Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Cáin ioncaim > Cáin ar shochair ón bhfostaíocht

Print Page Send to a Friend

Cáin ar shochair ón bhfostaíocht

Eolas

In Éirinn, gearrtar cáin ioncaim ar fhormhór na sochar ó fhostaíocht a chuirtear ar fáil sa bhreis ar do thuarastal/pá. Seo a leanas achoimre ar na príomhshochair gur féidir le fostaí a fháil agus na rialacha a chuireann na Coimisinéirí Ioncaim i bhfeidhm. (Tá na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn freagrach as cánacha a bhailiú ar son an Rialtais).

Go ginearálta, tá dhá chineál sochar ann go bhféadfadh fostaí a fháil sa bhreis ar a t(h)uarastal/pá:

  • Sochair chomhchineála. Sochair iad seo a fhaigheann an fostaí ach nach féidir a aistriú ar airgead tirim ach a bhfuil luach airgid acu. Mar shampla tá carr comhlachta a sholáthar, iasachtaí tugtha ag ráta speisialta nó lóistín a chur ar fáil.
  • Sochair (seachas sochair chomhchineála). Mar shampla tá dearbháin, saoire, íocaíocht ar bhillí an fhostaí, duaiseanna & rl.

Tobhach Páirceála

Déanann Buiséad 2009 foráil do Thobhach Páirceála i gceantair uirbeacha. Íocfaidh fostaithe An Tobhach Páirceála má tá úsáid saoráid pháirceála acu a sholáthraíonn a bhfostóir go díreach nó go hindíreach. Ní ghearrtar cáin air ar nós sochar eile agus sochar comhchineáil. Méid socraithe atá sa Tobhach Páirceála, is féidir go n-athóidh an méid a íocann tú áfach.

Cosnaíonn an Tobhach Páirceála €200 má bhíonn úsáid leanúnach spáis pháirceála agat. Cosnaíonn an Tobhach Páirceála €100 má bhíonn ort spásanna páirceála a roinnt agus tá ar a laghad a dhá oiread níos mó fostaithe ná spásanna páirceála. Is féidir freisin an tobhach a laghdú chun cúinsí áirithe a ghlacadh san áireamh, mar shampla socruithe postroinnte, saoire mháithreachais (lena n-áirítear 10 seachtaine sula dtosaíonn tú ar do shaoire mháithreachais), saoire uchtála agus sealobair áirithe (mar shampla, má thosaíonn tú nó má chríochnaíonn tú ar obair i ndiaidh 9 i.n nó roimh 7 r.n).

Ní íocann tú an Tobhach Páirceála:

  • Más tiománaí míchumasach thú agus Ceadúnas Páirceála do Thiománaithe Míchumasacha agat nó
  • Má tá cead páirceála agat ar feadh tréimhse nach faide ná 10 lá sa bhliain

Tá tuilleadh eolais i dtreoirnótaí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an Tobhach Páirceála.

Rialacha

Íocann gach fostaí a shaothraíonn sa bhreis ar €1,905 sa bhliain cáin ar luach aon sochair agus sochair chomhchineála.

Déantar cáin a ghearradh ar shochair, seachas ar shochair chomhchineála, díreach ar luach an tsochair. Mar shampla, má chuireann fostóir dearbhán saoire ar fáil duit gur fiú €2,000 é, breathnaítear ar seo mar 2,000 euro ioncam i dtaobh cánach agus gearrtar cáin dá réir.

Tá rialacha éagsúla ag baint le sochair chomhchineála. Go ginearálta, is ionann luach an tsochair chomhchineáil agus an costas a thiteann ar an bhfostóir an sochar sin a sholáthar lúide aon chuid a íocann an fostaí. Baineann rialacha speisialta leis na sochair chomhchineála seo a leanas:

  • Carr
  • Mótarfheithiclí eile
  • Iasachtaí
  • Lóistín a sholáthar

Is féidir le fostaí an méid a mheastar mar shochar comhchineál ar charr a laghdú má dhéanann sé/sí méid áirid mílte taistil ar son cursaí gnó. Is féidir an sochar comhchineál a laghdú tuilleadh má íocann an fostaí cuid den chostas a bhaineann le hárachas, cáin bhóthair agus peitreal. Tá tuilleadh eolais maidir leis na rialacha a bhaineann le sochair chomhchineála agus carranna ar fáil i mBileog na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le Cáin ar Shochair ón bhFostaíocht (pdf).

