Gearradh cánach ar dhaoine pósta in Éirinn
Eolas
Sa bhliain ina bpósann tú, caitear leat agus le do pháirtí fós mar dhaoine singile ó thaobh cánach de. Má bhíonn an méid cánach a íocann sibh mar bheirt shingil níos mó ná an méid cánach a bheadh iníoctha dá ngearrfaí cáin oraibh mar lánúin phósta áfach, beidh sibh in ann éileamh a dhéanamh ar an difríocht idir an dá shuim. (I bhfocail eile, beidh sibh in ann éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht chánach). Ní bhíonn aisíocaíochtaí dlite ach ó dháta an phósta, agus ríomhfar iad tar éis an 31 Nollaig ina dhiaidh. Mar shampla, má phós tú i Mí Eanáir 2014, ríomhfar aisíocaíocht chánach ar bith a d'fhéadfadh a bheith iníoctha, tar éis an 31 Nollaig 2014.
De ghnáth ní bhíonn aisíocaíochtaí dlite ach sa chás ina ngearrtar cáin ar lánúin ar rátaí difriúla, agus go bhféadfadh páirtí amháin leas a bhaint as scoithphointe an ráta chaighdeánaigh nár úsáideadh, nó as cuid de chreidmheasanna cánach nár úsáideadh de chuid an chéile eile.
Nuair a phósann tú, mar sin, tá sé tábhachtach an oifig chánach a chur ar an eolas faoi dháta an phósta. Beidh ort d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí agus uimhir do pháirtí a chur in iúl chomh maith.
I gcomhair na mblianta i ndiaidh do phósta, tá trí rogha ar fáil ó taobh cánachais ar dhaoine pósta. Déantar cur síos thíos ar na roghanna go léir agus na torthaí a éiríonn as iad a roghnú. (Tá samplaí de dhaoine sna cásanna seo ar fáil sa bhileog ag deireadh na cáipéise seo, a d'fhéadfá a íoschóipeáil, agus tabharfaidh sé sin cúnamh duit na torthaí praiticiúla a leanann gach rogha a thuiscint).
- Measúnú mar dhuine singil (is é sin, gearrtar cáin oraibh beirt mar dhaoine singile)
- Measúnú ar leithligh
- Cóimheasúnú/comhiomlánú.
Rialacha
Measúnú mar dhuine singil
Le measúnú mar dhuine singil, caitear le gach páirtí mar dhuine singil ó thaobh cánach de. Faoin rogha seo:
- Gearrtar cáin ar an mbeirt pháirtithe ar a n-ioncam féin
- Faigheann an bheirt pháirtithe creidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh dlite ag duine singil
- Íocann an bheirt pháirtithe a gcáin féin
- Líonann an bheirt pháirtithe a dtuairisceáin ioncaim féin agus déanann siad éileamh ar a gcreidmheasanna cánach féin. Ní fhéadfaidh páirtí amháin faoiseamh a éileamh ar íocaíochtaí a rinne an duine eile. Níl aon cheart acu creidmheasanna cánach nó scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a aistriú chuig a chéile.
Chun éileamh a dhéanamh ar mheasúnú mar dhuine singil, ní mór duit iarratas scríofa a dhéanamh go dtí d'oifig chánach. Is féidir leis an mbeirt pháirtithe an t-éileamh a dhéanamh, agus leanann an rogha go dtí go n-athraíonn an duine a dhéanann an t-éileamh a (h)intinn. Má bhíonn tú ag iarraidh éileamh a dhéanamh ar mheasúnú mar dhuine singil, beidh ort iarratas a dhéanamh taobh istigh den bhliain chánach (de rogha ag tús na bliana, i mí Eanáir).
Tá an rogha ar mheasúnú mar dhuine singil nuair atá tú pósta míbhuntáisteach i gcásanna áirithe. Tá sé amhlaidh go príomha mar nach féidir creidmheasanna cánach nó scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a aistriú. Má tá duine cleithiúnach faoi do chúram, ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar Chreidmheas Cánach do Chúramóir Baile.
Measúnú ar leithligh
Le measúnú ar leithligh, bíonn gnóthaí cánach céilí neamhspleách ar a chéile. Is í an difríocht idir measúnú ar leithligh agus an rogha roimhe (measúnú mar dhuine singil) ná, faoin rogha seo, go roinntear cuid de na creidmheasanna cánach go cothrom eadraibh. Is iad na creidmeasanna cánach seo ná:
- Creidmheas cánach pósta,
- Creidmheas cánach aoise,
- Creidmheas Cánach do Dhuine Dall,
- Creidmheas Cánach do Leanaí Éagumasacha
Tugtar fuílleach na gcreidmheasanna cánach daoibh araon i gcomhréir leis an gcostas atá íoctha agat. Tugtar an creidmheas cánach ÍMAT agus costais, más ann dóibh, don chéile cuí. Is féidir le páirtí amháin éileamh a dhéanamh ar chreidmheasanna cánach ar bith seachas an creidmheas cánach ÍMAT agus costais fhostaíochta nár úsáid an céile eile. De ghnáth ní athraítear na creidmheasanna cánach go dtí tar éis deireadh na bliana cánach.
