Nuair a scarann pósadh braitheann an tionchar a bheidh aige ar dhliteanas cánach gach céile an bhfuil íocaíochtaí cothabhála i gceist agus, má tá, an bhfuil na híocaíochtaí seo dhá dhéanamh faoi chomhaontú dlíthiúil infheidhmithe.
Má dhéantar íocaíochtaí cothabhála, ar mhaithe le céile amháin, faoi chomhaontú dlíthiúil infheidhmithe sa bhliain chéanna ina scarann an lánúin óna chéile, ansin:
Má scarann lánúin agus muna bhfuil aon íocaíochtaí cothabhála i gceist gearrtar cáin mar dhuine singil ar gach duine acu agus tá sé/sí freagrach as tuairisceán cánach a chomhlánú ar a s(h)on féin.
Ní chuirtear íocaíochtaí cothabhála deonacha (i.e., íocaíochtaí nach féidir a chur i bhfeidhm go dlíthiúil) san áireamh nuair atá cáin ceachtar den bheirt dhá ríomh. Mar sin:
Nuair a:
agus
agus
is féidir leis/léi creidmheas cánach an duine phósta a éileamh ach ní bheidh aige/aici ach an pointe scartha don ráta caighdeánach don duine singil. Is féidir leis an gcéile eile freisin éileamh a dhéanamh ar chreidmheas cánach an duine singil ar a (h)ioncam, más ann dó.
Ciallaíonn "Cothabháil don chuid is mó" gur mó é suim na n-íocaíochtaí cothabhála ná ioncam an fhaighteora.
I measc na gcomhaontaithe cothabhála dlíthiúla infheidhmithe tá íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla a dhéantar faoi ordú cúirte, gníomhas scartha, rialú cúirte, iontaobhas, cúnant nó aon ghníomh eile atá ina cheangal infheidhmhithe dlíthiúil. Ní mór go mbeadh an comhaontú cothabhála déanta nó curtha i gcrích ar mhaithe le nó mar gheall ar phósadh a scaradh.
Tá íocaíochtaí cothabhála a dhéantar faoi chomhaontú dlíthiúil infheidhmithe a rinneadh ar nó i ndiaidh an 8 Meitheamh 1983 iníoctha gan cáin a asbhaint. Baineann na rialacha seo a leanas le híocaíochtaí cothabhála a dhéantar ar mhaithe le céile:
Is féidir le lánúin atá scartha cinneadh a dhéanamh cáin ioncaim a íoc mar lánúin phósta:
agus
Ní mór don lánúin iarratas scríofa a dhéanamh lena chéile más mian leo an rogha seo a thógáil. Ní mór an cinneadh seo a dhéanamh roimh dheireadh na bliana cánach agus ní mór don bheirt acu an t-iarratas a shíniú. Má dhéantar an rogha seo déantar neamhaird de na híocaíochtaí cothabhála, i.e., ní fhaigheann an céile a dhéanann na híocaíochtaí laghdú cánach ar a son agus ní íocann an céile a fhaigheann na híocaíochtaí aon cháin orthu.
Má tá ioncam ag an mbeirt gearrfar cáin orthu faoi mheasúnú ar leith, i.e., roinnfear creidmheasanna cánacha agus an pointe scartha don ráta caighdeánach idir an bheirt acu, déanfar athbhreithniú ar seo ag deireadh na bliana le déanamh cinnte go bhfuil an céile eile in ann leas a bhaint as aon chreidmheas cánach nár úsáideadh nó as aon bhandaí cánacha cuí.
Muna bhfuil ioncam ach ag céile amháin tabharfar na creidmheasanna cánacha iomlán, na faoisimh agus an t-uasmhéid den phointe scartha don ráta caighdeánach don chéile sin (iad siúd atá ar fáil do lánúin le céile amháin ag obair).
Tá sonraí agus samplaí de na cineálacha éagsúla measúnaithe ar fáil anseo.
Déantar neamhaird ar íocaíochtaí cothabhála a dhéantar ar mhaithe le páiste nó páistí ó thaobh cúrsaí cánacha:
D'fhéadfadh sé go mbeadh gach céile in ann éileamh a dhéanamh ar Chreidmheas Cánach ar Pháiste faoi Mhíchumas (féach ar Bileog IT18 (pdf)) agus/nó Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora (pdf).
Má tá tú ag fáil íocaíochtaí cothabhála agus má tá ioncam a bhaineann leis an gcóras ÍMAT agat freisin d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann iomlán nó cuid den cháin atá dlite a íoc faoin gcóras sin tríd do chreidmheasanna cánacha a laghdú.
Muna bhfuil d'ioncam agat ach na híocaíochtaí cothabhála gearrfar an cháin ort faoin gcóras féin-mheasúnaithe in aon chnapshuim amháin. Nuair atá tú ag ríomh do chuid cúrsaí airgeadais ba cheart duit a chur san áireamh aon cháin atá le n-íoc agat agus smaoineamh go mba fhéidir go mbeidh ort í sin a íoc ina cnapshuim amháin.
Nuair a bhíonn colscaradh Éireannach ag lánúin beidh na soláthair thuasluaite i bhfeidhm maidir le haon íocaíochtaí cothabhála a ordaíonn an Chúirt, rud a chiallaíonn:
Is féidir le lánúin colscartha rogha a dhéanamh cáin a íoc mar lánúin phósta (bainfidh na rialacha faoin measúnú faoi leith leo) ar a n-ioncam:
agus
Má dhéantar pósadh a chur ar neamhní gearrfar cáin ar gach duine den bheirt mar dhuine singil ón dáta sin ar aghaidh. Ní féidir leis an lánúin iarratas a dhéanamh ar chomh-mheasúnú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.