Anseo atá tú: Baile > Airgead agus Cáin > Cáin > Cáin ioncaim > Seirbhísí ar líne do cháiníocóirí ÍMAT

Print Page Send to a Friend

Seirbhísí ar líne do cháiníocóirí ÍMAT

Eolas

Más cáiníocóir ÍMAT thú, is é sin má bhíonn do cháin á baint as d’ioncam ag d’fhostaitheoir, is féidir leat an tseirbhís ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar fáil a úsáid.

Nuair atá tú cláraithe, is féidir leat:

  • Féachaint ar do thaifead cánach
  • Réimse leathan creidmheasanna cánach a éileamh
  • Cur isteach ar aisíocaíochtaí cánach lena n-áirítear costais shláinte
  • Breis ioncaim a dhearbhú
  • Athbhreithniú ar dhliteanas cánach do bhlianta eile a iarraidh
  • Creidmheasanna a ath-leithdháileadh idir tú féin is do chéile
  • Do chuid comhfhreagrais chuig na Coimisinéirí Ioncaim a leanúint

Tá ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar fáil freisin do chustaiméirí nach dteastaíonn uathu ach rochtain a fháil ar a gcuid sonraí cánach. Níl sé mar riachtanas de chuid ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá gur gá duit idirbhearta a chur isteach go leictreonach má chláraíonn tú leis

Ní gá éilimh ar pháipéar a chur isteach nuair a chuirtear idirbheart isteach le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, cé go mbíonn ort admhálacha a choinneáil ar feadh 6 bliana toisc gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim iarraidh amharc orthu ina dhiaidh sin.

Nuair a chuirtear idirbheart isteach le ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá, déanfar é a admháil ar an bpointe agus cuirfear taifead buan ar an idirbheart i Stair d’Iarrataí.

Ní féidir d’fhaisnéis teagmhála a athrú trí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá. Ní mór dul i dteagmháil leis an oifig cánach áitiúil chun do sheoladh a athrú.

Tá ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá ar fáil don bhliain reatha agus do na 4 bliana roimhe sin.

Má dhéanann tú athruithe a théann i bhfeidhm ar do Fógra de chinneadh creidmheasanna agus faoisimh chánach, cuirfidh Ioncam Intíre leagan nuashonraithe chugat.

Is féidir leat Ceisteanna Coitianta faoi ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá a léamh ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit clárú ar líne chun rochtain a fháil ar an tseirbhís ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá.

Nuair a chláraíonn tú seolfar UAP (Uimhir Aitheantais Phearsanta) chugat taobh istigh de 5 lá oibre.

Teastóidh d’Uimhir Aitheantais Phearsanta uait chun rochtain a fháil ar do sheirbhís ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá .

Teagmháil

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí ÍMAT Ar Líne déan teagmháil le seirbhís chúnaimh do sheirbhísí ÍMAT Aon Tráth, Aon Lá .

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 March 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ró-íocaíochtaí agus gearríocaíochtaí cánach ÍMAT
    Míníonn an doiciméad seo conas is féidir leat a fháil amach an bhfuil tú tar éis ró-íocaíocht nó gearríocaíocht cánach a dhéanamh. Míníonn sé freisin conas aisíoc cánach a fháil nó cáin atá le n-íoc agat a íoc.
  • An córas le cáin a mheas
    Cur síos ar an gcóras nua creidhmheasanna cánacha.
  • Creidmheasanna agus faoisimh chánach fostaíochta
    Tá roinnt creidmheasanna agus faoisimh chánach ar fáil dóibh siud atá fostaithe in Éirinn. An bhfuil tú ag éileamh do chreidmheasanna cánach go léir agus conas a mheastar míreanna cosúil le sochar comhchineáil le haghaidh cúrsaí cánach?

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.