Gníomhais Chúnaint

Réamhrá

Is éard atá i ngníomhas cúnant ná comhaontú dlíthiúil i scríbhinn idir beirt nuair a aontaíonn duine amháin méid airgid a íoc leis an duine eile gan aon sochar a fháil ar ais.

Féadfaidh tú aontú aon mhéid airgid a íoc faoin ngníomhas. Mar sin féin, ní cháilíonn ach cúnaint áirithe le haghaidh faoisimh cánach. Caithfear an gníomhas a dhréachtú i gceart agus é a shíniú, a fhianú, a shéalú agus a sheachadadh chuig an duine aonair a fhaigheann na híocaíochtaí.

Tugtar cúnantóir ar an duine a dhéanann an íocaíocht.

Tugtar cúnantaí ar an duine a fhaigheann an íocaíocht.

Gníomhas Cúnaint a dhéanamh

Caithfear an gníomhas a dhréachtú, a shíniú, a fhianú, a shéalú agus a sheachadadh i gceart chun go mbeidh an cúnant éifeachtach ó thaobh an dlí é. Féadfaidh tú gníomhas íocaíochta a dhéanamh trí fhoirm ghníomhais chúnaint na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf) a chomhlánú. Féadfaidh tú dul i gcomhairle le comhairleoir gairmiúil mar shampla aturnae nó cuntasóir chun gníomhas a dhéanamh.

Más tusa an cúnantaí, caithfidh uimhir PSP a bheith agat chun íocaíochtaí a fháil. Mura bhfuil uimhir PSP agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hoifig áitiúil de na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta.

Más tusa an cúnantóir, ní féidir leat aon sochar a fháil (go díreach nó go hindíreach) mar chúiteamh ar an méid comhaontaithe a íocann tú.

Ní bheidh gníomhas i bhfeidhm ach ón dáta a dhéantar é agus ní féidir é a shiardhátú. Caithfidh sé maireachtáil níos mó ná 6 bliana freisin.

Íocaíocht a dhéanamh faoi Ghníomhas cúnaint

Caithfidh tú an gníomhas a dhéanamh sula ndéanann tú aon íocaíochtaí. Ba cheart duit a chinntiú freisin go bhfuil tú in ann gach íocaíocht a dhéanamh sula dtiocfaidh deireadh leis an ngníomhas.

Caithfear íocaíochtaí a íoc ar na dátaí mar atá leagtha amach sa ghníomhas agus don mhéid atá sonraithe. Ní féidir leat méid nó minicíocht na n-íocaíochtaí a athrú le linn thréimhse an ghníomhais.

Freagrachtaí cánach

Más tusa an cúnantóir, caithfidh tú cáin ag an ráta caighdeánach (20%) a asbhaint ó íocaíocht iomlán an chúnaint/na gcúnant agus í a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Má íocann tú cáin faoin gcóras ÍMAT is féidir leat cuntas a fháil ar an gcáin a asbhaineadh trí do dheimhniú creidmheasa cánach a bheith leasaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Má tá tú féinmheasúnaithe, ba cheart duit cuntas a thabhairt ar an ngníomhas cúnaint i do mheasúnú bliantúil a dhéanann tú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ba cheart duit Foirm R185 a chomhlánú gach uair a dhéanann tú íocaíocht leis an gcúnantaí.

Cad iad na cúnaint atá cháilithe le haghaidh faoiseamh cánach?

Tá cúnaint do ghrúpaí áirithe incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach:

  • Mionaoisigh faoi éagumas buan (leanaí faoi 18 mbliana d’aois atá neamhphósta)
  • Aosaigh faoi éagumas buan
  • Daoine os cionn 65 bliana d’aois

Ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar íocaíochtaí cúnaint a dhéanann tú le do leanbh féin atá faoi éagumas buan. Mar sin féin, is féidir faoiseamh cánach a éileamh ar chúnaint a dhéanann daoine seachas a dtuismitheoirí do leanaí atá faoi éagumas buan.

Braitheann an sábháil cánach cruinn ar:

  • Méid na cánach a d’íoc an cúnantóir
  • Méid ioncaim an chúnantaí

Chun faoiseamh cánach a fháil, ní mór go maireann Gníomhas Cúnaint níos mó ná 6 bliana. Molann na Coimisinéirí Ioncaim go ndéanann tú cúnant a mhaireann 7 mbliana ar a laghad.

Rátaí faoisimh chánach

Is féidir faoiseamh cánach neamhshrianta a éileamh ar chúnaint a dhéanann tú do mhionaoisigh atá faoi éagumas buan agus ar chúnaint a dhéanann tú le daoine fásta atá faoi éagumas buan.

Nuair a dhéanann tú cúnant le duine fásta os cionn 65 bliana, ní féidir leis an bhfaoiseamh a fhaigheann tú a bheith níos mó ná 5% de d’ioncam iomlán (ollioncam lúide asbhaintí áirithe mar shampla costais, liúntais chaipitiúla srl).

Más tusa an cúnantóir, braitheann d’fhaoiseamh ar do ráta cánach. Ríomhtar d’fhaoiseamh ar mhéid an chúnaint ag an difríocht idir an ardráta (40%) agus an ráta caighdeánach (20%). Níl aon sochar cánach ann má íocann tú cáin ag an ráta caighdeánach amháin.

Féadfaidh an cúnantóir an cháin a asbhaineadh don chúnant a aisíoc i gcás go bhfuil ioncam iomlán an chúnantaí faoi bhun na teorann cánach. Cuimsíonn d’ollioncam na híocaíochtaí cúnant a fhaigheann tú móide aon fhoinse ioncaim eile.

Conas iarratas a dhéanamh

Faoiseamh cánach don chúnantóir

Más tusa an cúnantóir, ba cheart duit na doiciméid seo a leanas a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim an chéad uair a dhéanann tú íocaíocht chúnaint:

  • An gníomhas cúnaint bunaidh
  • Cóip d’Fhoirm R185 (pdf)

I gcás aon bhliain ina dhiaidh sin, comhlánaigh Foirm 185 ar gach dáta íocaíochta nó ina dhiaidh agus cuir ar aghaidh é chuig an oifig chánach is gaire duit.

Faoiseamh cánach don chúnantaí

Más tusa an cúnantaí, caithfidh tú a chinntiú go bhfuil tú cláraithe le haghaidh cánach. Ní mór duit d’íocaíochtaí cúnaint a dhearbhú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Sa chéad bhliain ba chóir duit an méid seo a leanas a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim:

  • Foirm Éilimh chomhlánaithe do Ghníomhas an Chúnaint
  • An gníomhas cúnaint bunaidh
  • Foirm 54 (pdf) comhlánaithe
  • Foirm R185 í comhlánaithe ag an gcúnantóir
  • Cruthúnas go bhfuair tú an íocaíocht nó na híocaíochtaí

Do bhlianta ina dhiaidh sin, seolann tú Foirm R185 agus Foirm 54 chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Feabhra 2021