Is féidir leat aisíoc a fháil ar cháin atá íoctha agat cheana féin
má bhí tú fostaithe agus tú dífhostaithe anois. Féadtar go mbeadh aisíoc
cánach ag dul duit má tá tú as obair mar gheall ar thinneas. Is féidir
leat cáin a fháil ar ais má tá tú fós fostaithe agus níos mó cánach
íoctha agat ná mar a bhí tú faoi dhliteanas ina leith.
Is féidir cáin a fháil ar ais freisin trí fhaoiseamh cánach i leith
seirbhísí nó táirgí a cheannaigh tú Is féidir cuid de chostas
seirbhísí agus táirgí áirithe a fháil ar ais ón gcáin atá íoctha agat
cheana féin leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar shampla, faoiseamh
cánach i leith cúramóir a fhostú agus faoiseamh
cánach ar tháillí oideachais tríú leibhéal. Brathannn an méid
faoisimh a fhaigheann tú ar mhéid na cánach atá íoctha agat.
Ní bhaineann an cháipéis seo le cáin a fháil ar ais trí fhoirmeacha
éagsúla d'fhaoiseamh cánach. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil
faoi chreidmheasanna
agus faoiseamh cánach.
Míníonn an doiciméad seo conas aisíoc cánach a fháil má bhí tú ag
obair agus tú dífhostaithe anois, má tá Sochar
Breoiteachta nó Sochar
Díobhála Ceirde gearrthéarmach á fháil agat, nó má tá tú
dífhostaithe fós ach go gceapann tú gur íoc tú níos mó cánach ná mar a
bhí tú faoi dhliteanas ina leith.
Tá cúiseanna éagsúla ann le go mbéifeá faoi dhliteanas anois níos lú cánach a íoc ná mar a cheap tú roimhe seo agus go mbeadh aisíoc dlite duit. Féadtar go ndéantar do dhliteanas cánach a laghdú mar go bhfuil tú ar saoire bhreoiteachta gan pá nó go bhfuil tú dífhostaithe anois.
Maidir le hoibrithe ÍMAT roinntear do dhliteanas cánach go cothrom i rith na bliana. Le cinntiú go mbaintear seo amach, déantar do dhliteanas cánach a ríomh de ghnáth ar bhonn carnach. Tugtar aon chreidmheasanna cánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh, nach n-úsáidtear i dtréimhse pá, ar aghaidh chuig an chéad thréimhse pá eile sa bhliain chánach sin.
Ciallaíonn sé seo nuair a dhéanann fostaitheoir do dhliteanas cánach a ríomh, déanann sé nó sí an cháin iomlán a ríomh atá dlite ó 1 Eanáir go dtí an dáta ar a n-íoctar do phá is déanaí. Ciallaíonn sé seo má dhéantar d'ioncam a laghdú, mar shampla, trí thinneas nó trí dhífhostaíocht, go bhféadtar go mbeadh aisíoc cánach dlite duit.
Gheobhfá aisíoc cánach freisin mura ndearna d'fhostaitheoir do dhliteanas cánach a ríomh i gceart agus má rinne tú cáin a ró-íocadh.
Féadtar go n-íocfar aisíoc cánach má cheannaigh tú táirgí nó seirbhísí dá bhfuil tú in ann faoiseamh cánach a éileamh.
Má bhaineadh cáin as do phá ón 1 Eanáir deireanach agus má tá tú dífhostaithe anois féadtar go mbéifeá i dteideal aisíoc cánach a fháil. Murar íoc tú aon cháin, ní bheidh aisíoc dlite duit.
Is foinsí ioncaim inchánach iad Sochar Cuardaitheora Poist (SCP), Sochar Breoiteachta (SB), agus Sochar Díobhála Ceirde (SDC). Níl an chéad €13 in aghaidh na seachtaine de Shochar Cuardaitheora Poist agus cion an SCP don mhéadú do Leanbh Cleithiúnach inchánach, áfach. Níl an chéad 6 sheachtain de Shochar Breoiteachta agus cion an SDC do Leanbh Cleithiúnach inchánach.
Má tá Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, nó Sochar Díobhála Ceirde á fháil agat, agus má dhéanann tú éileamh ar aisíoc cánach, déantar cion inchánach do SCP, SB nó SDC a shuimiú le dearbhú an bhfuil tú i dteideal aisíoc cánach a fháil. Cliceáil anseo chun sampla a fheiceáil den chaoi ina ndéantar d'aisíoc cánach a ríomh má tá tú dífhostaithe nó as obair ar shaoire bhreoiteachta.
Má cheapann tú nach ndearna d'fhostaitheoir do dhliteanas cánach a ríomh i gceart caithfidh tú do P60 agus sonraí i scríbhinn faoi d'éileamh a chur isteach. Má tá do chéile ag obair caithfidh tú a P60 a chur isteach freisin. Tugann d'fhostaitheoir P60 duit ag deireadh gach bliana.
Brathfaidh méid an aisíoca cánach ar:
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh 4 sheachtain ón dáta ar a dtáinig tú chun bheith dífhostaithe, ach má bhí cáin éigeandála á baint ag d'iarfhostaitheoir ba chóir duit iarratas a dhéanamh gan mhoill.
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh 8 seachtain ón dáta ar a dtáinig tú chun bheith dífhostaithe, má tá ioncam eile á fháil agat atá inchánach, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh inchánach san áireamh seo.
Iarratas ar aisíoc cánach mar go bhfuil tú dífhostaithe nó as obair ar shaoire bhreoiteachta, caithfear é a dhéanamh ar Fhoirm aisíoca cánach P50 agus é a sheoladh chuig d'oifig cánach áitiúil in éineacht le Codanna 2 agus 3 de do P45.
Nuair a fhilleann tú ar an obair ó shaoire bhreoiteachta gan íocaíocht, ba chóir duit fógra a thabhairt d’Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ar mhéid an tSochair Breoiteachta a íocadh le linn do bhreoiteachta. Eiseoidh na Coimisinéirí an Deimhniú Creidmheasa Cánach ceart chugat. Gheobhaidh d’fhostóir cóip freisin (na hiomláin amháin léirithe) agus aisíocfar cáin ar bith a bheidh dlite duit nuair a fhilleann tú ar an obair.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.