Tarlaíonn ró-íocaíocht cánach nuair a bhíonn níos mó cánach íoctha agat ná a bhí dlite. Má bhíonn ró-íocaíocht cánach déanta agat, gheobhaidh tú aisíoc cánach. Ní mór duit aisíoc cánach a éileamh taobh istigh de 4 bliana den ró-íocaíocht nó ní aisíocfar tú.
Tarlaíonn gearríocaíocht cánach nuair a bhíonn níos lú cánach íoctha agat ná a bhí dlite. Mura bhfuil dóthain cánach íoctha agat beidh an difir idir an méid a d’íoc tú agus an méid ba chóir a bheith íoctha agat ag dul do na Coimisinéirí Ioncaim. B’fhéidir nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil dóthain cánach íoctha agat, ach tá tú fós freagrach as na Coimisinéirí Ioncaim a íoc má tharlaíonn gearríocaíocht cánach.
Más cáiníocóir ÍMAT tú, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teastas creidmheasanna cánach chugat gach bliain. Léireoidh sé seo na creidmheasanna cánach atá d’fhostóir ag asbhaint ó do bhille cánach. Má fhaigheann tú amach i rith na bliana nach bhfuil do chuid creidmheasanna cánach cruinn, ba chóir duit dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim agus íocfaidh d’fhostóir aon aisíoc leat. Tá sé tábhachtach freisin seiceáil nach bhfuil tú ag éileamh creidmheasanna cánach nach bhfuil tú i dteideal a fháil, mar go mbeadh gearríocaíocht cánach mar thoradh air seo.
Is féidir leat ráiteas comhardaithe P21 a iarraidh ag deireadh na bliana chun a fháil amach an bhfuil cáin le n-íoc agat leis na Coimisinéirí Ioncaim nó an bhfuil aisíoc cánach ag dul duit.
Nuair a bheidh an bhliain thart, is féidir leat P21 a iarraidh. Seo athbhreithniú deireadh na bliana ar do dhliteanas cánach. Is féidir leat P21 a fháil don 4 bliana seo caite mar sin chomh fada siar is féidir leat aisíoc a éileamh ar cháin ró-íoctha. Tugann ráiteas P21 sonraí ded’ ioncam iomlán, creidmheasanna cánach, faoiseamh cánach agus cáin ÍMAT íoctha i gcomhair bliain amháin. Is féidir leat P21 a iarraidh ar líne má chláraigh tú le seirbhís ar líne aon tráth aon lá ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim.
Chun P21 a fháil, ní mór duit iad seo a leanas a sheoladh chuig an oifig cánach dod’ dhúiche:
D’fhéadfadh sé go mbeadh ort Foirm 12(pdf) a chomhlánú agus a sheoladh ar ais, ach ní gá é seo a dhéanamh ach amháin má iarrann na Coimisinéirí Ioncaim ort é. Is foirm tuairisceáin cánach mionsonraithe atá i bhFoirm 12.
Is minic a úsáidtear P21 mar chruthúnas ar thuillimh chun deontas
oideachais a fháil ón údarás áitiúil, morgáiste tí nó iasacht a
fháil.
D’fhéadfadh sé go bhfuil ró-íocaíocht cánach déanta agat má tá tú dífhostaithe nó ar saoire bhreoiteachta. Faigh amach tuilleadh faoi aisíoc cánach a éileamh má tá tú dífhostaithe nó ar saoire bhreoiteachta. D’fhéadfadh sé go bhfuil ró-íocaíocht cánach déanta agat má tá do chreidmheasanna cánach mícheart nó mura bhfuil faoiseamh cánach éilithe agat do chostais áirithe. Faigh amach tuilleadh faoi na creidmheasanna agus faoiseamh cánach a d’fhéadfá a bheith i dteideal a éileamh.
Má tá ró-íocaíocht cánach déanta agat, beidh seic don mhéid a bhí
ró-íoctha ceangailte le do P21. Má sheol tú isteach Foirm 12 mar chuid
ded’ athbhreithniú deireadh bliana is féidir leat do shonraí cuntais bainc
a chur ar fáil freisin agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc ar an
ró-íocaíocht chuig do chuntas bainc.
Fanfaidh gearríocaíocht ar do thaifead cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim go dtí go mbeidh sé íoctha. Léireoidh do P21 nó d’athbhreithniú ag deireadh na bliana má tá gearríocaíocht cánach déanta agat. Cuirfidh sé in iúl duit freisin conas a bhaileofar an gearríocaíocht. Go hiondúil, ní íocfaidh tú airgead díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Is é an bealach is furasta do na Coimisinéirí Ioncaim an gearríocaíocht a bhailiú ná do chreidmheasanna cánach a laghdú don bhliain dar gcionn.
Mar shampla, má fhaigheann tú creidmheas cánach pearsanta de €1,650 agus creidmheas cánach ÍMAT de €1,650 is é do chreidmheas cánach iomlán i gcomhair 2011 ná €3,300. Má rinne tú gearríocaíocht cánach de €90 in 2011, laghdófar do chreidmheas cánach iomlán in 2011 de €90. (€3,300 - €90 = €3,210) Sa chás seo, athrófar do chreidmheas cánach iomlán i gcomhair 2011 go dtí €3,210.
Is féidir gearríocaíocht a asbhaint ó aon fhaoiseamh cánach atá dlite duit freisin. Mar shampla, má tá gearríocaíocht cánach de €100 déanta agat ach go bhfuil faoiseamh cánach de €400 dlite duit ar chostais leighis, asbhainfear an gearríocaíocht de €100 ón ró-íocaíocht de €400 agus gheobhaidh tú aisíoc de €300.
Má tá gearríocaíocht mór agat nach féidir a aisíoc go furasta trí do chreidmheasanna cánach a laghdú an bhliain dar gcionn, is féidir leat socrú a dhéanamh chun é a aisíoc díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim le seic, dréacht baincéara nó ordú poist. Is féidir leat an méid iomlán a íoc in íocaíocht amháin nó ina ghálaí. Beidh ort dul i dteagmháil le d’oifig cánach áitiúil faoi aisíoc a dhéanamh ar an ngearríocaíocht.
Is féidir le cáin gan íoc atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim ús
agus pionóis a thabhú. Má dhiúltaíonn tú cáin atá dlite a aisíoc, is
féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim tú a thabhairt chun na cúirte.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.