidmheas canach do Theaghlach Aontuismitheora (agus an ráta cánach) má tá an bheirt ag incháilithe faoi na coinníollacha thuas agus go maireann an páiste leo do chuid den bhliain cánach.

Rátaí

Ráta 2012

€1,650 sa bhliain an Creidmheas Cánach do Theaghlaigh Aon Tuismitheora.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun éileamh a dhéanamh ar an creidmheas cánach do Theaghlaigh Aon Tuismitheora is féidir leat íoslódáil agus críochnaigh an fhoirm OP1 (pdf) atá ar fail óna Coimisnéirí Ioncaim thré glaoch teileafóin Ló-ghlaoch 1890 306706 nó ríomhphost chuig custform@revenue.ie.

Is féidir leat freisin éileamh a dhéanamh ar chreidmheasanna cánach ar an idirlíon.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Réamhrá ar chreidmheasanna cánach agus faoiseamh ó cháin ioncaim
    Laghdaíonn faoiseamh cánach an méid cánach a bhíonn ort a íoc. Faigh amach faoi chineálacha difriúla na bhfaoiseamh ó cháin ioncaim in Éirinn a bhaineann le do chúinsí.
  • Creidmheasanna agus faoiseamh cánach ioncaim tar éis báis
    Réamhrá gairid den cháin a ghearrtar ar daoine nach bhfuil pósta agus daoine ar baintreacha/baintreacha fir iad sa bhliain a fhaigheann duine den lánúin bás. Tá cuntas san áireamh ar an gcaoi a gcaitear ó thaobh cáin de le lánúin phósta sa bhliain a fhaigheann duine den lánúin bás.
  • Tuismitheoirí Aonair in Éirinn
    Tá sochair agus teidlíochtaí mar aon le saincheisteanna dlíthiúla ann ar cheart do thuismitheoirí aonair eolas a bheith acu faoi. tuismitheoirí agus bheith i do thuismitheoirparents and parenting daoine idirscarthaseparated persons teaghlaigh aontuismitheoras

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.