Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim

Print Page Send to a Friend

Creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim

Overview Document Réamhrá ar chreidmheasanna cánach agus faoiseamh ó cháin ioncaim Laghdaíonn faoiseamh cánach an méid cánach a bhíonn ort a íoc. Faigh amach faoi chineálacha difriúla na bhfaoiseamh ó cháin ioncaim in Éirinn a bhaineann le do chúinsí.

Cáin agus costais leighis
Tá cur síos anseo ar an bhfaoiseamh cánach atá ar fáil ar chostas a bhaineann le hárachas sláinte agus árachas don chúram fadthéarmach agus ar chostais leighis.

Cáin do dhaoine atá ós cionn 65
Tá cur síos anseo ar na socruithe speisialta cánacha a bhaineann le daoine atá 65 agus ós a chionn.

Scaradh, colscaradh agus creidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim
Cur síos mion ar na rialacha a bhaineann le cáin ioncaim tar éis scartha/colscartha.

Cáin agus íocaíochtaí cothabhála
Déantar íocaíochtaí cothabhála ó chéile amháin go céile eile a phlé anseo ó thaobh cúrsaí cánacha.

Creidmheasanna agus faoiseamh cánach ioncaim tar éis báis
Réamhrá gairid den cháin a ghearrtar ar daoine nach bhfuil pósta agus daoine ar baintreacha/baintreacha fir iad sa bhliain a fhaigheann duine den lánúin bás. Tá cuntas san áireamh ar an gcaoi a gcaitear ó thaobh cáin de le lánúin phósta sa bhliain a fhaigheann duine den lánúin bás.

Creidmheasanna agus faoisimh chánach fostaíochta
Tá roinnt creidmheasanna agus faoisimh chánach ar fáil dóibh siud atá fostaithe in Éirinn. An bhfuil tú ag éileamh do chreidmheasanna cánach go léir agus conas a mheastar míreanna cosúil le sochar comhchineáil le haghaidh cúrsaí cánach?

Creidmheasanna agus faoiseamh cánach do theaghlaigh aontuismitheora
Tá réimse de chreidmheasanna agus faoiseamh cáin ioncaim ar fáil in Éirinn do theaghlaigh aon tuismitheora. Fáigh amach faoi creidmheasanna cánach do thuismitheoirí ar baintreach fir é/baintreach í, creidmheas cothabhála agus creidmheas teaghlaigh aontuismitheora.

Faoisimh agus creidmheasanna cánach i leith tithíochta
Féadfar faoiseamh cánach a éileamh ar réimse chostais tí in Éirinn, mar shampla i gcás go bhfuil cóiríocht phríobháideach ar cíos nó i leith táillí seirbhíse fóntais phoiblí. Tuilleadh eolais.

Creidmheasanna agus faoiseamh do dhaoine míchumasaithe

This document is in: Airgead agus Cáin > Cáin

Faoiseamh cánach ar tháillí don tríú leibhéal
Cur síos ar an bhfaoiseamh cánach atá le fáil ar tháillí a íoctar le hinstitiúidí príobháideacha tríú leibhéal, le hinstitiúidí thar lear, ag mic léinn atá ag athdhéanamh scrúduithe agus ag mic léinn páirt-aimseartha.
This document is in: Oideachas agus Oiliúint > Oideachas tríú leibhéil > Táillí agus Tacaíocht do mhic léinn tríú leibhéil

Postchúnamh Ioncaim
Is faoiseamh breise cánach é Postchúnamh Ioncaim do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus atá ag filleadh ar fhostaíocht.
This document is in: Fostaíocht > Dífhostaíocht agus Iomarcaíocht > Scéimeanna Tacaíochta Fostaíochta

Gníomhais Chúnaint
Is aontas dlithiúil é gníomhas cúnaint a dhéanann duine go n-íocfaidh sé/sí méid áirithe airgid le huine eile gan tairbhe ar bith a fháil ar ais.

Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile
Is féidir le cúplaí pósta a bheith i dteideal an creidmheas seo a éileamh má tá céile amháin ag obair sa bhaile ag tabhairt cúraim do dhuine cleithiúnach.

An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Cuireann an Scéim um Rothaíocht chun na hOibre ar a c(h)umas ag fostóir rothar nua agus trealamh sábháilteachta rothair a cheannach d'fhostaithe suas go dtí €1,000. Is féidir le fostaithe an costas ceannaigh a aisíoc chuig a bhfostóir óna n-ollchaiteachas.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.