Má tá tú 65 nó ós a chionn, ní mór duit cáin a íoc ar ioncam ar an gnáthbhealach. Ach tá na teorainneacha díolúine i bhfad níos airde agus tá creidmheasanna cánacha sa bhreis ar fáil duit.
Is féidir faoiseamh ar cháin a fháil má chuirtear airgead ar fáil ar chúnant do dhuine atá 65 nó ós a chionn.
I gcásanna faoi leith, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann aon Cháin Choinneála ar Ús Taisce a d'íoc tú a fháil ar ais.Baineann Cáin Ioncaim le nach mór chuile ioncam.
Tá cur síos sa mhír Cáin ar Phinsin ar an mbealach a ghearrtar cáin ar phinsin agus ar íocaíochtaí áirid eile leasa shóisialaigh.
Tá cur síos sna míreanna Pinsin Phearsanta agus Pinsin Cheirde ar an bhfaoiseamh cánach atá ar fáil do ranníocaíochtaí pinsin agus ar an gcóras cánach do phinsin phearsanta.
Sa mhír Cáin agus Cúram Leighis déantar cur síos ar Chreidmheasanna Cánacha ar mhaithe le hárachas sláinte agus árachas cúraim fadthéarmaigh agus ar fhaoiseamh cánach ar son costais sláinte.
Baineann na rialacha ginearálta cánacha le daoine atá 65 agus ós a chionn agus a bhaineann le chuile dhuine eile ach go bhfaigheann siad teorainneacha díolúine níos airde agus creidmheasanna breise cánacha.
Go ginearálta, más faoin gcóras ÍMAT amháin a ghearrtar cáin ort (daoine a bhfuil a n-ioncam neamh-ÍMAT dhá chódú isteach ina gcreidmheasanna cánacha san áireamh), ní gá duit tuairisc bhliantúil a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Muna bhfuil cáin ÍMAT dhá íoc agat ní mór duit tuairisc bhliantúil a chur chuig na Coimisinéirí Iomcaim faoin 31 Deireadh Fómhair chuile bhliain.
Níl aon cháin le n-íoc ag duine ar ioncam atá faoi na teorainneacha díolúine.
Seo a leanas na teorainneacha bliantúla do 2012
| 65+ | |
| Duine Singil/Baintreach | €18,000 |
| Lanúin Phósta | €36,000 |
| An chéad dá pháiste | €575 |
| Páistí eile | €830 an leanbh |
Má cheapann tú go mbeidh ioncam agat faoi bhun na dteorainneacha seo ba cheart teagmháil a dhéanamh le na Coimisinéirí Ioncaim agus cuirfear amach fógra athbhreithnithe ar chreidmheasanna cánacha chugat. Má tá d'ioncam beagainín níos airde ná na teorainneacha seo, d'fhéadfadh "faoiseamh imeallach" a bheith ar fáil duit. Má tá ní ghearrfar cáin ort faoin gnáthchóras cánach - ach íocfaidh tú cáin ag an ráta 40% ar an ioncam sa bhreis ar an teorainn díolúine.
Braitheann an fiú duit faoiseamh imeallach a bheith agat ar do theaghlach féin agus ar na creidmheasanna cánacha a bhfuil tú ina dteideal.
Tá tuilleadh eolais maidir le díolúine ó cháin agus faoiseamh cánach anseo.
Tá creidmheasanna cánacha ar fáil anois in áit liúntais saor ó cháin. Laghdófar do bhille iomlán cánach faoi na suimeanna seo.
Tá gach duine i dteideal creidmheas pearsanta cánach ag an ráta pósta, singil nó baintrí. Faigheann daoine a íocann cáin faoin gcóras ÍMAT creidmheas cánach ÍMAT freisin. Tá an creidmheas ÍMAT ar fáil freisin do phinsinéirí a fhaigheann pinsean árachais shóisialaigh ó bhall stáit eile den AE - ní íocann siad cáin ag an bhfoinse íocaíochta ach íocann siad cnapshuim go bliantúil. Tá creidmheasanna cánacha ann a bhaineann le daoine atá ós cionn 65.
Is féidir é seo a fháil sa bhreis ar an gcreidmheas pearsanta agus ní mór é a éileamh nuair a shroiceann tú nó do chéile 65.
Ní féidir leat faoiseamh a fháil muna raibh tú ag íoc cíosa roimh 7 Nollaig 2010.