Is féidir creidmheasanna cánach nár úsáideadh agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh suas go €41,800 do 2014 - ach amháin an creidmheas cánach ÍMAT agus costais fhostaíochta - a aistriú go dtí an céile eile, ach ag deireadh na bliana cánach amháin. Níl an méadú ar bhanda an ráta chánach chaighdeánaigh suas go €23,800 do 2014 inaistrithe idir chéilí. Má cheapann tú go bhfuil creidmheasanna cánach nó scoithphointe an ráta chaighdeánaigh nach bhfuil úsáidte agat, téigh i dteagmháil le d'oifig chánach le haghaidh athbreithnithe tar éis deireadh na bliana cánach. San iomlán tá an méid cánach atá iníoctha faoin rogha seo (measúnú ar leithligh) mar a chéile leis an méid atá iníoctha faoi chóimheasúnú a phléitear thíos.
Chun iarratas a dhéanamh ar mheasúnú ar leithligh, ní foláir duit éileamh scríofa a dhéanamh. Ní foláir an t-éileamh a dhéanamh sa tréimhse idir 1 Deireadh Fómhair agus 31 Márta. Ní féidir é a iardhátú agus leanann an rogha seo go dtí go dtarraingíonn duine agaibh siar í. Is féidir le ceachtar agaibh iarratas a dhéanamh ar mheasúnú den chineál seo. Chun an rogha a tharraingt siar, caithfear iarratas scríofa a chur chuig d'oifig chánach. Is féidir le gach páirtí tuairisceán ar leith a líonadh dá (h)ioncam féin. Glacfaidh d'oifig chánach, áfach, le comhthuairisceán (a d'fhéadfadh ceachtar agaibh a dhéanamh) má chlúdaíonn an comhthuairisceán ioncam an dá chéile.
Cóimheasúnú
De ghnáth is é cóimheasúnú (nó comhiomlánú) an cineál measúnaithe is mó a théann chun tairbhe do lanúin phósta. Cuireann an oifig chánach an rogha seo i bhfeidhm go huathoibritheach nuair a chuireann tú iad ar an eolas faoi do phósadh, ach ní chuireann sé sin cosc ort aon cheann de na roghanna a scrúdaíodh cheana a roghnú. Faoin rogha seo, is féidir le céilí creidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a dháileadh eatarthu mar a fheileann dá gcás féin.
Muna bhfuil ioncam ach ag páirtí amháin, tabharfar na creidmheasanna cánach ar fad agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh don pháirtí leis an ioncam.
Má tá ioncam incháinithe ag an mbeirt agaibh, tá an rogha agaibh cinneadh a dhéanamh cé hé an páirtí inmheasta. Ansin iarrann tú ar an oifig chánach na creidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a dháileadh oraibh mar is mian libh. (Níl an creidmheas cánach ÍMAT, costais fhostaíochta agus scoithphointe bunúsach an ráta chaighdeánaigh de €23,800 i 2014 inaistrithe).
Muna bhfaigheann an oifig chánach iarratas uaibh ar bhur gcreidmheasanna cánach a dháileadh ar bhealach ar leith, de ghnáth tabharfaidh an oifig chánach na creidmheasanna cánach go léir (seachas creidmheasanna cánach ÍMAT an pháirtí eile agus creidmeasanna cánach costais) don chéile atá á mheasúnú. Caithfidh an céile atá á m(h)easúnú an tuairisceán ioncaim don lanúin a líonadh agus gearrfar cáin air/uirthi ar chomhioncam na lánúine.
Má tá céile amháin féinfhostaithe, fós féin is féidir cóimheasúnú a chur i bhfeidhm. Is féidir leis an tsolúbthacht a bhaineann leis an rogha seo a bheith an-áisiúil, go háirithe má íocann duine agaibh cáin faoin gcóras ÍMAT agus an duine eile faoin gcóras féinmheasúnaithe. Faoin gcóras cóimheasúnaithe ligtear leat breathnú ar do chúinsí chun an cinneadh a dhéanamh an íocfar an chuid is mó den cháin faoin gcóras ÍMAT nó mar chnapshuim ar mheasúnú. Braitheann sé seo ar an gcaoi ina ndáiltear na creidmheasanna cánach. Má roghnaíonn tú go n-íocfar an chuid is mó den cháin faoin gcóras ÍMAT, ba cheart na creidmheasanna cánach a fhritháireamh i gcoinne an ioncaim fhéinmheasúnaithe, (seachas creidmheas cánach ÍMAT agus costais fhostaíochta).
