Laghdaíonn faoiseamh cánach an méid cánach a bhíonn ort a íoc. Braitheann an faoiseamh cánach atá tú i dteideal ar do chúinsí pearsanta. Leagann an t-eolas seo a leanas amach na faoisimh chánach éagsúla atá ar fáil agus soláthraítear naisc chun tuilleadh eolais a fháil. Soláthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim liosta na gcreidmheasanna cánach atá ar fáil agus luach na gcreidmheasanna sna blianta reatha agus roimhe seo.
Ríomhtar cáin mar chéatadán den ioncam atá agat. Asbhainfear do chreidmheasanna cánach ón méid seo leis an méid cánach a bhíonn ort a íoc a thabhairt duit. Is é an tionchar a bhíonn ag creidmheas cánach ná do cháin iníoctha a laghdú de mhéid an chreidmheasa. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mbealach a oibríonn creidmheasanna cánach, léigh faoi conas a ríomhtar do cháin ioncaim.
Is féidir leat aisíoc cánach a fháil ar chostais faoi leith i gcásanna áirithe, costais leighis nó ús ar mhorgáiste mar shampla. Sna cásanna seo, tá an an aisíocíocaíocht bunaithe ar an méid a íocann tú amach. I gcásanna áirithe, cosúil le hús ar mhorgáiste, tá teorainn leis an uasmhéid is féidir leat a éileamh. Beidh luach an fhaoisimh cánach ag brath ar cibé an bhfuil sé ceadaithe ag an ráta ard cánach a íocann tú nó srianta don ráta caighdeánach 20%. Tóg éileamh €100 mar shampla. Má íocann tú cáin ag 41% agus gur féidir leat éileamh a dhéanamh ag an ráta seo, laghdófar do cháin de €41 dá réir (€100 x 41%). Má tá an ráta ard cánach a íocann tú 20%, nó an faoiseamh srianta don ráta caighdeánach, laghdóidh an t-éileamh €100 do cháin de €20 (€100 x 20%).
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mbealach a oibríonn liúntais chánach, léigh faoi cháin ioncaim sa nasc thuas.
Ag brath ar do chúinsí, beidh tú i dteideal an creidmheas singil, pósta nó baintrí a fháil.
| Creidmheas cánach | 2010 | 2011 |
| Singil | €1,830 | €1,650 |
| Pósta | €3,660 | €3,300 |
| Baintreach, a cháilíonn do Chreidmheas Cánach Teaghlaigh Aontuismitheora | €1,830 | €1,650 |
| Baintreach (gan leanaí cleithiúnacha) | €2,430 | €2,190 |
| Creidmheas Cánach Tuismitheora Baintrí i mbliain mhéala | €3,660 | €3,300 |
Tá creidmheasanna cánach do thuismitheoirí atá ina mbaintreacha ann chomh maith.
Má tá tú i bhfostaíocht agus do cháin ioncaim asbhainte ag d'fhostóir, is féidir leat Creidmheas ÍMAT. Más ball de ceardchumann tú, is féidir leat creidmheas cánach do tháillí síntiúis ballraíochta atá íoctha agat.
Tá ranníocaíochtaí do pinsean incháilithe d'fhaoiseamh cánach ag an ráta ard cánach.
Faigh tuilleadh eolais faoi fhaoiseamh cánach a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear faoiseamh d'oibrithe ar farraige agus oibrithe a dhéanann comaitéireacht chuig tír eile do chúrsaí oibre. Is féidir leat léamh chomh maith faoi chánacha ar chostais agus sochair oibre ó fhostaíocht.
Má tá do theach ar cíos, d'fhéadfá Creidmheas Cánach Cíosa a éileamh. Má íocann tú morgáiste, d'fhéadfá faoiseamh cánach ar ús morgáiste a éileamh. Má tá seomra ar cíos agat i do theach le tionónta príobháideach, d'fhéadfá faoiseamh seomra ar cíos a éileamh.
Má íocann tú as bruscar a bhailiú, diúscairt camrais nó soláthairtí uisce baile, d'fhéadfá faoiseamh ar tháillí seirbhísí a éileamh. Chun léargas ginearálta a fháil ar fhaoiseamh cánach maidir le tithíocht, agus chun eolas a fháil ar chánachas nuair ata úinéireacht tí á aistriú, féach ar creidmheasanna agus faoiseamh cánach tithíochta.
Má tá tú pósta, tá rogha agat creidmheasanna cánach agus bandaí cánach a roinnt idir tú féin agus do chéile. Faigh amach tuilleadh faoi roghanna difriúla do cánachas do dhaoine pósta.
Má bhíonn colscaradh nó idirscaradh ag lánúin phósta, tá impleachtaí tábhachtacha aige seo ar an mbealach a ghearrtar cáin orthu. Faigh amach tuilleadh faoi cánachas tar éis idirscartha agus colscartha, lena n-áirítear eolas faoi conas a ghearrtar cáin ar íocaíochtaí cothabhála.
Má tá leanbh cleithiúnach agat, agus nach bhfuil tú pósta, má tá tú i do bhaintreach, idirscartha, colscartha nó tréigthe, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar Chreidmheas Cánach Teaghlaigh Aontuismitheora chomh maith le do chreidmheas cánach pearsanta. Bíonn méadú ar ráta caighdeánach an bhanda cánach atá agat chomh maith. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat breis airgid a thuilleamh sula dtosaíonn tú ag íoc ráta cánach níos airde.
Faigh amach tuilleadh faoi faoiseamh cánach do theaghlaigh aontuismitheora.
Déantar roinnt creidmheasanna agus faoiseamh cánach a mhéadú i luach do dhaoine in aois 65 bliana d'aois agus os a chionn. Méadaítear an creidmheas cánach cíosa do dhaoine in aois 55 bliana d'aois agus os a chionn.
Tá cineálacha difriúla faoisimh cánach ar fail chun cúram a thabhairt do dhuine nach bhfuil ábalta é/í féin a chothabháil.
Faigh tuilleadh eolais faoi faoiseamh cánach do dhaoine breacaosta.
Tá faoiseamh cánach ar fáil ar tháillí íoctha maidir le cúrsaí tríú leibhéal faofa. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhaoiseamh cánach do tháillí tríú leibhéal anseo.
Is féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar chostais leighis a thabhaíonn tú féin nó gaol leat. Faigh tuilleadh eolais faoi cánachas agus costais leighis.
Tá an chaoi a chaitear le faoiseamh ó cháin ioncaim tar éis bháis ag brath ar stádas pósta an duine éagtha agus ar an mbealach a gearradh cáin air/uirthi má bhí siad pósta.
Tá creidmheasanna cánach breise ar fáil do bhaintreacha.
Faigh tuilleadh eolais faoi faoiseamh cánach
tar éis bháis.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.