Seo a leanas Creidmheasanna Cánacha Aoise don bhliain 2012:
| Singil | €245 |
| Baintreach | €245 |
| Pósta | €490 |
Má tá tusa nó do chéile 65 nó ós a chionn, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcreidmheas cánach breise seo a éileamh.
Tá an creidmheas seo ar fáil don cháiníocóir a chothaíonn, ar a c(h)ostas féin aon duine a thagann faoi na rannóga seo a leanas:
€70 an creidmheas cánach atá ar fáil sa bhliain 2012. Leigh níos mó faoin Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach anseo.
Má fhostaíonn tú duine le breathnú i ndiaidh duine den teaghlach atá faoi éagumas d'fhéadfadh sé go mbeadh liúntas breise ar fáil duit €50,000. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Má íocann tú cáin ag an uas-ráta agus má theastaíonn uait tacaíocht a thabhairt do dhuine ar ioncam íseal, b'fhéidir gur fiú airgead a chur ar fháil dó/dí ar chúnant.
Ní mór don duine a fhaigheann an t-airgead a bheith ós cionn 65 nó a bheith faoi éagumas go buan. Má shásaíonn tú na rialacha is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar suim nach mó ná 5% de d'ioncam inchánaithe, ach níl aon teorainn leis an suim má tá an faighteoir faoi éagumas buan.
Is fearr i bhfad cúnant a dhéanamh ar son duine nach bhfuil aon ioncam inchánaithe aige/aici. D'fhéadfadh cáin a bheith le n-íoc ar an airgead ag an bhfaighteoir. Tá sé tábhachtach smaoineamh go bhféadfadh airgead ar chúnant chuig duine atá ag fáil pinsin neamh-ranníocach nó liúntas lena mbaineann scrudú maoine cuir isteach ar na rialacha maoine a shásaigh siad sa chéad dul síos leis an liúntas sin a fháil. Leigh níos mó faoi gníomhas chúnaint a dhéanamh anseo.
Is féidir le daoine atá 55 bliana d'aois agus os a chionn faoiseamh cánach 20% a fháil i gcás cíos a íocann siad ar chóiríocht phríobháideach ar chíos.
| 2012 | |
| Singil | €3,200 |
| Baintreach nó Baintreach Fir | €6,400 |
| Pósta | €6,400 |
Ceadaítear an faoiseamh seo ar ráta 20%, rud a chiallaíonn i 2012 gurb é €640 (€3,200 x 20%) an t-uasmhéid is féidir le duine singil os cionn 55 a fháil ar chíos a íocadh le linn 2011. Is é €1,280 (€6,400 x 20%) an méid is mó is féidir le lánúin nó baintreach nó baintreach fir a fháil ar cíos a íocadh i 2012. Léigh tuilleadh faoi faoiseamh cánach le haghaidh tionóntaithe príobháideacha in Éirinn anseo.
Níl le déanamh agat chun an faoiseamh cánach seo a éileamh ach Íoslódáil foirm fhaoiseamh cíosa (pdf). Is féidir an fhoirm a fháil freisin i d'oifig cánach áitiíúil nó ó sheirbhís foirmeacha agus bileoga na gCoimisinéirí Ioncaim má chuireann tú glaoch ar an uimhir íosghlao 1890 306 706. Féadfaidh an fhoireann in d'oifig cánach áitiúil aon cheist atá agat a fhreagairt agus beidh siad sásta cabhrú leat an fhoirm a chomhlánú. Ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe a chur ar ais go dtí d'oifig cánach áitiíúil.
Baintear Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) as an ús atá le n-íoc leat ar airgead i dtaisce i mbainc, cumainn fhoirgníochta, & rl. Tarlaíonn seo fiú muna bhfuil cáin le n-íoc agat go hiondúil. Má tá tú 65 nó ós a chionn nó má tá do chéile 65 nó ós a chionn nó más duine faoi éagumas buan thú, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann an Cháin Choinneála ar Ús Taisce a éileamh ar ais muna bhfuil ioncam inchánaithe agat.
Má tharlaíonn sé go bhfuil tú incháilithe le haisíocaíocht a fháil beidh tú in ann ó 2007 ar aghaidh é sin a insint do d'institiúid airgeadais agus beidh siad in ann do chuid úis a íoc gan DIRT a bhaint as.Déan iarratas leis an gCigire Cánach ar son na gcreidmheasanna a bhfuil cur síos déanta orthu nó ar son na dteorainneacha díolúine a bhaineann leat.
Tá foirmeacha ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim, sna bainc agus in institiúidí airgeadais eile ar mhaithe le cúnant a chur le chéile.Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.