Déanann an bheirt agaibh an cinneadh cé a bheidh mar chéile inmheasta. Ní chaithfidh sibh aon rud a dhéanamh ach a chur in iúl cé a bheidh mar chéile inmheasta. Tá an fhoirm a chaithfidh sibh a líonadh ar fáil sa bhileog ag deireadh na cáipéise seo agus is féidir í a íoschóipeáil. Go hidéalach, ba cheart daoibh an céile inmheasta a ainmniú roimh dheireadh na bliana cánach (is é sin 1 Eanáir) chun a bheith cinnte go ndáiltear na creidmheasanna cánach cearta agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh ar na céilí araon ó thús na bliana cánach. Muna bhfuil an t-ainmniú déanta agat, is é an céile inmheasta ná an céile inmheasta leis an ioncam is airde sa bhliain dheireanach a bhfuil sonraí ioncam an dá chéile ar fáil di. Fanann an duine seo mar chéile inmheasta go dtí go gcomhchinneann an bheirt agaibh go mbeidh an céile eile mar chéile inmheasta, nó go dtí go roghnaíonn ceachtar agaibh measúnú ar leithligh nó measúnú mar dhuine singil.
Aisíocaíochtaí cánach
De ghnáth roinnfear agus aisíocfar aisíocaíochtaí a éiríonn as athbhreithniú cinn bhliana ar bhonn na cánach a d'íoc gach céile.
Má tá an bheirt agaibh fostaithe eisítear Teastas Creidmheasanna Cánach don bheirt agaibh. Taispeántar na creidmheasanna cánach agus na faoisimh go léir dlite do lánúin phósta nuair atá cóimheasúnú i bhfeidhm ar fhógra an chéile inmheasta - taispeántar an tsuim "dáilte d'fhostaíochtaí eile" chomh maith. Léiríonn an tsuim seo ("dáilte d’fhostaíochtaí eile") na creidmheasanna cánach a dháiltear don chéile eile agus d'fhéadfadh creidmheasanna cánach dáilte d'fhofhostaíocht nó pinsean ceachtar céile a bheith san áireamh.
Rátaí
Is é scoithphointe an ráta chaighdeánaigh do lánúineacha pósta don bhliain 2014 ná €41,800 ag 20%, fuílleach ag 41%, faoi réir ag méadú suas go uasmhéid €23,800 do lánúineacha dé-ioncaim. Tá teorainn ar an méadú don cheann is lú,
- €23,800 do 2014 nó
- Ioncam an chéile leis an ioncam is lú.
Imoibríonn an méadú i scoithphointe an ráta chaighdeánaigh leis an gCreidmheas Cánach do Chúramóir Baile. Má tá an méadú i scoithphointe an ráta chaighdeánaigh níos tairbhí duit, áfach, is féidir leat an méadú i scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a éileamh in áit an Chreidmheasa Cánach do Chúramóir Baile. Sa ghnáthchúrsa, tabharfaidh an oifig chánach duit cibé ceann is tairbhí duit. Is féidir tuilleadh faoi Chreidmheas Cánach do Chúramóir Baile (pdf) a léamh anseo.
Conas iarratas a dhéanamh
Cóimheasúnú: Chun an céile inmheasta a ainmniú nó a athrú caithfidh tú dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh 31 Márta 2014 – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Is féidir leat an Fhoirm Roghnú Chéile Inmheasta (pdf) a chomhlánú freisin agus í do na Coimisinéirí Ioncaim a sheoladh roimh 31 Márta 2014.
Measúnú ar leithligh: Chun iarratas a dhéanamh ar mheasúnú ar leithligh, caithfidh tú dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim sa tréimhse idir 1 Deireadh Fómhair 2013 agus 31 Márta 2014 – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Tá tuilleadh eolais faoi ghearradh cánach ar dhaoine pósta, le samplaí a léiríonn an chaoi a ngearrfar cáin ar ioncam, ar fáil sa bhileog na gCoimisinéirí Ioncaim IT2 Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta.
Tá ceisteanna coitianta faoi ghearradh cánach tar éis pósadh tairgthe ag
na Coimisinéirí Ioncaim
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Bain úsáid as aimsitheoir teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim le huimhir Lóghlao do réigiúin féin a fháil.
Is féidir leat sonraí teagmhála níos mionsonraithe na gCoimisinéirí Ioncaim do do réigiún féin a fháil anseo.
