Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim > Faoisimh agus creidmheasanna cánach i leith tithíochta

Print Page Send to a Friend

Faoisimh agus creidmheasanna cánach i leith tithíochta

Faoiseamh cánach do thionóntaí

Faoiseamh do thionóntaí

D'fhéadfá a bheith cáilithe le haghaidh faoisimh chánach ar chuid de do chíos má tá cóiríocht phríobháideach ar cíos agat in Éirinn agus cáin ioncaim á híoc agat. Léigh tuilleadh faoi fhaoiseamh cánach do thionóntaí; tá cur síos orthu siúd atá cáilithe agus ar an gcaoi a ndéantar iarratas san áireamh.

Faoiseamh cánach ar ús morgáiste

D'fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh faoisimh chánach ar an ús iasachta i gcás go bhfaigheann tú airgead ar iasacht chun do theach a cheannach nó chun é a dheisiú nó a fheabhsú. Tugtar faoiseamh cánach ar ús morgáiste ar an bhfaoiseamh cánach seo. Cuireann an t-iasachtóir morgáiste an faoiseamh seo san áireamh agus laghdaítear méid d'aisíocaíochtaí rialta dá réir. Léigh tuilleadh faoi fhaoiseamh cánach ar ús morgáiste.

Faoiseamh do Sheomra ar Cíos

Má ligeann tú seomra i do theach ar cíos le tionónta príobháideach féadfar an t-ioncam ó chíos a dhíolmhú ó cháin ioncaim. Léigh tuilleadh faoi fhaoiseamh do Sheomra ar Cíos anseo.

Cáin i gcás go bhfuil úinéireacht tí á haistriú agat

Is gnách go mbíonn na gnóthachain airgid faoi dhliteanas cánach nuair a dhéantar úinéireacht tí a aistriú, ach baineann díolúintí agus faoisimh áirithe leis seo.

Mar shampla, nuair a dhíolann tú réadmhaoin, is gnách go mbíonn aon bhrabús a ghnóthaíonn tú sa bhreis ar an méid a d'íoc tú féin don réadmhaoin, faoi dhliteanas cháin ghnóthachan caipitiúil. Baineann díolúine leis seo, áfach, i gcás gurb é an t-áitreabh an phríomháit ina chónaíonn tú. Léigh bileog eolais na gCoimisinéirí Ioncaim CGT2 (pdf) chun buneolas a fháil ar Cháin Gnóthachan Caipitiúil nó léigh Treoir ar Cháin Ghnóthachan Caipitiúil (pdf) chun mioneolas a fháil.

Má fhaigheann tú réadmhaoin mar bhronntanas nó le hoidhreacht, d'fhéadfadh go mbeadh ort Cáin Fháltais Caipitiúil a íoc . Tá go leor faoiseamh agus díolúintí ann, aistrithe idir céilí san áireamh, mar aon le teach a fháil atá mar phríomh-áit chónaithe agat.

Dleacht stampála

Is éard is dleacht stampála ann ná cáin a d'fhéadfadh a bheith iníoctha nuair a aistrítear úinéireacht ar réadmhaoin.

Ó 2011 beidh ráta 1% ar réadmhaoin cónaithe luacháilte suas go €1 milliún agus 2% ar an iarmhéid.

Is réimse choimpléascach é dleacht stampála ar réadmhaoin. Tá tuilleadh faisnéise faoi dhleacht stampála ar réadmhaoin ar fáil anseo.

Táillí seirbhíse

Féadfar faoisimh cánach a fháil má íoctar táillí seirbhíse do bhailiú bruscair, diúscairt séarachais nó soláthair uisce tí. Léigh tuilleadh faoi fhaoiseamh cánach ar tháillí seirbhíse tí anseo.

Déan teagmháil linn

Tá uimhreacha teileafóin ló-ghlao d'oifigí réigiúnacha ioncaim ar fáil anseo. Aimseoidh tú sonraí teagmhála níos cruinne i leith do réigiúin féin anseo. Bíodh d'uimhir PPS agat agus tú ag déileáil leis na coimisinéirí ioncaim i dtaobh ní ar bith.

Is féidir creidmheasanna cánach a éileamh ar an idirlíon chomh maith .

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ag ligean seomra i do theach amach ar cíos
    Tugann scéim "seomra a ligean ar cíos" deis duit seomra(í) i do phríomháit chónaithe phríobháideach a ligean ar cíos do thionóntaí príobháideacha i rith na bliana cánach ábhartha.
  • Comhúinéireacht
    Tugann an scéim seo deis do dhuine sciar de theach a cheannach ar dtús, agus an sciar a mhéadú de réir a chéile go dtí go bhfuil an teach ar fad ceannaithe. An fhad is go bhfuil sciar dhá cheannach tá úinéireacht an tí roinnte leis an údarás áitiúil.
  • Budget 2008
    Budget 2008 was announced on 5 December 2007. Summary of the main changes. This document is updated regularly during early December.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.