Is creidmheas cánach é Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile a thugtar do chúplaí pósta (a mheastar i gcomhpháirt lena chéile i gcomhair cánach) nuair atá céile amháin ag obair sa bhaile ag tabhairt cúraim do dhuine cleithiúnach.
Ríomhtar an cháin a bhfuil tú faoi dhliteanas é a íoc mar chéatadán den ioncam atá agat. Baintear creidmheas cánach as seo, rud a fhágann an méid iarbhír cánach a chaithfidh tú a íoc. Is é an tionchar a bhíonn ag creidmheas cánach ná do cháin iníoctha a laghdú de méid an chreidmheasa.
Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a ríomhtar do cháin.
Tugtar Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile do:
Ní thógtar Liúntas Cúramóra san áireamh nuair atá ioncam an chúramóra baile á shocrú ach is foinse ioncaim inchánach í. Ciallaíonn sé seo n-áireofar é san ioncam a mheastar i gcomhpháirt le do chéile más rud é go bhfuil tú ag éileamh Liúntais Cúramóra.
Is duine cleithiúnach é:
Ní féidir leis an duine cleithiúnach a bhfuil tú ag tabhairt cúraim dó/di a bheith ina c(h)éile. Is féidir leo a bheith ina ghaol de bharr pósta, nó duine lena bhfuil tú ag gníomhú mar chaomhnóir dlíthiúil áfach.
Go hiondúil caithfidh an duine cleithiúnach a bheith ina chónaí leat
agus le do chéile sa bhliain chánach le bheith incháilithe don Chreidmheas
Cánach do Chúramóirí Baile.
Ach is féidir cúram a thabhairt do dhuine cleithiúnach atá ina
ghaol agat taobh amuigh de do bhaile mar sin féin. Mura bhfuil an
duine ina chónaí leat, áfach, caithfidh siad a bheith ina chónaí béal
dorais in áras cónaithe in aice leat, nó sa réadmhaoin céanna, nó taobh
istigh de 2km ó do theach. Chomh maith leis seo, caithfidh nasc cumarsáide
díreach a bheith eadraibh (mar shampla, líne teileafóin nó córas aláraim.
Is é €810 an Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile i 2011.
Má thuilleann an cúramóir baile idir €5,080 agus €6,700, íoctar
creidmheas cánach laghdaithe. Laghdaítear an creidmheas cánach de leath
d'ioncam an chúramóra baile a sháraíonn an teorainn seo. (Féach an sampla
thíos).
Má thuilleann an cúramóir baile €6,700 nó níos mó i mbliain chánach,
ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar an gCreidmheas Cánach do
Chúramóirí Baile ansin.
Sampla 2010
Ní bheidh cúramóir baile le hioncam bliantúil de €6,000 incháilithe
do Chreidmheas Cánach do Chúramóirí Baile iomlán ach beidh sé/sí
incháilithe do chreidmheas cánach laghdaithe.
Ríomhtar an difríocht idir an t-ioncam iarbhír (€6,000) agus €5,080 agus
ansin faightear leath den méid sin. Laghdaítear ráta uasta an Chreidmheasa
Cánach do Chúramóirí Baile de réir an méid sin ansin.
€6,000 - €5,080 = €920 ÷ 2 = €460
€810 - €460 = €350 (Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile
laghdaithe).
Ní féidir éileamh a dhéanamh ar Phointe Scoite an
Ráta Chaighdeánaigh do chúpla le dhá ioncam agus
ar an gCreidmheas Cánach do Chúramóirí Baile.
Cabhróidh d'oifig chánach áitiúil leat fáil amach cé acu a thugann an
leas in mó duit.
Ba chóir iarratais don Chreidmheas Cánach do Chúramóirí Baile a dhéanamh chuig na gCoimisinéirí Ioncaim.
Mar mhalairt air sin, is féidir leat téacs a sheoladh leis na focail 'Info Credit Home Carer' chuig 51829 chuig na Coimisinéirí Ioncaim i gcomhair treoracha trí theachtaireacht téacs ar conas éileamh a dhéanamh ar an gCreidmheas Cánach do Chúramóirí Baile.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.