Sochair nach gá aon cháin a íoc orthu nó gur féidir a fháil gan mórán cánach a íoc

Tá sochair ann gur féidir le fostaí a fháil nach gá aon cháin a íoc orthu nó nach mbeidh mórán cánach i gceist. Ina measc tá:

  • Pasanna bus/traenach a chur ar fáil ar feadh míosa nó níos faide
  • Fearas rothaíochta agus sábháilteachta, tá an chéad €1,000 caite díolmhaithe. Is féidir leat an díolúine a fháil uair amháin gach cúig bliana.
  • Scéimeanna faoi leith scaireanna agus scéimeanna ceadaithe le brabús a roinnt
  • Áiseanna bia
  • Aisíoc ar chostais riachtanacha a thit ar an bhfostaí le linn na fostaíochta
  • Soláthar faoi leith lóistín
  • Íocaíochtaí faoi leith cnapshuime agus iomarcaíochta
  • Éadaí oibre
  • Bronntanais phearsanta nach airgead iad nach mbaineann leis an bhfostaíocht
  • Ranníocaíocht an fhostóra chuig scéimeanna reachtúla pinsin nó scéimeanna ceadaithe ag na coimisinéirí ioncaim.
  • Fóin phóca, trealamh ríomhaireachta agus naisc ardluais idirlín baile a mbaintear leas astu ar mhaithe le húsáid ghnó. (Is cuma má úsáidtear iad go príobháideach freisin).
  • Leas príobháideach a bhaint as veain cuideachta atá curtha ar fáil go bunúsach chun críche obair an fhostaí agus nuair a éilíonn an fostóir go dtabharfaí an veain abhaile agus nuair atá cosc ar úsáid phríobháideach a bhaint as agus nuair a chaitheann an fostaí formhór a c(h)uid ama oibre lasmuigh den ionad oibre sin a bhfuil baint aige nó aici leis.

Is féidir cur leis an liosta seo agus baineann coinníollacha agus/nó teorainn le díolúintí agus mar sin ba cheart do chás a dheimhniú leis na Coimisinéirí Ioncaim roimh ré.

Iasachtaí fabhracha le haghaidh tí

Is éard is brí le ‘hiasacht fabhrach‘ ná iasacht a thugann d’fhostóir duit nó do do chéile, agus nach bhfuil aon ús le híoc air, nó má tá, go bhfuil sé le híoc ar ráta níos ísle ná an ‘ráta sainithe’. Má tá iasacht fabhrach ag fostaí gearrtar cáin ioncam ar an difríocht idir an t-ús a íocann sé nó sí agus an méid a bheadh le híoc ar na rátaí úis 'sainithe’ do na hiasachtaí. Is iad seo a leanas na rátaí sainithe:

Ó 1 Eanáir 2011:

  • Iasacht le haghaidh tí (príomháit chónaithe): 5%
  • Iasachtaí eile: 12.5%

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi iasachtaí fabhracha mar shochar comhchineáil ó fhostóirí féach bileog IT20a ÍMAT/ÁSPC faoi Shochair ó Fhostaíocht (pdf).

Sochair bheaga

Má chuireann d’fhostóir sochar ar fáil duit nach fiú níos mó ná €250 é ní gá ÍMAT nó ÁSPC a íoc ar an sochar sin. Ní chaithfear mar seo ach le sochar amháin den chineál seo a fhaigheann tú in aon bhliain chánach. Más fiú níos mó ná €250 luach an tsochair caithfear ÍMAT agus ÁSPC a íoc ar an iomlán.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Na Coimisinéirí Ioncaim

Caisleán Bhaile Átha Cliath
Bhaile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 6475000
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Creidmheasanna agus faoisimh chánach fostaíochta
    Tá roinnt creidmheasanna agus faoisimh chánach ar fáil dóibh siud atá fostaithe in Éirinn. An bhfuil tú ag éileamh do chreidmheasanna cánach go léir agus conas a mheastar míreanna cosúil le sochar comhchineáil le haghaidh cúrsaí cánach?
  • Ticéid taistealaí ar chórais iompair phoiblí agus cáin
    Tugann an Scéim Ticéid Taistealaí TaxSaver deis do fhostaithe leas a bhaint as íocaíochtaí laghdaithe cánach agus ÁSPC agus do fhostóirí íocaíochtaí laghdaithe ÁSPC a dhéanamh.
  • Budget 2009
    Budget 2009 was announced on 14 October 2008. Summary of the main changes.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.